Rugadh Catherine Connolly sa Seantalamh ar an taobh thiar de chathair na Gaillimhe, ar an 12 Iúil 1957. Bhí 14 dhuine clainne ina teaghlach, seachtar buachaillí agus seachtar cailíní. Naoi mbliana d’aois a bhi Catherine nuair a bhásaigh a máthair agus gan í ach 43 bliain d’aois. Duine d’iascairí an Chladaigh, de bhunadh Inis Bearachain i gConamara, a bhí ina seanathair, agus ba shiúinéir agus saor bád a hathair.
Bhain sí céim sa tsiceolaíocht amach in Ollscoil na Gaillimhe agus céim an mháistir sa tSíceolaíocht Chliniciúil in Ollscoil Leeds i Sasana sa bhliain 1981. Chaith sí tamall ag staidéar sa Ghearmáin freisin agus d’fhoghlaim sí an Ghearmáinis ansin. D’fhill sí ar a cathair dhúchais agus chuir fúithi sa Chladach. D’oibrigh sí mar shíceolaí cliniciúil do Bhord Sláinte an Iarthair i mBéal Átha na Sluaighe, i gcathair na Gaillimhe, agus i gConamara idir na bliana 1981 agus 1987.
Bhain sí céim sa Dlí amach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (Ollscoil na Gaillimhe). Glacadh léi mar abhcóide i 1991.
Phós sí a fear céile Brian McEnery, múinteoir, i 1992 agus tá beirt mhac acu.
Sheas sí i dtoghcháin áitiúla na bliana 1999 do Pháirtí an Lucht Oibre agus toghadh ina comhairleoir ar Chomhaire Cathrach na Gaillimhe í. D’aistrigh sí trasna na cathrach in 2004 le go bhféadfadh a deirfiúr Colette seasamh sa Bharda Thiar, agus atoghadh í i dtoghcháin na bliana sin don Bharda Theas. Toghadh ina Cathaoirleach (‘Méara’) ar an gcomhairle cathrach í an bhliain chéanna. Chaith a deirfiúr Colette 18 mbliana ina comhairleoir cathrach i nGaillimh.
Agus í ina comhairleoir cathrach, vótáil sí le hainm Dana Rosmary Scallon a chur chun cinn do thoghchán uachtaránachta 2004. Níor éirigh le Scallon a dóthain ainmniúchán a fháil ó na húdaráis áitiúla agus níor reáchtáladh aon toghchán sa deireadh.
D’éirigh idir í féin agus páirtí an Lucht Oibre mar gheall ar Olltoghchán 2007, nuair a dhiúltaigh an páirtí í a chur ar an mballóid in éineacht le Micheál D Ó hUiginn, a bhí ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ó 1981 (seachas 1982-87). D’fhág sí páirtí an Lucht Oibre agus sheas mar iarrthóir neamhspleách den chéad uair. Fuair sí 3.7% den vóta agus cuireadh as an áireamh í ar an ochtú comhaireamh. Fuair Ó hUiginn 11.1% den vóta agus toghadh é ar an deichiú comhaireamh.
Atoghadh ina comhairleoir cathrach ar Chomhairle na Gaillimhe í mar iarrthóir neamhspleách in 2009.
Sheas sí arís mar iarrthóir neamhspleách in Olltoghchán 2011, toghchán ina bhfuair comharba Mhichíl D Uí Uigínn i bpáirtí an Lucht Oibre, Derek Nolan, an méid is mó vótaí céadrogha (12.4%). Chaill sí an suíochán deireanach i nGaillimh Thiar agus gan ach 17 vóta idir í féin agus iarrthóir Fhine Gael, Seán Kyne. D’éiligh sí athchomhaireamh ach níor athraíodh an toradh.
Toghadh den cheathrú huair í mar chomhairleoir cathrach i gcathair na Gaillimhe i dtoghcháin áitiúla na bliana 2014.
Sheas sí arís don Dáil in Olltoghchán 2016, agus d’éirigh sí as a ról mar chomhairleoir cathrach – a bhí aici le 17 mbliana, nuair a toghadh chun na Dála ar an 14ú comhaireamh í.
Atoghadh ina Teachta Dála í in Olltoghchán na bliana 2020 agus roghnaigh comhaltaí na Dála mar Leas-Cheann Comhairle í an bhliain chéanna. Ba í an chéad bhean a bhí sa ról sin ó bunaíodh an chéad Dáil os cionn céad bliain roimhe sin.
Bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus na nOileán sa 32ú Dáil (2016-2020) agus ina cathaoirleach arís ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Tá Catherine Connolly ar dhuine de na daoine is mó a labhair Gaeilge i dTithe an Oireachtais ó toghadh í den chéad uair in 2016, agus bhí lámh nach beag aici i bhfoilsiú tuarascálacha de chuid na gcoistí Gaeilge agus Gaeltachta. Chas sí leis an iliomad ionadaithe ó shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcaitheamh a tréimhsí ar na coistí agus mar Theachta Dála sa Dáilcheantar Gaeltachta is mó sa tír.
Tá Connolly ar an eite chlé ó thaobh na polaitíochta de. Thacaigh sí leis an taobh ‘Tá’ sa dá reifreann mhóra a reáchtáladh sna 2010idí – an Comhionannas Pósta in 2015 agus Aisghairm an Ochtú Leasú in 2018.
Is minic a bhíonn sí in amhras faoi bhearta an Aontais Eorpaigh. Chuir sí in aghaidh Chonradh Liospóin in 2008, mar gheall ar an nualiobrálachas a bhraith sí a bheith follasach sa Chonradh. Cháin sí uachtarán Choimisiún na hEorpa, Ursula von der Leyen, mar gheall ar a seasamh i leith na cogaíochta i nGaza agus Iosrael le tamall de bhlianta anuas, ach chas sí léi agus labhair léi i nGearmáinis nuair a thug von der Leyen cuairt ar Dháil Éireann. Tá imní léirithe aici arís is arís eile faoi mhíleatú na hEorpa.
Tá neodracht na hÉireann an-tábhachtach do Connolly agus tá sí tar éis labhairt i gcoinne phlean an Rialtais deireadh a chur leis an nGlas Triarach le bliain anuas nó mar sin. Labhair sí go minic i gcaitheamh a saoil pholaitiúil i gcoinne na cogaíochta in áiteanna éagsúla timpeall na cruinne. Le blianta beaga anuas, is é cogadh Iosrael i nGaza agus cogadh na Rúise san Úcráin is mó a tharraing a haird.
An Teanga Bheo
Mná na h Éireann moladh go deo libh.