Ceannach sa nGarraí, Aonach Mór na nAistrithe agus jabairí na príomhroinne

Ón gcéad lá riamh ba é an t-imreoir a bhí in ann cúl na heangaí a aimsiú an té a mbíodh an tóir air…

Ceannach sa nGarraí, Aonach Mór na nAistrithe agus jabairí na príomhroinne

Is fada an lá anois deireadh tagtha leis na haontaí a bhíodh go féiltiúil i mórán chuile shráidbhaile ar fud na tíre, ach as seo go deireadh na míosa beidh ‘Jabairí na Príomhroinne’ i Sasana agus iad siúd sna ranna atá fúithi ag caitheamh smugairlí ar bhosa a gcuid lámh agus ag rá ‘scoiltfidh muid é’ mar go bhfuil ‘Aonach Mór na nAistrithe’ ansiúd faoi lán seoil arís.

Nuair a thiocfaidh deireadh leis ní bheidh de rogha ag na jabairí agus acu siúd a bhfuil an stoc acu ach a lámha a choinneáil ina bpócaí arís go dtiocfaidh trí mhí an tsamhraidh.

An tseachtain seo caite, agus gan Aonach Thús na Bliana tosaithe beag ná mór, scaip an scéala go raibh Liverpool agus Barcelona tagtha ar réiteach faoin imreoir Philippe Coutinho atá ar a bhealach chun na Catalóine, is cosúil, a luaithe agus a lóisteálfar £150 milliún i gcuntas bainc i Learpholl.

Bhíodh a leithéid sin i gceist freisin leis na sean-aontaí beithíoch.

‘Ceannach sa nGarraí’ an téarma teicniúil. Tharlaíodh sin nuair a bhíodh an jabaire ar an eolas go raibh scoth an ainmhí ag feilméara áirithe. Sa gcás sin thiocfadh an jabaire chuig an teach go dtí é siúd sula dtiocfadh lá an aonaigh. Cheannódh sé an t-eallach ansiúd uaidh sula mbeadh deis ag na ceannaitheoirí eile amharc a fháil ar an mbeithíoch, rud a d’ardódh an praghas.

Ar an bpraghas sin beidh Coutinho ar an tríú himreoir is mó ar íocadh airgead air go dtí seo. Íocfaidh Barcelona as lena bhfuil fágtha acusan den £200 milliún a fuaireadar ó Paris Saint-Germain ar Neymar. A leath sin a bheadh fanta acu is dóigh, mar níor thúisce an margadh déanta leis na Francaigh nuair a thugadar féin £100 milliún do Borrusia Dortmund ar Ousmane Dembélé.

Ón gcéad lá riamh ba é an t-imreoir a bhí in ann cúl na heangaí a aimsiú an té a mbíodh an tóir air, cé go bhfágann an t-athrú atá tagtha ar chuile mhianach den pheil nach ‘tosaithe amach agus amach’ iad siúd is mó a dtugtar airgead anois orthu. Ach go hiondúil ní mór do leithéidí Couthino, Neymar agus Denbélé croitheadh a bhaint aisti minic go leor.

Go dtáinig córais chasta an lae inniu agus an 4-4-2; 4-3-3; 3-6-1; 4-5-1 agus a leithéidí, ba é an té a bhíodh ag scóráil go rialta an rí.

Tosach ab ea an chéad imreoir riamh ar tugadh £100 air – Albanach darbh ainm Willie Groves ar thug Aston Villa an méid sin do West Bromwich Albion air in 1893.

Tosach eile ab ea an té ba thúisce a chosain £1,000 – Alf Common, a cheannaigh Middlesbrough ó Sunderland i 1905 agus a thuill £7 sa tseachtain, a dheich n-oiread an méid a bhí ag dul d’oibrí tógála ag an am.

Sa mbliain 1928 a tugadh £10,000 ar imreoir den chéad uair – David Jack a cheannaigh Arsenal ó Bolton Wanderers agus a d’imir do Shasana. Agus deireadh tagtha lena shaol imeartha chuaigh Jack ag plé le bainistíocht agus an club deireanach a raibh sé ina cheannas (1953 – 1955) ná Shelbourne i Sraith na hÉireann.

Mar a léiríonn an t-airgead a bhí Alf Common a shaothrú i 1905 bhí tuarastal an pheileadóra i bhfad níb airde ná tuarastal an ghnáthoibrí sa leath ba thúisce den chéad seo caite, ach ba ghearr gur thosaigh na húdaráis agus úinéirí na gclubanna ag leagan síos teorainneacha leis an méid a bhíodar sásta a íoc.

Bhunaigh na himreoirí ceardchumann le dul i ngleic leis sin ach ba ag a gcuid fostóirí a bhí an chumhacht. Go fiú agus gur laghdaigh siad pá na bpeileadóirí le linn an tsamhraidh nuair nach mbíodh aon imirt ar bun.

Sa mbliain 1953 bhí Stanley Matthews, an peileadóir ba cháiliúla i Sasana, ag tuilleamh £15 sa tseachtain ó Stoke City (£13 sa samhradh), tráth a raibh an t-oibrí tógála ag fáil tuairim £10.

Sa mbliain 1961 a tháinig an ghéarchéim nuair a bhagair an ceardchumann (PFA) faoi cheannas Jimmy Hill, iar-imreoir a chuir an clár teilifíse Match of the Day i láthair ina dhiaidh sin, go ngabhfadh siad ar stailc, bagairt a mhair go raibh siad i bhfoisceacht ocht nóiméad den trí a chlog ar an Satharn an 21 Eanáir 1961 nuair a ghéill na húinéirí.

Bhí deireadh leis an uasteorainn tuarastail agus tús leis an ré a d’fhág gurbh ag na fostaithe a bhí an chumhacht, rud a threisigh Rialú Bosman leis os cionn deich mbliana fichead dár gcionn.

Trí huaire in imeacht dhá bhliain i dtús na seascaidí a íocadh níos mó airgid ar Denis Law ná a bhí íoctha go dtí sin ar aon imreoir eile – £55,000 as Huddersfield go Man City; £110,000 uathu siúd go Torino agus £115,000 a thug Manchester United air lena thabhairt ar ais as an Iodáil.

I mí Feabhra 1979 bhí Trevor Francis ar an gcéad imreoir a chosain £1 milliún – ó Birmingham City chuig Nottingham Forest agus i 1996 cheannaigh Newcastle United an peileadóir ba chostasaí ar domhan nuair a thug siad £15 milliún do Blackburn Rovers ar Alan Shearer, tar éis dó 112 cúl a bheith scóráilte aige sna 138 cluiche a bhí imeartha aige dóibh siúd.

Agus iarthuaisceart Shasana bainte amach aige bhí freagra ag Shearer orthu siúd a cheap go raibh margadh na n-aistrithe imithe thar fóir – scóráil sé 148 cúl sna 303 cluiche a d’imir sé do Newcastle. Sin 260 cúl i 441 cluiche.

Fág freagra ar 'Ceannach sa nGarraí, Aonach Mór na nAistrithe agus jabairí na príomhroinne'