Sinn Féin, Michelle O’Neill. Rialtas na hÉireann. Muintir na hÉireann. Inimircigh. An TUV. Páirtí Alliance. Keir Starmer agus rialtas an Lucht Oibre, daoine liobrálacha agus tuilleadh…
Bhí liosta na gceap milleáin fada ag comhdháil bhliantúil an DUP. Iad ar an ionsaí amhail is nach raibh ach mí go dtí an toghchán Tionóil atá bliain go leith uainn fós. Seans gur chirte a rá go raibh siad ar ais ar an ionsaí mar a bhíodh an páirtí sular thit an lug ar an lag orthu le blianta beaga anuas.
Shílfeadh éinne a chuala an chuid d’aitheasc an cheannaire, Gavin Robinson, a bhain le Sinn Féin go raibh Stormont i mbaol báis láithreach. Rinne sé gaisce as obair a chuid airí féin sa bhFeidhmeannas ach bhí sé tarcaisneach faoi fhoireann Shinn Féin. Ní raibh tada bainte amach acu i gcomparáid le hairí an DUP, dar leis. Ba í leascheannaire Shinn Féin, Michelle O’Neill an té ba ghéire a cáineadh.
Bhí an port céanna ag Gavin Robinson agus a airí Paul Givan, an t-aire oideachais agus Gordon Lyons, an t-aire pobal, agus iad ag caitheamh anuas ar mhaíomh Michelle O’Neill gur Céad-Aire ‘do gach éinne’ í. Fimíneacht ab ea an maíomh sin, dar le Gordon Lyons, a dúirt nach raibh i gcaint Shinn Féin faoi uileghabhálacht agus comhionannas ach cur i gcéill.
Ba léir go raibh ceannasaíocht an DUP ar a ndícheall ag cur in iúl nach raibh siad ag baint sásaimh as an gcleamhnas éigeantach le Sinn Féin.
Teachtaireacht don TUV agus do na daoine a thréig iad chun tacú leis ab ea é sin. Léirigh an phobalbhreith is deireanaí de chuid Lucid Talk go raibh an TUV ag fás agus iad ar an tríú páirtí is mó fad is a bhí an DUP lagaithe a thuilleadh.
Dírithe ar an gcontúirt sin a bhí na hóráidí ag an gcomhdháil ag deireadh na seachtaine seo caite, chomh maith lena gcur chuige ó thús an téarma seo. Bhí an DUP ag iarraidh a chruthú go raibh a gcuid dintiúr mar aontachtaithe neamhghéilliúla inchurtha le cinn an TUV agus Jim Allister. Ba é a léirmheas ar leagan amach Allister an fógra ba shoiléire go bhfuil an DUP tiomanta do sheasmhacht Stormont. Dúirt Paul Givan go raibh an DUP chomh díomách leis an TUV faoin bprótacal iarBhreatimeachta ach nach raibh leigheas ar bith ag páirtí Allister.
Ní raibh aon éifeacht ag an mbagairt éirí as Stormont nuair a bhí tionchar ag aontachtaithe in Westminster agus ní bheadh seans ar bith ag an gcleas sin leis an Lucht Oibre sa rialtas, a dúirt Givan.
Chuir sé fainic freisin ar éinne a bheadh ag dréim le cabhair amach anseo ó Reform UK. D’achainigh Gavin Robinson ar aontachtaithe a bheith aontaithe i bhfabhar na déabhlóide, le hairí ón Tuaisceart atá freagrach don phobal murab ionann agus riail dhíreach ó Londain, ar riail Bhaile Átha Cliath a bheadh inti de facto.
Fuair sé na gártha molta nuair a dúirt sé nach raibh bunús ar bith le maíomh Shinn Féin go mbeadh reifreann faoin teorainn ann faoi 2030. Cháin sé an Phoblacht go dian as claontacht in aghaidh na bProtastúnach, é ag rá gur léirigh ceistiú Heather Humphreys faoi bhaint a fir chéile leis an Ord Oráisteach ‘éadulaingt institiúideach’ reiligiúin agus chultúir an deiscirt. Fuair an Tánaiste sáiteán faoi Gaza. Dúirt ceannaire an DUP nár cheart go mbeadh iontas ar éinne go ndéanfadh Simon Harris agus daoine eile ráitis mhorálta faoi ‘chogadh cóir’ Iosrael in Gaza. ‘Cén t-iontas go mbeadh stát a bhí ina thaca ag sceimhlitheoireacht phoblachtánach ar feadh na mblianta ag iarraidh a bheith cairdiúil le Hamas?’ ar sé.
Bhí cáil na measarthachta ar Gavin Robinson roimhe seo, ach is léir go bhfuil an cur chuige athraithe. Tháinig sé i gceannas ar an DUP faoi choinníollacha a bhí thar a bheith dúshlánach; bhí Jeffrey Donaldson imithe, é le cúiseamh faoi choireanna gnéis (a shéanann sé) agus an páirtí in ísle brí. Choinnigh Robinson a shuíochán Parlaiminte ach chailleadar péire chuig páirtí measartha ar thaobh amháin, Alliance agus an TUV ar an taobh eile agus ba dhóbair dóibh beirt fheisirí eile a chailliúint. Bhí titim leanúnach sna pobalbhreitheanna ó shin.
Is léir gur deineadh cinneadh i rith an tsamhraidh a dhul ar an ionsaí. Deir an ceannaire nach bhfuil siad i mbun feachtais do thoghchán an Tionóil mí Bealtaine 2027 ach ní hé sin a chosúlacht. Seans gur teaictic chríonna é tosnú chomh luath seo ach tá baol ag baint leis. Mura léireofar feabhas taobh istigh de dhá phobalbhreith eile de na cinn shéasúracha beidh a gcéilí comhraic in ann sochar a bhaint as an laige.
Anuas air sin ní tuar dóchais é do dhaoine atá ag fanacht le tograí nach bhfuil bá ag an DUP ná a lucht leanúna leo. Díol suntais ab ea an phairilis sa bhFeidhmeannas go dtí seo ach cén seans nach mbeidh sí i bhfad níos measa agus an DUP ar an ionsaí feasta.
Fág freagra ar 'Cúis shoiléir le liosta fada na gceap milleáin ag an DUP'