Ceannaire láidir nua ag teastáil chun dúshlán Trump a thabhairt

Tá an ghráin ag lucht tacaíochta na nDaonlathach ar Donald Trump ach is léir go bhfeictear do chuid mhór acu go bhfuil fadhbanna ag baint lena bpáirtí féin chomh maith

Ceannaire láidir nua ag teastáil chun dúshlán Trump a thabhairt

Baineadh croitheadh as an bPáirtí Daonlathach sna Stáit Aontaithe nuair a buaileadh Joe Crowley le gairid i réamhthoghchán i Nua-Eabhrac. Bhí an feisire comhdhála Gael-Mheiriceánach ina measc siúd a bhí luaite ag leithéidí an tráchtaire aitheanta Niall O’Dowd ar dhuine de na daoine a ghlacfadh ceannas ar na bpáirtí tar éis na dtoghchán lár téarma faoi Shamhain seo chugainn.

Tá an páirtí in ísle bhrí ó fuair Donald Trump an ceann is fearr ar Hillary Clinton sa toghchán uachtaránachta dhá bhliain ó shin. Dar le daoine áirithe sa pháirtí is é an rud a theastaíonn ná duine nua le teacht i gcomharbacht ar Nancy Pelosi mar cheann feadhna orthu i dTithe na Comhdhála. Cheap go leor acu go mbeadh Joe Crowley as Nua-Eabhrac thar barr sa ról sin.

Tá sé ina ionadaí comhdhála ó 1999 agus ina chathaoirleach ar an bpáirtí ó 2017.

Is léir anois nach raibh muintir an Bronx ar aon intinn leo.

Ní chreidfeá ach an t-iontas a bhí ar iriseoirí, polaiteoirí agus tráchtairí araon nuair a bhuaigh Alexandria Ocasio-Cortez an réamhthoghchán don suíochán sin. Tugann bua na mná ocht mbliana fichead seo roinnt leidí dúinn faoi staid an pháirtí Dhaonlathaigh. Daonlathach Sóisialach a thugann Ocasia-Cortez uirthi féin. Bhí sí gníomhach i bhfeachtas uachtaránachta Bernie Sanders dhá bhliain ó shin agus is de bhunadh Mheiriceá Láir í.

Tá roinnt adhmaid le baint as seo ar fad.

Bíonn nimh ag baint leis an bhfocal ‘sóisialach’ i bpolaitíocht na Stát Aontaithe ach is léir go bhfuil sciar den phobal den tuairim go dteastaíonn gluaiseacht den chineál sin. Ar ndóigh, níor mhór a rá gur mór atá idir an tuiscint a bhíonn ag daoine i Meiriceá ar an sóisialachas agus an tuiscint atá air san Eoraip. Tá an páirtí Daonlathach ag mealladh go leor vótaí ón bpobal Spáinneach ainneoin iad a bheith níos scaoilte faoi cheisteanna morálta. Tá brú níos mó orthu dá réir ceisteanna cosúil le ceist na himirce a réiteach. Tá an páirtí á fhágáil ina ndiaidh ag Gael-Mheiriceánaigh de réir mar atá siad ag éirí níos rachmasaí.

Cá bhfuil a dtriall mar sin? Tá sé á thuairisciú le roinnt seachtainí anois go bhfuil Barack Obama – ceannaire neamhoifigiúil an pháirtí – tugtha isteach le hagallaimh a chur ar roinnt iarrthóirí don uachtaránacht. Cé nach mbeidh toghchán ann go dtí 2020 cuirfear tús de facto ar an 7 Samhain seo chugainn. Ag ócáid chruinnithe airgid in California le déanaí, dúirt Obama leis an bpáirtí éirí as an olagón faoi Trump agus dul i mbun oibre. Tá súil ag na Daonlathaigh 23 suíochán breise a thabhairt leo i mí na Samhna agus seilbh a ghlacadh ar Theach na nIonadaithe.

Tá go leor tráchtairí den tuairim nár mhór ceann feadhna an pháirtí i dTeach na nIonadaithe a athrú le borradh nua a chur fúthu. Bhí Joe Crowley á réiteach féin go ciúin le scaitheamh anois le dúshlán Nancy Pelosi a thabhairt. Comhartha sóirt toradh na toghcháin i Nua-Eabhrac a d’fhág Crowley ar an bhfán gur mian leis an lucht vótála athrú a fheiceáil ar an lucht ceannais an pháirtí chomh maith le hathruithe eile a bheadh níos radacaí b’fhéidir ná mar a shamhlaigh éinne.

Tá go leor sa bpáirtí ag stocaireacht go ciúin féachaint cé mhéad tacaíochta a bheadh acu dá dtabharfaidís dúshlán Pelosi.

Braithfidh go leor ar na torthaí ar an 6 Samhain.

Má bhíonn bua mór ag na Daonlathaigh beidh sé deacair Pelosi a chur de dhroim seoil agus i bhfírinne is é an dúshlán is mó atá roimh an bpáirtí anois ná aontú ar iarrthóir nua láidir fuinniúil a bheidh in ann dúshlán Donald Trump a thabhairt i mí na Samhna 2020.

Fág freagra ar 'Ceannaire láidir nua ag teastáil chun dúshlán Trump a thabhairt'

  • Eoin Ó Murchú

    Togha iriseoireachta, a Mháirín. An-chuid ábhar machtnaimh sa bpíosa seo, agus an-chuid den fhírinne.