Ceannródaí i saol iriseoireachta Ghaeilge na hAlban ar lár

Bhí Màrtainn Dòmhnallach, a fuair bás le déanaí in Inbhir Nis in aois a 78 bliain, ar an chéad iriseoir Gaeilge go raibh aithne ag pobal Gaeilge na hAlban air

Martainn DomhnallachBa cheannródaí i saol iriseoireachta  Ghaeilge na hAlban é Màrtainn Dòmhnallach, a fuair bás le déanaí in Inbhir Nis in aois a 78 bliain.

Ba é Màrtainn Dòmhnallach a leag síos go leor den stór focal do iriseoirí agus b’eisean, leis, a cheap múnlaí nua do chláracha sa teanga.

Chuaigh sé amach i measc na ndaoine agus bhí sé ar an chéad iriseoir Gaeilge go raibh aithne ag pobal Gaeilge na hAlban air.

Bhí sé ar dhuine den fhoireann a chuir amach Bonn Còmhraidh, an chéad chlár cúrsaí reatha teilifíse sa teanga, clár a rinne iniúchadh ar cheisteanna an lae i

nGàidhealtachd agus ar oileáin na hAlban. I measc na gceisteanna a scrúdaigh an clár, bhí fás na gcomharchumann agus meath na mbóithre iarainn. Rinne an Dòmhnallach an clár cúrsaí reatha raidió Sùil chomh maith.

Bhí an-tuiscint aige ar stair na hAlban freisin, go háirithe stair an phobail Ghaelaigh, agus rinne sé cláracha faisnéise faoi chúrsaí staire.

Chuaigh sé chun oibre leis an BBC i lár na seascaidí. Martin MacDonald a thugtaí air le linn na seala a thug sé sna seachtóidí mar chomhfhreagraí Albanach ag BBC i Westminster. Chaith sé, leis, seal ina bhainisteoir ar BBC Inbhear Nis ach d’éirigh sé as cúram na bainistíochta mar b’fhearr leis riamh a bheith ag déanamh cláracha.

Ba ‘Sgiathanach gu bhrògan’ é. Rugadh in Achadh a’ Choirce ar an Eilean Sgitheanach é. D’fhreastail sé ar an Ollscoil i nDún Éideann. D’fhill sé ar an mbaile agus thosaigh sé ag plé cúrsaí iriseoireachta mar chomhfhreagraí áitiúil ag an Oban Times agus Inverness Courier.

Bhí sé ag saothrú leis go deireadh a shaoil, beagnach. Bhí colún Gaeilge aige ar an Press and Journal in Obar Dheathain, agus ar an West Highland Free Press. Dhéanadh sé an clár Ceud Bliadhna ar BBC Radio na nGàidheal, clár a dhírigh go háirithe ar an leatrom a rinne tiarnaí talún ar na Gaeil.

Fág freagra ar 'Ceannródaí i saol iriseoireachta Ghaeilge na hAlban ar lár'