Ceapacháin an Taoisigh chun an 27ú Seanad fógartha

Tá seachtar ban, beirt Ghaeilgeoirí ina measc, ainmnithe ag an Taoiseach Micheál Martin

Ceapacháin an Taoisigh chun an 27ú Seanad fógartha

Tá a chuid ceapachán don Seanad ainmnithe ag an Taoiseach agus an craoltóir aitheanta Evanne Ní Chuilinn ina measc. 

D’fhógair Micheál Martin an t-aon ainmniúchán déag tráthnóna agus seisear díobh ó Fhianna Fáil agus cúigear ó Fhine Gael. 

Rinneadh cáineadh ar an Taoiseach agus ar an Tánaiste Simon Harris nuair a fógraíodh an rialtas nua toisc nach raibh ach triúr ban ainmnithe i measc an 15 aire sinsearach. Mná iad seisear den 23 aire sóisearach chomh maith. 

Seachtar ban a bhí i measc cheapacháin an Taoisigh chun an 27ú Seanad tráthnóna – Ní Chuilinn (FG) ina measc agus í roghnaithe ag Simon Harris.

Evanne Ní Chuilinn

Is iad na mná eile a ceapadh ná an t-iar-aire Anne Rabbitte (FF); Lorraine Clifford-Lee (FF), a bhí ina seandóir roimhe seo;  Dee Ryan (FF); an t-iriseoir Alison Comyn (FF); an comhairleoir Imelda Goldsboro (FF) ó Thiobraid Árann agus Nikki Bradley (FG), a bhí ina ball den Seanad deireanach.

Is iad an t-iarTheachta Dála Joe Flaherty (FF); an comhairleoir Manus Boyle (FG) ó Dhún na nGall; Noel O’Donovan, comhairleoir contae ó Chorcaigh, agus an comhairleoir Gareth Scahill (FG) ó Ros Comáin na hainmniúchán eile atá déanta.

Gaeilgeoirí iad Evanne Ní Chuilinn, a chaith breis is 20 bliain ag obair ar chúrsaí spóirt le RTÉ roimhe seo, agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee. 

Tá seachtar cainteoirí Gaeilge tofa chun an tSeanaid cheana féin, Seán Kyne (FG), Shane Curley (FF), Laura Harmon (Páirtí an Lucht Oibre), Joe O’Reilly (FG), Ronan Mullen (Neamhspleách), Michael McDowell (Nspl) agus Joe Conway (Nspl). 

Rinne roinnt de na Seanadóirí eile a toghadh na ranganna Gaeilge a cuireadh ar fáil i dTithe an Oireachtais le linn an téarma dheireanaigh – Fiona O’Loughlin, Mark Daly, Mary Fitzpatrick agus Gerard Craughwell. 

Bhí seachtar cainteoirí Gaeilge sa 26ú Seanad. 

Fág freagra ar 'Ceapacháin an Taoisigh chun an 27ú Seanad fógartha'