Cé a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann 2022?

Cé nár léiríodh mórán measa ar na Cait go dtí seo ceapaim go bhfuil an meon sin ag athrú

Cé a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann 2022?

Tá deireadh seachtaine iomána thar a bheith tábhachtach buailte linn agus na cluichí leathcheannais ar siúl i gceanncheathrú CLG. Tá an chéad cheann ar siúl um thráthnóna agus Cill Chainnigh agus an Clár ag dul chun catha ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh. Agus cé nár léiríodh mórán measa ar na Cait go dtí seo ceapaim go bhfuil an meon sin ag athrú.

Ní féidir, riamh, a rá nach bhfuil seans ag foireann a bhíonn faoi stiúir an mháistir, Brian Cody, agus is amhlaidh an scéal inniu. Is beag atá idir na foirne dar leis na geallghlacadóirí agus is beag atá eatarthu dar le chuid maith de na tráchtairí sna meáin an tseachtain seo.

Is dócha gur féidir a rá go bhfuil an móiminteam ag an gClár agus cluiche dian buaite acu coicís ó shin. Ach ní rabhadar chomh maith in aghaidh Loch Garman agus a bhíodar i gcluiche ceannais na Mumhan. Coimeádadh Tony Kelly faoi smacht d’fhormhór an chluiche agus coimeádadh srian freisin le Peter Duggan. Chonaic Cody é sin agus gach seans go gcuirfidh sé imreoir teann agus dian (déan do rogha) ar Kelly agus é ordaithe dó é a leanúint ar fud na páirce.

Seans freisin go mbeidh Huw Lawlor ar Duggan agus is cosantóir thar a bheith ábalta é Lawlor i mbliana. Ach bhuaigh an Clár an cluiche sin i gcoinne Loch Garman, cluiche ina rabhadar chun deiridh dar feadh trí cheathrú de ach chríochnaíodar go láidir agus bhí an-tionchar ag an ionadaí Aaron Shanagher nuair a tháinig sé isteach. Scóráil sé 1-2, scóranna a bhí thar a bheith tábhachtach.

Bhí tionchar mór freisin ag Mark Rodgers agus Shane Meehan ar an imirt nuair a tugadh isteach iad, rud a léiríonn go bhfuil doimhneacht sa scuad. Chuala mé freisin go bhfuil Aidan McCarthy ar ais i mbarr a shláinte arís agus má tá, is buntáiste eile é sin do Bhrian Lohan agus a roghnóirí.

Ach tá painéal láidir ag Cill Chainnigh freisin agus ní bheidh aon easpa muiníne iontu sa chluiche seo. Níorbh iad an rogha ag daoine do chluiche ceannais Laighean ach oiread. Tá taithí acu ar fud na páirce. Agus cén duine nach ndéarfadh go bhfuil tosaithe ábalta dainséaracha acu agus aimreoirí mar TJ Reid, Eoin Cody, Adrian Mullen, Walter Walsh agus Martin Keoghan acu?

Tráthnóna a shocrófar é. Ní fheicim faic eatarthu.

Sa chluiche leathcheannais eile amárach is iad Luimneach rogha mhór na coitiantachta. Tá Cian Lynch agus Peter Casey tagtha ar ais ó ghortuithe, rud a chuireann go mór leis an painéal.

An féidir aon chás a dhéanamh do Ghaillimh? Bhuel ag tosach 2021 bhí an-chaint ann gurbh iad an Ghaillimh an t-aon fhoireann amháin a raibh an fhisiciúlacht acu le Luimneach a chloí. Dar ndóigh ba mhór an t-údar díomá an séasúr a bhí acu in 2021. An féidir a rá go bhfuil siad feabhsaithe go mór i mbliana? Ní dóigh liomsa gur féidir ‘go mór’ a úsáid. B’fhéidir go mba cheart dom a rá go bhfuil an cumas iontu a bheith go maith.

I gcoinne fhoireann seo Luimnigh caithfidh gach imreoir a imríonn aon pháirt sa cluiche a bheith i mbarr a maitheasa. Má bhíonn imreoir nó dhó ‘faoi par’ is gan iad ar a mbuille amárach níl seans ag an Ghaillimh. Seo é an lá go gcaithfidh gach rud dul ceart dóibh, an aimsir, cinntí conspóideacha, an t-ádh, ‘form’ nó bail na n-imreoirí féinig. Chomh maith leis sin ar fad caithfidh roinnt d’imreoirí Luimnigh drochlá a bheith acu.

Bunaithe ar a bhfuil feicthe againn le cúpla bliain anuas bheadh sé thar a bheith amaideach dul i gcoinne Luimnigh. Bíonn siad os cionn a mbuille go rialta. Tá taithí acu. Tá fuílleach imreoirí den scoth acu. Tá foireann bhainistíochta thar a bheith cliste agus oilte acu.

Ar ndóigh tiocfaidh deireadh lena gceannasaíocht lá éigin. Is deacair a shamhlú gur amárach a tharlóidh sé sin.

Fág freagra ar 'Cé a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann 2022?'

  • JP

    Agus €20,000 an duine geallta ag JP Mac dóibh ach an Corn a thabhairt abhaile. Dála mar a rinne sé cheana. Ní háirím Barbados etc… Tá fhios ag ‘cait an bhaile’ é sin.