Ceannaire buan le ceapadh in RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis fanacht bliain go leith

Tá Gearóid Mac Donncha ina Cheannaire Gníomhach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó d’éirigh Edel Ní Chuireáin as an gcúram sin i mí Márta 2017

Ceannaire buan le ceapadh in RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis fanacht bliain go leith

Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings

Fógrófar post an cheannaire i Raidió na Gaeltachta “faoi cheann coicíse” agus an stáisiún Gaeilge ag feidhmiú le breis is bliain go leith anuas gan aon cheannaire buan air. 

Tá Gearóid Mac Donncha ina Cheannaire Gníomhach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó d’éirigh Edel Ní Chuireáin as an gcúram sin i mí Márta 2017.

Tugadh le fios ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus nOileán inné go bhfuiltear réidh anois le post an cheannaire a fhógairt.

Nuair a d’éirigh Edel Ní Chuireáin as post an cheannaire breis is bliain go leith ó shin, dúradh go raibh sé i gceist an folúntas a líonadh nuair a bheadh athbhreithniú déanta ag RTÉ ar struchtúr bainistíochta an stáisiúin Ghaeltachta.

Ceannaire Gníomhach Gearóid Mac Donncha

Dúirt Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings inné gur shocraigh RTÉ gan an post a fhógairt nó go mbeifí ar an eolas faoi na struchtúir nua atá le cur i bhfeidhm in RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dúirt Jennings go raibh folúntais shinsearacha eile in RTÉ atá gan líonadh le fada chomh maith.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an t-athbhreithniú sin críochnaithe le go maith os cionn leathbhliana ach gurbh amhlaidh nach raibh sé faofa ag lucht na hardbhainistíochta in RTÉ. 

Meastar go moltar san athbhreithniú deireadh a chur le post an leascheannaire sa stáisiún agus post bainistíochta eile, a bheadh dírithe níos mó ar bhainistiú acmhainní agus daoine, a chur ina áit.

Fág freagra ar 'Ceannaire buan le ceapadh in RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis fanacht bliain go leith'

  • Mairead

    Ar Fógraíodh an Post?