Cath – scéal grá in aimsir cogaidh – Pól Ó Muirí

Tá áthas ar Tuairisc.ie Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh, úrscéal nua le Pól Ó Muirí d’fhoghlaimeoirí agus do léitheoirí i gcoitinne, a fhoilsiú anseo.

Caith2
LEARÁID: Mark Wickham

Gach seachtain as seo go ceann deich seachtaine, foilseofar leagan clóite agus fuaime de shliocht as Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh. Is é an craoltóir aitheanta Dara Ó Cinnéide atá i mbun na léitheoireachta. Sár-scéal ó Ultach á léamh go cumasach ag Muimhneach! Bainigí taitneamh as agus bígí ag foghlaim!


Cuid 1

Beacha. Beacha sa spéir. Beacha dubha. Beacha dorcha. Beacha dubha dorcha thuas sa spéir. Beacha colgacha. Beacha feargacha. Beacha marfacha. Néal dubh dorcha beach. Beacha tormánacha. Beacha callánacha.

D’amharc Adele in airde. Bhí an oiread sin acu ann. Bhain líon na n-eitleán preab aisti. Bhain an radharc a hanáil di. An oiread acu! An oiread acu. Bhí na beacha ag bogadh soir go tapa. Chonaic sí iad ach ní thiocfadh léi cuntas a dhéanamh orthu. Bhí barraíocht acu ann. Chuir sí a lámh lena clár éadain le sciath a thabhairt dá súile. Bhí an ghrian ag soilsiú go láidir inniu. Lá glórmhar samhraidh a bhí ann. Rinne sí iarracht cuntas a dhéanamh orthu: a haon; a dó; a trí; a ceathair. Stad sí. Bhí barraíocht acu ann. Bhí na mílte acu ann. Na mílte gan amhras. Meiriceánaigh a bhí ann; eitleáin Mheiriceánacha.

Chonaic sí go minic roimhe seo iad. Bhí siad ag teacht ó 1943 ar aghaidh. Is iomaí sin uair a d’amharc sí suas roimhe seo agus chonaic na beacha feargacha Meiriceánacha seo. Is iomaí sin uair a chonaic sí iad ag dul soir i dtreo cathracha i bhfad i gcéin. Tháinig na Meiriceánaigh sa lá agus na Sasanaigh san oíche. Sin an gnás. Bhí cleachtadh maith aici ar an ghnás sin faoi mhí an Mheithimh 1944. Na Meiriceánaigh sa lá agus na Sasanaigh san oíche. Sin an gnás. Sin an riail.

Is maith mar a thuig sí an riail faoin am sin. Bhí dhá bhliain caite aici ag amharc ar na Meiriceánaigh sa lá agus ag éisteacht leis na Sasanaigh san oíche. Is iomaí mír nuachta sa scannán faoi na heitleáin faoin am seo. Nuacht de chuid na Naitsíoch a bhí ann. Bhí gráin acu ar na Meiriceánaigh agus ar na Sasanaigh. Dúirt siad gur scrios siad na mílte eitleán gach lá agus gach oíche. Má scrios féin, tháinig an oiread céanna ar ais gach lá eile agus gach oíche eile.

Rinne Adele moill bheag. Bhí an bhó le bleán. Lig an bhó búir aisti. Rinne Adele neamhiontas di. Fan, a dúirt sí, fán. Rinne sí moill bheag eile. Shamhlaigh sí daoine sna heitleáin bheaga sin thuas sa spéir. Shamhlaigh siad fir óga – chomh hóg léi féin – thuas sna heitleáin bheaga sin. Bheadh cuid acu marbh faoi dheireadh an lae. Mhothaigh sí trua dóibh ach mhothaigh sí trua di féin agus Heinrich. Bhí na beacha marfacha sin d’eitleáin ag iarraidh a grá geal a mharú. Bhí Heinrich lena reisimint féin. Bhí siad ag iarraidh Heinrich a mharú. Bhí gach aon uile bheach ag iarraidh a grá geal a mharú. Lig Adele osna. Lig sí scread. Lig sí paidir chun na spéire. Ná maraigh Heinrich, a bheacha! Coinnigh Heinrich sábháilte, a Dhia.

Lig an bhó búir eile. Tharraing sí a súile ar shiúl ó na heitleáin. Bhí an bhó le bleán. Bheadh an babaí ag éirí ocrach. Chuala sí a máthair ag canadh sa chistin. Bhí an babaí ina shuí. Bheadh sé ag éirí ocrach. Lig an bhó búir amháin eile aisti. Bhí sí ag éirí mífhoighneach. Shiúil Adele chuici agus rinne neamhiontas de na heitleáin.

D’éirigh na beacha ciúin. Thit tost ar thuath na Normannach. Bhí an chuid seo den Fhrainc suaimhneach uair amháin eile an lá glórmhar samhraidh seo, mí an Mheithimh 1944. D’amharc Adele suas uair amháin eile. Bhí siad imithe. Bhí siad as radharc agus as éisteacht. Bhí an tuath ar fad faoi thost ach bhí Heinrich lena reisimint …
Beacha. Beacha sa spéir. Beacha dubha. Beacha dorcha. Beacha dubha dorcha thuas sa spéir. Beacha colgacha. Beacha feargacha. Beacha marfacha. Néal dubh dorcha beach. Beacha tormánacha. Beacha callánacha.

D’amharc Heinrich in airde. Bhí an oiread sin acu ann. Bhain líon na n-eitleán preab as. Bhain an radharc a anáil de. An oiread acu! An oiread acu! Bhí na beacha ag teacht aniar go tapa. Chonaic sé iad ach ní thiocfadh leis cuntas a dhéanamh orthu. Bhí barraíocht acu ann. Chuir sé a lámh lena chlár éadain le sciath a thabhairt dá shúile. Bhí an ghrian ag soilsiú go láidir inniu. Lá glórmhar samhraidh a bhí ann. Rinne sé iarracht cuntas a dhéanamh orthu: a haon; a dó; a trí; a ceathair. Stad sé. Bhí barraíocht acu ann. Bhí na mílte acu ann. Na mílte gan amhras. Meiriceánaigh a bhí ann; eitleáin Mheiriceánacha.

Chonaic sé go minic roimhe seo iad. Bhí siad ag teacht ó 1943 ar aghaidh. Is iomaí sin uair a d’amharc sé suas roimhe seo agus chonaic na beacha feargacha Meiriceánacha seo. Is iomaí sin uair a chonaic sé iad ag teacht aniar agus ag dul i dtreo cathracha i bhfad i gcéin, cathracha ina thír féin, cathracha na Gearmáine. Tháinig na Meiriceánaigh sa lá agus na Sasanaigh san oíche. Sin an gnás. Bhí cleachtadh maith aige ar an ghnás sin faoi mhí an Mheithimh 1944. Na Meiriceánaigh sa lá agus na Sasanaigh san oíche. Sin an gnás. Sin an riail.

Is maith mar a thuig sé an riail faoin am sin. Bhí ceithre bliana caite aige ag amharc ar na Meiriceánaigh sa lá agus ag éisteacht leis na Sasanaigh san oíche. Is iomaí mír nuachta sa scannán faoi na heitleáin faoin am seo. Nuacht de chuid na Naitsíoch a bhí ann. Bhí gráin acu ar na Meiriceánaigh agus ar na Sasanaigh. Dúirt siad gur scrios siad na mílte eitleán gach lá agus gach oíche. Má scrios féin, tháinig an oiread chéanna ar ais gach lá eile agus gach oíche eile.

Rinne Heinrich moill bheag. Shamhlaigh sé daoine sna heitleáin bheaga sin thuas sa spéir. Shamhlaigh sé fir óga – chomh hóg leis féin – thuas sna heitleáin bheaga sin. Bheadh cuid acu marbh faoi dheireadh an lae. An mbeadh sé marbh ina chuideachta? Ruaig sé an smaoineamh sin. Dhiúltaigh sé géilleadh don smaoineamh sin. Tháinig sé slán ar ócáidí eile den sórt seo. Tháinig sé slán agus é sa Pholainn agus san Afraic. Tháinig sé slán as cathanna móra fuilteacha. Thug sé a cheann leis. “Tiocfaidh mé slán inniu,” a dúirt sé leis féin, “tiocfaidh mé slán inniu. Tabharfaidh mé mo cheann liom. Ní bhfaighidh mé bás inniu. Ní bhfaighidh mé bás inniu. Mairfidh mé. Tiocfaidh mé slán.”

Ghreamaigh a mhéara thart ar an bhonn beag airgid a bhí faoina mhuineál. Adele a thug dó é. Bonn Mhuire, máthair Dé a bhí ann. Bonn beag airgid. Bonn a bheannaigh an sagart, a dúirt Adele leis. Ghreamaigh a mhéara faoin bhonn. Mhothaigh sé a mhéara ar a chliabh féin. Mhothaigh sé méara Adele ar a mhuineál agus ar a chliabh. Mhothaigh sé í agus í ag cur shlabhra an bhoinn faoina mhuineál. Mhothaigh sé a méara ar a chraiceann. Mhothaigh sé a hanáil ina chluas mar a chroch sí an slabhra faoina mhuineál. Mhothaigh sé a hanáil agus a guth: “Ní dhéanfaidh duine ar bith dochar duit agus an bonn seo ort.” Mhothaigh sé a póg, a beola, a hanáil, a beo, a guth.

Thosaigh na beacha marfacha a chaoineadh. Thosaigh na beacha feargacha a scairteadh. Thosaigh na beacha fuilteacha ag tabhairt amach. Thit na buamaí dorcha colgacha. Thit siad ceann ar cheann. Thit siad gan stad gan staonadh. Thit siad. Thit siad. Thit siad.

Chorraigh an talamh féin. Chorraigh an talamh mar a bheadh farraige ann. Chorraigh an talamh mar a bheadh stoirm ar farraige ann. D’imigh tonnta as an talamh, tonnta clábair. D’éirigh féar agus péisteanna agus ithir agus daoine den talamh. Chorraigh na buamaí an talamh agus bhog na buamaí an talamh agus lúb na buamaí an talamh agus scoilt na buamaí an talamh. Choinnigh Heinrich greim ar an bhonn. Choinnigh sé greim ar bhonn agus ar phóg Adele agus ar bheola Adele agus ar anáil Adele agus ar bheo Adele agus ar ghuth Adele.

Ba í a ghrá geal í. Lig sé scread. Lig sé paidir chun na spéire. Ná maraigh mé, a bheacha! Coinnigh sábháilte mé, a Dhia. Ní drochdhuine mé. Ní drochdhuine mé. Lig sé scread eile. Níor chuala duine ar bith an scread. Choinnigh sé greim ar an bhonn. Choinnigh sé greim ar chuimhne Adele. Choinnigh sé greim ar an phíosa beag talaimh a bhí thíos faoi agus dúirt paidir agus paidir agus paidir agus paidir.

D’éirigh na beacha ciúin. Thit tost ar thuath na Normannach. Bhí an chuid seo den Fhrainc suaimhneach uair amháin eile an lá glórmhar samhraidh seo, mí an Mheithimh 1944. D’amharc Heinrich suas uair amháin eile. Bhí siad imithe. Bhí siad as radharc agus as éisteacht. Bhí an tuath ar fad faoi thost ach d’fhillfeadh siad arís agus arís…