Ceachtanna an Tuaiscirt do phróiseas síochána Gaza

Cé go bhfuil difríocht mhór idir an choimhlint anseo agus an sléacht sa Mheánoirthear, mhúscail imeachtaí na seachtaine seo ceisteanna faoi cheachtanna ab fhéidir a fhoghlaim ó phróiseas an Tuaiscirt

Ceachtanna an Tuaiscirt do phróiseas síochána Gaza

Is iomaí duine den bharúil nach bhfuil gnóthaí Thuaisceart Éireann iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta thar mholadh beirte. Ní mór a rá, áfach, go bhfuil éirithe go maith leis an bpróiseas síochána d’ainneoin na heasnaimh ar an gcóras polaitíochta agus easpa athmhuintearais.

Cá go bhfuil difríocht mhór idir an choimhlint anseo agus an sléacht sa Mheánoirthear, mhúscail imeachtaí na seachtaine seo ceisteanna faoi cheachtanna ab fhéidir a fhoghlaim ó phróiseas an Tuaiscirt. Is mór idir an dá chás, ach seans gur féidir botúin airithe a sheachaint i bhfianaise na taithí abhus. Cé is moite den sos comhraic agus na himeachtaí le laethanta beaga anuas tá an plean 20 pointe an-teibí. Bíonn feidhm leis an doiléire nó débhrí uaireanta, ach gá le cinnteacht, caighdeáin agus prionsabail freisin.

B’iontach an ní é na gialla a fheiceáil i bhfochair a muintire in Tel Aviv dhá bhliain ó thóg Hamas iad. B’iontach freisin stop leis an gcinedhíothú in Gaza, príosúnaigh agus géibheannaigh Palaistíneacha saor agus soláthairtí bia agus leighis faoi cheannas eagraíochtaí daonnúla ar fáil chun a dhul i ngleic leis an ngorta in Gaza. B’fhurasta an gairdeachas in Iosrael agus i measc na bPalaistíneach a thuiscint agus níorbh iontas ar bith iad taispeántais mhórtais an Uachtaráin Trump agus an Phríomh-Aire Binjamin Netanyahu. Nuair a chiúnóidh gliondar na laethanta stairiúla seo, áfach, cén téagar a bheidh i bplean Trump?

Ag faire ar na mílte de mhuintir Gaza ag triall abhaile chuig smionagar, gan fothrach féin le fáil ag a bhformhór ní chímíd ach gné bheag amháin den dúshlán, an t-atógáil. Cá bhfuil a nglórtha sa phróiseas? Margadh faoi mhuintir Gaza is ea an plean seo, ní réiteach a aithníonn a mianta, a gcearta ná a ndáimh lena gcríocha féin. Tá ráiteas ciotach sa phlean a deir ‘molfaimid dóibh (muintir Gaza) fanacht agus tairgeoidh sinn deis dóibh Gaza feabhsuithe a thógáil. Is aisteach an léamh é sin ar ghrá tire; shilfeá gur chaint ar inimircigh eacnamaíocha é murab ionann agus pobal bunaidh a bhí faoi ionsaí sa bhaile.

Fuarthas amach anseo i dTuaisceart Éireann sna nóchaidí nach raibh margadh indéanta go dtí gur tugadh suíochán ag bord do gach dream. An bhfaighidh siad éisteacht ó Bhord Síochána’ Donald Trump, Jared Kushner nó a gcairde, nó Tony Blair nach aon laoch inmhuiníne é sa Mheánoirthear? Ba cheart go mbeadh a fhios ag Blair ón a thaithí abhus go gcaithfidh próiseas síochána a bheith uileghabhálach.

Tá dí-armáil Hamas ar liosta tosaíochtaí an Uachtaráin Trump. Tá a fhios go maith ónar tharla anseo gur phróiseas casta íogair é díchoimisiúnú airm na bparaimíleatach nó na mílisteach. Thóg sé aon bhliain déag ó d’fhógair an IRA a sos cogaidh in 1974 go dtí gur cuireadh bailchríoch ar an díchoimisiúnú. Ba mhinic a chuir brú polaitiúil faoi tharraingt cos na bpoblachtánach an próiseas iomlán faoi bhrú go dtí gur fhógair na Sealadaigh stop iomlán lena bhfeachtas foréigin in 2005.

Rinne paraimíleataigh dílseacha an UVF, UDA agus Red Hand Commando díchoimisiúnú éigin ach tá siad uilig ag earcaíocht i gcónaí, cuid acu armtha agus i mbun coiriúlachta. Ní hé an gníomh dí-armála per se bun agus barr an scéil. Ina theannta sin tharla eachtraí ó am go chéile a sháraigh sosanna cogaidh ach níor ligeadh dóibh an próiseas síochána a loit; bhí an tIRA ciontach as cuid acu, na dílseoirí an-ghníomhach in amanna agus ba í ionsaí buamála na n-easaontóirí, an Fíor IRA ar an Ómaigh an t-uafás ba mheasa. Dá dtarlódh ionsaí ar Iosrael arbh fhéidir leis an mBord Síochána nó an Fórsa Idirnáisiúnta smacht a choinneáil ar chúrsaí agus ionsaí ó Iosrael a chosc?

Tá go leor pleanála riachtanach chun feoil a chur ar chreatlach phlean Trump. Beidh dea-thoil agus dea-rún riachtanach agus thar aon ní cothromaíocht, meas ar gach duine . Caithfear deireadh a chur leis an drochmheas a léirigh go leor de mhuintir Iosrael ar Phalaistínigh. Tá tábhacht le téarma, cur chuige a bhí lárnach san idirbheartaíocht go léir abhus – ‘parity of esteem’, comhómós do gach grúpa.

Fág freagra ar 'Ceachtanna an Tuaiscirt do phróiseas síochána Gaza'