Céard a bhí le foghlaim ó chluichí na deireadh seachtaine seo?

Sháraigh imreoirí óga Phort Láirge dúshlán eile in aghaidh Chorcaí, bua stairiúil Laois agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó dheireadh seachtaine suimiúil CLG

Maurice Shanahan ag ceiliúradh a chúl i gcoinne Chorcaí an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Maurice Shanahan ag ceiliúradh a chúil i gcoinne Chorcaí an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Buntáistí agus míbhuntáistí na hóigeag Port Láirge

Agus 22 nóiméad imeartha i nDurlas inné, bhí Corcaigh ceithre phointe chun cinn, 0-6 in aghaidh 0-2, agus ba chosúil go raibh an brú ag fáil an ceann is fearr ar fhir óga Phort Láirge. Tá 14 imreoir faoi cheannas Derek McGrath atá fós ag iomáint le foireann faoi-21 an chontae agus bhí an chuma ar an scéal go raibh an easpa taithí sin ag cur as dóibh ag tús na coimhlinte ar an Domhnach. Chuir siad cúig iarracht amú taobh istigh den chéad deich nóiméad agus dá mbeadh aon mhaith le Corcaigh, bheadh siad imithe níos faide chun cinn sa tréimhse sin.

D’athraigh cúl Maurice Shanahan an cluiche go luath ina dhiaidh sin agus b’iad Port Láirge a bhí in uachtar as sin go deireadh . Toisc an stíl atá ag Port Láirge gan ach beirt a fhágáil sna tosaithe, tá thar a bheith tábhachtach go mbeadh na himreoirí eile sásta obair na gcapall a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Bhí an aclaíocht bhreise sin a bhí ag imreoirí Phort Láirge le feiceáil i rith an chluiche agus iad ag rith ó cheann ceann na páirce ar feadh  70 nóiméad. Ar deireadh, ba é an fuinneamh agus an díograis sin a bhuaigh an cluiche dóibh.

Iománaí na Gaillimhe, Cathal Mannion, a d'aimsigh 3-3 sa chluiche inné. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Iománaí na Gaillimhe, Cathal Mannion, a d’aimsigh 3-3 sa chluiche inné. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

An chéad bhua suntasach ag Gaillimh ó 2012

Scór mór é 5-15 fiú d’aon fhoireann ach d’aimsigh líne lán tosach na Gaillimhe – Cathal Mannion (3-3), Joe Canning (2-3) agus Jason Flynn (0-9) an méid céanna eatarthu sa bhua in aghaidh Bhaile Átha Cliath ar an Domhnach. Rinne Mannion go mór mór scrios sa chéad leath, tráth a bhfuair sé trí chúl taobh istigh den chéad deich nóiméad.

a fhios ag an saol nár fhoghlaimíomar mórán faoi Ghaillimh ach má thugtar arís an méid sin spáis dóibh agus a thug fir Ger Cunningham dóibh i bPáirc Uí Chonchúir, tabharfaidh siad greadadh d’aon fhoireann. B’iad Laois an t-aon chontae a bhí buailte ag Gaillimh sa chraobh le dhá bhliain anuas agus níl mórán déanta sa tsraith acu san achar céanna, ach tabharfaidh an bua seo muinín dóibh agus iad ar thóir Craobh Laighean a bhuachan.

Zane Keenan agus bainisteoir Laois, Séasmus Plunkett' tar éis an chluiche i gcoinne Uíbh Fhailí. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton
Zane Keenan agus bainisteoir Laoise, Séasmus Plunkett tar éis an chluiche i gcoinne Uíbh Fhailí. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Iománaithe Laois ag dul sa treo cheart i gcomparáid le hUíbh Fhailí

Ag caint ar Laois, bhí bua stairiúil acu ar an Domhnach, críoch mhaith  ar choicís achrannach sa chontae. Níl sé ach cúpla seachtain ó d’éirigh Séamus Plunkett as a phost mar bhainisteoir ach mealladh ar ais ‘Cheddar’, mar is fearr aithne air, agus bhuail a fhoireann Uíbh Fhailí sa chraobh an deireadh seachtaine seo den chéad uair le os cionn daichead bliain.

Léiríonn an bua seo an dul chun cinn atá á dhéanamh sa chontae le cúpla bliain anuas. Is ar éigean a bhuail Gaillimh iad i 2013 agus 2014 agus sa chraobh mionúr, tá an ceann is fearr faighte ag Laois ar Uíbh Fhailí gach bliain le ceithre bliana anuas.

Ar an lámh eile, taispeánann an toradh cé chomh fada siar is atá Uíbh Fhailí tithe. Cé gur chaill siad le 26 pointe in aghaidh Chill Chainnigh sa chraobh anuraidh, gach seans go mbeidh níos mó díomá ar lucht tacaíochta an chontae tar éis an chailliúint seo, go háirithe agus a dhóchasaí is a bhí an bainisteoir, Brian Whelehan, roimh an gcluiche.

Eoin Bradley (Doire) ag éalú ó Kevin McKernan (An Dún) i gcluiche Chraobh Uladh idir na foirne. Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Eoin Bradley (Doire) ag éalú ó Kevin McKernan (An Dún) i gcluiche Chraobh Uladh idir na foirne. Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Tábhacht Bradley  do thosaithe Dhoire

An bhliain seo caite dúirt bainisteoir Dhoire, Brian McIver, le Eoin Bradley go gcaithfeadh an tosach cinneadh a dhéanamh. Ní raibh McIver sásta go raibh Bradley  ag imirt sacair le Glenavon chomh maith le bheith ag traenáil le foireann an chontae agus dúirt sé leis ceann den dá chluiche a roghnú.

Faroar do McIver, chaith Bradley san aer an pheil agus cé gur shroich Doire cluiche ceannais na sraithe, chlis go hiomlán orthu sa chraobh. Is léir gur tháinig athrú intinne ar McIver dá éis sin mar tá Bradley ar ais ar fhoireann Dhoire cé go bhfuil sé fós ag imirt sacair. Thaispeáin an tosach an mianach atá ann inné agus cúig phointe aimsithe aige sa chluiche in aghaidh an Dúin, an chéad bhua i gCraobh Uladh ag Doire ó 2011. Níl foireann McIver gan locht ach le tosaithe ar nós Bradley agus Mark Lynch, a d’aimsigh 0-5 chomh maith, tá a ndóthain acu chun buachan gan a bheith ag imirt rómhaith.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó chluichí na deireadh seachtaine seo?'