Comhairle d’fhoghlaimeoirí toghcháin…
In ainneoin na cainte faoin nGaeilge agus faoin uachtaránacht le tamall, ní raibh aon phlé faoi chás na teanga sa chéad díospóireacht teilifíse den fheachtas.
Is trua sin mar d’fhéadfadh go mbeadh comhairle mhaith ag láithreoir chlár Virgin Media Kieran Cuddihy do na hiarrthóirí, go háirithe an bheirt acu nach bhfuil aon Ghaeilge acu, ach a deir go bhfoghlaimeoidís í dá dtoghfaí iad.
Tá iarracht phoiblí déanta ag Kieran Cuddihy féin an Ghaeilge a fhoghlaim agus craoladh míreanna rialta faoi na hiarrachtaí sin ar an gclár raidió The Hard Shoulder. Cogar ina chluas ón “zeitgeist” agus a pháistí a bheith tosaithe ar scoil na cúiseanna is mó a luaigh Cuddihy lena chinneadh scaoileadh faoi fhoghlaim na teanga.
An chomhairle a bhí aige d’fhoghlaimeoirí eile ar an gclár Splanc ar Newstalk níos túisce i mbliana ná “Cleachtadh, cleachtadh, cleachtadh”.
Sin gan dabht an freagra céanna ar an gceist a chuirtear sa seanjóc, ‘How do you get to Carnegie Hall?’.
Agus, b’fhéidir, ar an gceist ‘How do you get to Áras an Uachtaráin?’
An iomarca Gaeilge ag Catherine Connolly?
Tá beart de réir a briathair á dhéanamh ag Catherine Connolly maidir leis an ngeallúint a thug sí go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár a feachtais uachtaránachta. Ach an bhfuil sí ag dul thar fóir?
Chuir lucht a feachtais pictiúr ‘ar chúl an stáitse’ amach ar Instagram an tseachtain seo agus agallamh á thaifeadadh ar a ríomhaire glúine ag an iarrthóir neamhspleách leis an bpodchraoladh Free State with Joe Brolly and Dion Fanning.
An dá leabhar mór a bhí ag tabhairt taca dá micreafón a mheall súil Dialann Tuairisc. Cad a bhí ann ach dhá chóip de – sea dhá chóip! – d’fhoclóir Béarla-Gaeilge an Mhianánaigh a bhfuil 1,800 leathanach ann.
Ar an drochuair do Connolly ní bhfaighidh sí leagan Gaeilge ann ar an ‘Military Industrial Complex’ a bhí ag dó na geirbe aici sa díospóireacht teilifíse an oíche cheana, ach bheifeá ag súil nach bhfuil an iomarca ama á chur amú aici ag póirseáil sa bhfoclóir na laethanta seo, dá fheabhas é.
Bhí leabhar Gaeilge ar iompar ag an Teachta Dála ón nGaillimh chomh maith an mhí seo caite nuair a thug sí cuairt ar stiúideo Tuairisc chun agallamh a thaifeadadh linn. Leabhar mór a bhí aici an lá sin leis, saothar breá taighde Kerron Uí Luain, Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023.
Mar bharr ar an donas, bhí an chuma air go raibh níos mó ná leath de léite aici.
Ag foghlaim mionteanga le Shakespeare
Tá leagan dátheangach Theatr Cymru de Romeo and Juliet le bheith in amharclann an Globe in Londain nuair a thiocfaidh deireadh lena chamchuairt sa Bhreatain Bheag.
I mBreatnais agus i mBéarla atá Romeo a Juliet agus meastar gurb é seo an chéad uair a chloisfear an Bhreatnais i seó in amharclann Shakespeare ar bhruach theas an Thames.
I Romeo a Juliet labhraíonn an dá chlann a bhíonn in adharca a chéile i dtragóid
Shakespeare teangacha éagsúla –an Béarla atá ag muintir Capulet agus an Bhreatnais atá ag muintir Montague.
I dtosach an dráma Béarla amháin a labhraíonn Juliet. Ach tagann athrú air sin, a deir Colby Browne, an t-aisteoir atá sa pháirt sin.
“Ach ba dhóigh leat gach uile uair go mbíonn teagmháil aici le Romeo, go dtugann sí barróg dó nó go bpógann siad a chéile, gurb amhlaidh go n-éiríonn sí níos Breatnaí agus níos Breatnaí,” a deir Browne.
“Faoi dheireadh an tseó, bíonn Juliet ag smaoineamh sa Bhreatnais, ag líonadh a cuid scamhóg léi, ag maireachtáil tríthi.”
Anois, cén múinteoir mionteanga nó foghlaimeoir toghcháin nach mbeadh sásta leis na torthaí foghlama sin?
Moltaí Dialann Tuairisc…
Dúirt ár léirmheastóir leabhar linn gur ag ‘princeam sa gcistineach’ a bhí sí nuair a chuala sí torthaí Ghradaim Leabhar na bliana Oireachtas na Gaeilge. Rud annamh é ag aon léirmheastóir Gaeilge a bheith ag princeam sa gcistineach nó aon áit eile agus ní fhéadfaimis dá bharr gan Bódléar le Darach Ó Scolaí agus Éan Corr le hAntain Mac Lochlainn a mholadh athuair daoibh. Ach ná hinis do Catherine Connolly é.
Pádraic Harvey
Tá leagan Gaeilge de “military-industrial complex” in siollabas staire na hArdteiste mar chuid de stair Mheiriceá ó bhí an chéad scrúdú ann in 2006. Bhí an topaic seo, “an coimpléasc míleata-tionsclaíoch”, luaite i measc na gceisteanna i 2013 agus 2023.