Cead pleanála á lorg do fheirm ghréine mhór i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá an togra á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le sé eagraíocht phobail i bparóiste Ghaoth Dobhair

Cead pleanála á lorg do fheirm ghréine mhór i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá iarratas pleanála déanta ag Údarás na Gaeltachta chun feirm ghréine a thógáil in iarthar Dhún na nGall. 

Tá an tÚdarás ag lorg cead ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chun ‘feirm’ ghréine 14.1 heicteár a thógáil ar Ard na gCeapairí, An Bun Beag i nGaeltacht Thír Chonaill. Faoin phlean seo bheadh painéil ghréine i bhfrámaí ar an talamh, agus thógfaí na struchtúir fhorbartha agus chothabhála go léir a theastódh don fhorbairt. 

Tá an togra á fhorbairt i gcomhar le sé eagraíocht phobail i bparóiste Ghaoth Dobhair agus deir an tÚdarás gur “údar sástachta” dóibh go bhfuiltear ag tabhairt faoi chéim eile sa togra seo.  

“Cuirfidh an fheirm ghréine go mór le heacnamaíocht an phobail áitiúil, beidh sí ina foinse ioncaim don earnáil forbartha pobail sa gceantar, laghdóidh sí an lorg carbóin, agus cuideoidh sí Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair a dhéanamh neamhspleách agus inmharthana ó thaobh fuinnimh de,” a deirtear i ráiteas an Údaráis.  

Rinneadh staidéar féidearthachta faoin togra seo in 2020 agus is toradh ar an réamhobair sin an fógra seo. Le roinnt míonna anuas, chuaigh an tÚdarás i mbun próiseas comhairliúcháin poiblí, i gcomhar le coistí agus eagraíochtaí áitiúla eile atá páirteach sa togra.  

Tá Ráiteas Tionchair Natura (NIS) réitithe agus curtha faoi bhráid na Comhairle Contae in éineacht leis an iarratas pleanála.  

Deir an tÚdarás go bhfuil forbairt an fhuinnimh in-athnuaite “lárnach” i Straitéis Údarás na Gaeltachta 2021-2025.  

“Tá ‘An Ghaeltacht Ghlas’, coincheap a chuireann béim ar inmharthanacht agus ar inbhuanaitheacht phobal na Gaeltachta, luaite go sainiúil mar sprioc sa Straitéis,” a deirtear. 

Is féidir an t-iarratas pleanála agus an Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a iniúchadh in oifigí Chomhairle Contae Dhún na nGall. 

Fág freagra ar 'Cead pleanála á lorg do fheirm ghréine mhór i nGaeltacht Dhún na nGall'