Cath – scéal grá in aimsir cogaidh – (Cuid 2)

CUID 2 - Tá áthas ar Tuairisc.ie Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh, úrscéal nua le Pól Ó Muirí d’fhoghlaimeoirí agus do léitheoirí i gcoitinne, a fhoilsiú anseo.

 

Caith2
LEARÁID: Mark Wickham

Foilsítear anseo Cuid 2 den leagan clóite agus fuaime de  Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh le Pól  Muirí. Is é an craoltóir aitheanta Dara Ó Cinnéide atá i mbun na léitheoireachta. Sár-scéal ó Ultach á léamh go cumasach ag Muimhneach! Bainigí taitneamh as agus bígí ag foghlaim!


Cuid 2

Bhí ar Adele dul go dtí an sráidbhaile. Níor thaitin an turas sin léi. Shiúil sí nó ghoid duine éigin a rothar.

“Na Gearmánaigh,” a dúirt na comharsana as béal a chéile. Sin a shíl Adele fosta ar dtús. “Na Gearmánaigh,” a dúirt sí léi féin.

Saighdiúir bradach éigin gan amhras. Na Gearmánaigh. Sin an tuairim a bhí aici féin go dtí lá amháin agus í ar an sráidbhaile. Chonaic sí a rothar faoi thóin mná de na comharsana. D’amharc sí an dara huair. Sea, a rothar a bhí ann go cinnte.

D’aithin sí an rothar; d’aithin sí go cinnte é.

Chuir Adele forrán ar an chomharsa. Bhí sí ag súil go mbeadh míniú éigin aici ar an scéal. “Madame,” a dúirt Adele go béasach. “Tháinig tú ar mo rothar. Cá bhfuair tú é? Shíl mé go raibh sé caillte.”

D’amharc Madame ar Adele go fuar. “Non. Tá tú contráilte. Is liomsa an rothar seo. M’fhear céile a fuair dom é.”

Bhain an abairt preab as Adele; ní raibh sí ag súil le habairt bhorb den chineál seo. Bhí olc ag Madame di. Lean Adele léi: “Mo leithscéal, Madame, ach níl an ceart agat. Is liomsa an rothar seo. Amharc…”

Rinne Adele iarracht a lámh a chur ar an rothar.

Tharraing Madame an rothar siar uaithi go borb.

“Stad!” a scairt sí. “Stad, a bhitseach! Coinnigh do lámha agat féin. Is liomsa an rothar seo. Liomsa.”

D’éirigh Adele feargach. Bhí Madame ag goid a rothair. Ní ligfeadh sí a rothar léi. “Tá tú contráilte,” a dúirt Adele arís, “is liomsa an rothar seo. Amharc…”

Bhuail Madame Adele lena bos. Bhuail sí go trom í. Phléasc leiceann Adele faoin bhuille.

Bhí Madame ag screadach in ard a cinn: “Níl ionat ach striapach Ghearmánach. Gabh ar ais chuig do shaighdiúir Gearmánach agus gheobhaidh sé rothar eile duit. Luigh leis agus gheobhaidh tú rothar eile. Imigh leat, a fhealltóir. Imigh!”

Mothaigh Adele go raibh súile an phobail sáite inti. Mhothaigh sí go raibh tost i ndiaidh titim ar an sráidbhaile ar fad. Bhí gach aon duine ag amharc uirthi. Bhí gach aon duine ag éisteacht léi. Thost Adele. D’amharc sí ar Madame agus dúirt go dalba: “Bhuel, más striapach mise, cad é atá ionatsa? Nach ndíolann tú biotáilte leis na Gearmánaigh chéanna? Nach ndíolann d’fhear céile, an búistéir, feoil leis na Gearmánaigh ó tháinig siad anseo? Cá mhéad míle franc a bhain sibh as pocaí Gearmánacha? Cá mhéad míle franc?”

Thost Madame. Bhí sí féin reoite le heagla anois. Thiontaigh Adele thart. Bhí sí ar stáitse os comhair an tsráidbhaile.

Bheic sí arís: “Más striapach mise, cad é a thabharfaidh muid ar an phóilín agus ar an dochtúir agus ar an sagart agus ar an bháicéir? Nár thug siad uilig seirbhís do na Gearmánaigh? Nár dhíol siad seirbhísí leis na Gearmánaigh? Nár thóg siad airgead ó na Gearmánaigh?”

Níor fhreagair duine ar bith í. Thug Adele aghaidh ar Madame arís. Fuair sí greim docht ar an rothar agus tharraing chuici féin é. “Is liomsa an rothar seo, Madame,” a dúirt Adele, “níl ionat ach gadaí lofa.”