Cath Santiago, an cárta buí agus Weeshie Fogarty

Cad as a dtáinig na cártaí buí agus na cártaí dearga? Corn Sacair an Domhain ba chúis lena nginiúint…

Cath Santiago, an cárta buí agus Weeshie Fogarty

Má rinne tú iontas riamh faoin mbunús a bhaineann leis na cártaí buí agus dearga seo a bhíonn i bpócaí réiteoirí ag cluichí, beidh suim agat a chloisteáil gurbh é Corn Sacair an Domhain ba chúis lena nginiúint.

Go deimhin le bheith níos pointeáilte fós faoi, is aon chluiche amháin faoi leith le linn Chorn an Domhain i 1962 atá i gceist. Cluiche inar imir foireann na Sile in aghaidh na hIodáile i Santiago – ceann ar dhúirt tráchtaire an BBC David Coleman ina thaobh, ‘the most stupid, appalling, disgusting, and disgraceful exhibition of football possibly in the history of the game’.

Ní mba naimhdeas peile amháin ba chúis leis an mbrocamas ná leis na ráigeanna troda a facthas. Roimh thús an chomórtais rinne roinnt nuachtán san Iodáil beag de pheileadóirí na Sile, den tír féin agus ar chúis éicint de mhná na tíre. Ionad dramhaíola a bhí lán de choiriúlacht agus de mhná scaoilte ab ea Santiago, a dúradar.

Nuair a bhain peileadóirí na hIodáile an tSile amach a tuigeadh an cantal a bhí curtha ar phobal na tíre sin de bharr ar foilsíodh. Tugadh faoi fheachtas athmhuintearais. Mar chuid de, chuir bainistíocht na hIodáile a gcuid imreoirí chomh fada le chuile chúinne den staid agus bláthanna acu le roinnt ar na spéirmhná bhí i measc an lucht féachana, sular thosaigh an imirt.

B’amhlaidh a caitheadh a bhformhór ar ais acu – réamhtheachtaireacht ar a raibh le theacht.

Bhí na himreoirí in éadan a chéile ón tús agus is beag den imirt a bhí déanta nuair a chuir an réiteoir Sasanach, Ken Ashton, duine de na hIodálaigh den pháirc. Bhailigh buíon imreoirí ina thimpeall – ag brú agus ag tarraingt a chéile nó go mb’éigean do phóilíní armtha a theacht isteach le dul eatarthu.

Ní raibh ansin ach a thús. Thug réalt na Sile, Leonel Sánchez, iarraidh dá chiotóg do dhuine d’imreoirí na hIodáile, iarraidh a bhí chuile orlach chomh maith leis an gciotóg lenar chuir Henry Cooper Cassius Clay ar a thóin i Wembley bliain dár gcionn. Sula raibh an imirt déanta bhris salamandar eile de chuid Sanchez srón Iodálaigh eile, Mario David.

Mar sin féin níor cuireadh den pháirc é.

Ar éirí ina sheasamh do David, tharraing sé cic sa gcloigeann ar Sánchez. Tugadh bata agus bóthar don Iodálach ceart go leor, ach tháinig sé ar ais ar an bpáirc i ngan fhios don réiteoir. Díbríodh don dara babhta é.

Stopadh an imirt chomh minic sin agus gur mhair an chéad leath 57 nóiméad.

Leanadh den achrann, den streachailt agus den scliúchas sa dara leath, leath inar scóráil an tSile faoi dhó.

Shamhlófá go mba é Ken Aston an fear ba shásta a bhí sa staid nuair a shéid sé an fheadóg dheireanach.

B’in rud nach ndearna sé arís le linn an chomórtais. Níorbh aon cheann de na heachtraí foréigin ba chúis leis sin ach stróiceadh a bhain sé as teannán Aichill ag tráth éicint a raibh sé ag iarraidh an tsíocháin a choimeád.

Go deimhin ba bheag eile den chúram sin a rinne Aston, a d’fhill ar a ghairm mar mhúinteoir scoile. Ach, nuair a bhí siadsan ag ullmhú do Chorn an Domhain ar a dtalamh féin i 1966, chuir FA Shasana de chúram air a bheith i gceannas na réiteoirí ansiúd.

Facthas cluiche cancrach eile i Wembley le linn an chomórtais sin, cé nach raibh sé chomh dona le ‘Cath Santiago’.

Sasana in aghaidh na hAirgintíne a bhí in adharca a chéile an babhta seo. 35 nóiméad a bhí caite san imirt nuair a dhiúltaigh captaen na hAirgintíne, Antonio Rattin, an pháirc a fhágáil agus ordaithe ag an réiteoir dó sin a dhéanamh. Bhí 9 nóiméad caite sular thosaigh an imirt athuair.

I nuachtáin an tráthnóna, tuairiscíodh gur thug an réiteoir rabhadh do dheartháireacha Shasana, Jack agus Bobby Charlton, le linn na himeartha ach bhí cuid mhaith neamhchinnteachta faoi sin. Bhí oiread ruaille buaille ag baint leis an lá agus nach raibh na peileadóirí fhéin an-chinnte faoi. Amach sa tráthnóna, chuir Jack glaoch ar oifig an phreasa san FA féachaint cén léamh a bhí acusan ar an scéal.

Tharla go raibh Ken Aston san oifig. Chuir sé suim sa gcomhrá a bhí idir Charlton agus an té a bhí ag caint leis. D’fhág a thaithí réiteoireachta go raibh tuiscint mhaith ag Aston ar an easpa soiléireachta a tharlaíodh anois agus arís ar pháirc na himeartha. Ba cuid dá chuid oibre anois a theacht ar bhealaí le feabhas a chur air sin.

Bhí sé fós ar a intinn agus é ag tiomáint abhaile uair an chloig dár gcionn. Ba bheag den aistear a bhí déanta aige nuair a bhagair soilse tráchta ar Kensington High Street go raibh sé in am stopadh.

Mar a dhéanann muid ar fad ina leithéid de chás, bhí sé ina shuí go suaimhneach, ag déanamh drumadóir dó féin ar an roth stiúrtha agus ag breathnú suas ar na soilse, nuair a bhuail an splanc thuisceana é.

An buí agus an dearg.

Ag an gCorn Domhanda a lean, i Meicsiceo i 1970, a triaileadh ar dtús na cártaí, tráth a raibh Aston ceaptha ina cheannasaí ag FIFA anois. Ní i bhfad a thóg sé gur tuigeadh go mba mhaith an cúnamh iad d’imreoirí, do réiteoirí agus don lucht féachana ar an láthair agus dóibh siúd a bhí ag brath ar an an teilifís.

Mar sin féin ghlac sé tamall sular cláraíodh go foirmeálta iad i rialacha na himeartha – 1976 i gcás an FA.

Cúpla bliain dár gcionn (agus boladh na gCluichí Gallda imithe díobh) thosaigh Cumann Lúthchleas Gael ag baint úsáid as na cártaí dearga agus buí.

Bhí Weeshie Fogarty, fear a raibh aithne mhaith agam air agus atá imithe uainn ar shlí na fírinne anois, ar an gcéad réiteoir a chroch ceann san aer i gcluiche sa bPeil Ghaelach.

Cluiche Turnaiminte idir Ciarraí agus Uíbh Fhailí ar Pháirc an Ghearaltaigh go luath sna 1980idí a bhí i gceist agus ba dhuine de chosantóirí Uíbh Fhailí, Mick Wright a rinne an choir.

Ar bhonn trialach a bhí na cártaí tugtha isteach ag Páirc an Chrócaigh ach rinne siad aon bhotún amháin – dhearmad siad na cártaí féin a chur amach chuig na réiteoirí a bhí in ainm úsáid a bhaint astu.

 

Píosaí de chlúdaigh chóipleabhair a bhí ina phóca ag Weehsie – ceann dearg gearrtha as cóipleabhar scoile lena iníon Denise agus ceann buí ó chóipleabhar de chuid iníne eile leis – Carol Ann.

Fág freagra ar 'Cath Santiago, an cárta buí agus Weeshie Fogarty'