Cé a choinneodh an taifead d’uireasa RTÉ?

Tá mórán gach éinne ag iarraidh go ndéanfadh RTÉ gearradh siar ach tá a thuairim féin ag gach duine faoi conas tabhairt faoi

Cé a choinneodh an taifead d’uireasa RTÉ?

Bhí grianghraif á dtaispeáint ag ócáid cheiliúrtha le gairid. Bhí cuid acu an-suimiúil, ag dul glúnta i bhfad siar.

Bhí ceann ansin de mo sheanuncail Jack agus é tar éis filleadh ó Mheiriceá, é ina shuí cois teallaigh, gléasta go galánta in éindí le mo shin-seantuismitheoirí.

Ach tá pictiúr níos fearr de Jack Surlis le feiceáil i mbun a cheirde, agus é ag déanamh ‘Cathaoir Liatroma’ sa chlár teilifíse Hands a rinne David Shaw-Smith agus a bhean Sally do RTÉ.

Leathuair an chloig glan a bhíodh i ngach clár sa tsraith sin a rinneadh i ndeireadh na seachtóidí agus i rith na n-ochtóidí. Sraith ealaíonta ar cheardaithe traidisiúnta na hÉireann – siúinéirí, potadóirí, fíodóirí, agus a lán eile a bhí ann.

Chuadar ó cheann ceann na tíre ina veain Volkswagen, ag caitheamh am agus dua leis an obair, chun na ceirdeanna a chur ar an taifead sula n-imeodh siad as an saol.

An t-am deireanach a bhfaca mé téip de m’uncail Jack, bhí sé ar taispeáint in Ard-Mhúsaem Shaol na Tuaithe i Maigh Eo. B’álainn an radharc é.

Ní bhíodh mórán ábhar teilifíse á choimisiúnú ó léiritheoirí neamhspleácha an uair sin. Bhí speisialtóireacht ar leith ag na daoine a rinne cláracha neamhspleácha – leithéidí Éamon de Buitléar, Gerrit Van Gelderen, agus Bob Quinn mar shampla.

Bhí mé ag smaoineamh ar an dream sin le tamall agus an chaint ar fad ar siúl faoi chúrsaí airgeadais in RTÉ. Ní lia duine ná tuairim faoin ábhar sin anois.

Go tobann tá gach duine ina shaineolaí faoi chúrsaí craoltóireachta. Agus tá a chead sin acu. Ní inniu ná inné a thosaigh daoine ag malartú tuairimí faoi chláracha, faoi phearsana teilifíse agus a leithéidí. Líonann sé nuachtáin agus irisí. Caitheann sé an t-am ag an ngruagaire.

Agus anois is arís, nuair nach mbíonn mórán ag titim amach, téann na nuachtáin i mbun an tsuirbhé, chun tuilleadh tuairimí a fháil.

Chonaic mé le gairid, go bhfuil 60% de mhuintir na tíre in aghaidh an cheadúnais teilifíse. Chuala mé ceann eile a mhaígh gur cheart do RTÉ ‘gearradh siar’ ar an gcaiteachas.

Dúirt dream eile go raibh ‘bealaí níos fearr’ ann leis an gceadúnas teilifíse a úsáid.

Cén rogha a tugadh don dream a bhí ag freagairt an tsuirbhé sin nuair a iarradh orthu ar chóir do RTÉ gearradh siar? Luíonn sé le réasún go ndéarfadh duine ar bith gur chóir gearradh siar ar chostais.

Chonaic mé an lá cheana gur dhúirt an tAire go raibh sí ag súil nach gcaillfí postanna in RTÉ de bharr na gciorruithe seo. Bhuel, má tá costais le gearradh agus mura bhfuil postanna le cailliúint, cén áit a dtiocfaidh RTÉ ar chiorruithe?

Ní hé seo an chéad uair go raibh ar RTÉ gearradh siar de bharr ganntan airgid. Tharla sé cúpla uair i mo chuimhne féin. Cláracha Gaeilge, cláracha talmhaíochta, cláracha creidimh, cláracha á ndéanamh leis na haonaid sheachtracha fud fad na tíre, gan trácht ar dhrámaí. Gearradh an t-ionathar as an sceideal chun airgead a ‘chiorrú’ toisc go bhfuil sé níos éasca airgead a shábháil san áit a bhfuil tú á chaitheamh.

Agus cad faoin bhfoireann a laghdú?

Tugadh isteach go leor scéimeanna iomarcaíochta thar na blianta. D’imigh an duine seo, d’imigh and duine siúd. Nó dúnadh rannóga iomlána.

Bhí sé ina raic ansin tamaillín ó shin maidir le seirbhís grianghrafadóireachta do Fair City. Ach bhí a leithéid de sheirbhís ag teastáil toisc go raibh rannóg na grianghrafadóireachta dúnta síos.

Agus arís, tháinig na saineolaithe chun tosaigh – bhí Teachtaí Dála ag maíomh go bhféadfaidís pictiúir a thógáil iad féin don sobaldráma lena gcuid fón póca.

Cinnte d‘fhéadfaidís. Agus an mbeidís inglactha ag na páipéir nuachta? Cén uair le gairid a bhfaca tú Teachta Dála ag glacadh pictiúirí (oifigiúla) le fón póca ag bainis a iníne?

Tá gach éinne (beagnach) ag iarraidh go ndéanfadh RTÉ gearradh siar. Ach bí cinnte nach mbeidh aon tuairim amháin ann faoin cén áit go díreach a dtitfidh an tua.

Tá titim thubaisteach cheana féin ar ioncam an cheadúnais teilifíse. Ach smaoinigh air seo – ní ar RTÉ Teilifís amháin a chaitear airgead an cheadúnais.

Íocann sé as seirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar na jabanna atá ansin. Cén áit ar chóir do Kevin Bakhurst an scian a oibriú ansin? Íocann sé as gach clár agus sraith i nGaeilge a théann amach ar RTÉ, cláir amhail Ar an Sliabh, Bog Amach, Peataí agus Viva Mary, agus as an 365 uair an chloig d’ábhar Gaeilge a chuireann RTÉ ar fáil do TG4.) Cén áit a ndéanfar an ciorrú ansin?

Íocann sé as Lyric FM, cláracha agus seirbhís teilifíse do pháistí. Íocann sé as na seirbhísí nach meallann fógraíocht – smaoinigh ar na spóirt do mhionlaigh, ar chláracha do mhionlaigh, cláracha ealaíne agus cláracha ceoil mhionlaigh.

Ach nach féidir daoine a ligean chun siúil, a deir tú? Is cinnte gur féidir. Ach faoi mar atá cúrsaí faoi láthair ní féidir daoine a ligean chun siúil dá mbuíochas.

Ciallaíonn sé sin nach iad na daoine is ‘oiriúnaí’ i gcónaí a imeos faoi scéim iomarcaíochta. Imeoidh daoine ach beidh gá i gcónaí le foireann áirithe agus le speisialtóirí, fiú más ar chonradh féin atá siad.

Íoctar 7% de theacht isteach an cheadúnais teilifíse leis an BAI – Coimisiún na Meán mar atá air anois. Mura n-íocann duine a cheadúnas teilifíse, laghdófar an t-ioncam sin chomh maith. Tá an Scéim Fuaim agus Fís, faoi scáth an BAI, dírithe ar chláracha a airgeadú, cláracha atá ar ardchaighdeán, atá bainteach leis an iolrachas, atá dírithe ar an gcultúr, chomh maith le cláracha atá déanta i nGaeilge.

Le blianta beaga anuas, bhí an BAI ina chomhpháirtí tábhachtach sa scéim Cine4 ag TG4 – an scéim a thug An Cailín Ciúin ar an saol. Agus ar ndóigh tá an BAI lárnach d’aon sraith mhór drámaí a rinneadh- ar nós Kin agus Hidden Assets.

Anois, cén áit ar chóir na ciorruithe a chur i bhfeidhm sa liosta thuas?

Sula mbeidh an tuarascáil seo nó an tuarascáil siúd foilsithe, sula mbeidh seans ag Kevin Bakhurst a rá cén áit a bhfuil seisean ag dul ag gearradh siar, tá imní orm go mbeidh damáiste nua as an bpíosa déanta.

Ní bheidh éinne ar son jabanna a chailleadh, ní bheidh éinne ar son cláracha ar ardchaighdeán a chur de leataobh, ní bheidh éinne ag moladh nach gcuirfí airgead isteach in imeachtaí ealaíne, ná i gcláracha do pháistí, ach tógfaidh sé tamall go bhfeicfimid an toradh a bheas air seo ar fad.

Tá an dream san earnáil neamhspleách – leithéidí na Shaw-Smiths a chuir chun bóthair sa veain caoga bliain ó shin, tá siad sin an-imníoch. Tá na mílte daoine ag obair san earnáil neamhspleách anois – idir theilifís agus scannán.

Dá mbeadh smaoineamh iontach agat anois faoi thaifeadadh a dhéanamh ar cheird a bhí ar tí imeacht as amharc, céard a dhéanfá le do smaoineamh?

Bhuel, triail ceann de na craoltóirí neamhspleácha – b’fhéidir go gcuirfeadh siadsan cúpla céad míle euro i do bhealach don tsraith ‘I’m a Craftworker- Get me out of Here!’

Fág freagra ar 'Cé a choinneodh an taifead d’uireasa RTÉ?'

  • Antaine

    Foireann i bhfad níos lú, sin réiteach na faidhbe.
    An bhfuil aon ghá leis an méid sin comhreagraithe de gach chineál,
    gan trácht ar an slua atá ag “obair” sa rannóg spoirt!