Cead le tabhairt do chomhlacht feirmeoireachta bradán uisce a thabhairt leo as Loch an Mhuilinn

Cuirfidh lucht thionscal na feilméarachta bradán fáilte roimh chinneadh an Bhoird Pleanála go gceadófaí do Bhradán Beo Teo uisce a thabhairt leo as Loch an Mhuilinn i nGarmna i gConamara

Cead le tabhairt do chomhlacht feirmeoireachta bradán uisce a thabhairt leo as Loch an Mhuilinn

Tabharfaidh cinneadh an Bhoird Pleanála go bhféadfaidh an comhlacht, Bradán Beo Teo, uisce a thabhairt leo as Loch an Mhuilinn i nGarmna i gConamara ugach do lucht thionscal na feilméarachta bradán.

Dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe anuraidh d’iarratas Bradán Beo Teo ar cheadúnas le huisce a thabhairt amach chuig na cliabháin as Loch an Mhuilinn ach thug an comhlacht an cás chomh fada leis an mBord Pleanála.

Os cionn bliana a thóg sé ar an mBord Pleanála a theacht ar shocrú go gcaithfí amach cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus go gceadófaí an t-iarratas ar an soláthar fíoruisce as Loch an Mhuilinn.

Tá tumadh fíoruisce ar an gcosaint is fearr atá ag bradáin fheilme ó mhíolta mara agus ó ghalar geolbhaigh.  Dhá aicíd iad sin a dhéanann dochar mór do bhradáin a bhíonn i gcliabháin éisc sna cuanta.

Tá roinnt oibre eile beartaithe gar do Loch an Mhuilinn freisin – cosán agus píopaí mar shampla – agus bhí sé sin uilig sa gcomhaireamh i gcinneadh an Bhoird Pleanála.

Cuireadh roinnt coinníollacha leis an gceadúnas a fógraíodh inné.

Ní cheadófar uisce a fháil as Loch an Mhuilinn ach idir an 1 Bealtaine agus an lá deireanach de Mheán Fómhair agus beidh teorainneacha áirithe leis an méid lítear sa lá a bheas ceadaithe.

Ní bheidh sé de chead ag Bradán Beo Teo uisce a thabhairt as an loch sa gcás go dtitfeadh  leibhéal na locha níos ísle ná 2.34 méadar faoi bhun an mheándoimhneacht uisce.   Sa gcás agus go dtarlódh sin, chaithfí fanacht nó go n-ardódh leibhéal an uisce arís sula mbainfí deoir ar bith as an loch.

Caithfear cuntas a thabhairt chomh maith don Chomhairle Contae chuile ráithe – sa gcéad dhá bhliain – ar an leibhéal uisce i Loch an Mhuilinn.   Anois agus arís a theastódh an fhaisnéis sin sna blianta ina dhiaidh sin.

Tá coinníollacha i gceist freisin a bhaineann le hoibreacha atá beartaithe ag Bradán Beo Teo in aice na locha.   Den chuid is mó is gnáthchoinníollacha a bhaineann le hobair thógála atá i gceist.

Dúirt foinsí i mBradán Beo Teo tráthnóna inné go bhfuil siad sásta leis an toradh a bhí ar an achomharc a rinneadar chuig an mBord Pleanála.

Beidh ar Bhradán Beo Teo fanacht as seo go ceann dhá mhí sula rachaidh siad i mbun oibre gar do Loch an Mhuilinn. ’Sé an t-údar atá leis sin ná gur gá deis a thabhairt do dhuine nó dream ar bith a bheadh ag iarraidh dúshlán chinneadh an Bhoird Pleanála a thabhairt.  Athbhreithniú dlíthiúil a bheadh i gceist sa gcás sin, ach tá na bealaí go bhféadfaí é sin a dhéanamh teoranta go maith.  Chaithfí a chruthú go raibh lúb ar lár éigin sa gcóras faoinar thángthas ar an gcinneadh pleanála.

Is mór i gceist le scaitheamh ceist an tsoláthair fíoruisce i dtionscal na mbradán.  Cé go maítear gur bealach glan agus éifeachtach é le dhul i ngleic le cuid de na fadhbanna a bhíonn ag baint le cliabháin éisc, bíonn grúpaí timpeallachta ag cur in aghaidh a leithéid.  Tarraingíodh raic cúpla bliain ó shin nuair a thriail an comhlacht Marine Harvest Ireland uisce a thabhairt leo as Loch an Óir ar an Aird Mhóir in iarthar Chonamara.  Tosaíodh feachtas láidir áitiúil i bhfabhar Marine Harvest Ireland sa gcás sin agus d’éirigh leis an gcomhlacht a ndóthain fíoruisce a fháil.

Le ríghairid chur an grúpa, Galway Bay Against Salmon Cages in aghaidh plean atá ag Bord Iascaigh Mhara meaisín díshalannaithe a chur ar fáil ar bhonn píolótach ar chósta an iarthair ar mhaithe le soláthar uisce a chur ar fáil do thionscal na mbradán

Ag an bhfear gnó Michael Muir agus ag Údarás na Gaeltachta is mó atá scaireanna i mBradán Beo Teo. Ar Chuan Chill Chiaráin agus ó cheantar na nOileán chomh fada le cósta na hAirde Móire in iarthar Chonamara is mó atá an comhlacht gníomhach.

Bhí lámh mhór ag Údarás na Gaeltachta i mbunú an chomhlachta nuair a thit an druil ar an dreall ar thionscal na mbradán roinnt blianta ó shin.   Cé go raibh cúpla bliain dheacair ag an gcomhlacht, tá ag éirí go maith leis le roinnt blianta anois mar gheall ar an toradh maith atá ar na bradáin atá curtha i bhfarraige agus praghsanna maithe a bheith ar fáil orthu.

Fág freagra ar 'Cead le tabhairt do chomhlacht feirmeoireachta bradán uisce a thabhairt leo as Loch an Mhuilinn'

  • Bradán Feasa

    Is iontach an sodar i ndiaidh comhlachtaí an choncais agus lucht cumhachta SAM atá ar iriseoirí eiriseacha Chonamara.