Cé mhéad foirgneamh folamh atá ag Údarás na Gaeltachta, cá bhfuil siad agus cén fhad atá siad le ligean?

106 foirgneamh de chuid an Údaráis, ar fud na Gaeltachta, folamh i láthair na huaire, ach tá laghdú ar líon na bhfoirgneamh folamh acu le tamall anuas

Cé mhéad foirgneamh folamh atá ag Údarás na Gaeltachta, cá bhfuil siad agus cén fhad atá siad le ligean?

Tá 106 foirgneamh de chuid an Údaráis, ar fud na Gaeltachta, folamh i láthair na huaire agus tá 60% acu sin réidh le ligean, de réir figiúirí nua ó Roinn na Gaeltachta. Tá laghdú tagtha, áfach, ar líon na bhfoirgneamh folamh atá i seilbh Údarás na Gaeltachta le tamall anuas. 516 foirgneamh, idir ionaid, aonaid, oifigí srl, atá ag an Údarás faoi láthair.


FÉACH TÁBLA TUAIRISC.IE THÍOS


Tá ceann amháin de na foirgnimh fholmha, i nGaeltacht Mhaigh Eo, folamh le breis is 18 bliain agus é réidh le ligean.

Bhí 117 foirgneamh folamh i seilbh an Údaráis mí Mheithimh na bliana seo agus 65% acu réidh le ligean. Díoladh foirgneamh amháin de chuid na heagraíochta ó shin agus líonadh deich gcinn eile.

Is i nGaeltacht Thír Chonaill atá an líon is mó foirgneamh folamh ag Údarás na Gaeltachta agus 45 foirgneamh sa chontae sin gan líonadh, cuid acu le roinnt mhaith blianta. Mar sin féin, is laghdú atá i gceist sa chontae sin agus 10 bhfoirgneamh líonta le sé mhí anuas ann.

Malairt scéil atá ann i nGaeltacht Mhaigh Eo, áit a raibh 13 foirgneamh folamh ann sa samhradh ach a bhfuil 20 foirgneamh folamh anois ann.

Tá 31 foirgneamh folamh i nGaeltacht na Gaillimhe, áit a raibh 34 sé mhí ó shin, ocht gcinn i nGaeltacht Chiarraí, ardú d’fhoirgneamh amháin ó mhí an Mheithimh, agus foirgneamh amháin i gcontae na Mí agus Chorcaí araon. Is í Gaeltacht na nDéise an t-aon cheantar Gaeltachta nach bhfuil aon cheann d’fhoirgnimh an Údaráis folamh ann.

Tá 12 foirgneamh folamh le hos cionn 10 mbliana anuas agus tá ceann amháin, i mBéal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo folamh ó roimh casadh na mílaoise. Tá 81 foirgneamh folamh le deich mbliana anuas nó níos lú ná sin.

Tá 12 foirgneamh ann nár úsáideadh riamh ó tógadh iad. Tá a bhformhór mór acu sin ar an mBun Beag i nGaoth Dobhair.

Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil go léiríonn na figiúirí nua go bhfuil “dul chun cinn” á dhéanamh ag an Údarás chun “fostaíocht agus fiontraíocht a chothú tuilleadh” agus na foirgnimh atá i seilbh na heagraíochta “a chur chun fónaimh”.

Fág freagra ar 'Cé mhéad foirgneamh folamh atá ag Údarás na Gaeltachta, cá bhfuil siad agus cén fhad atá siad le ligean?'