Lá stairiúil don teanga an lá inniu agus an chéad choimisinéir Gaeilge sa Tuaisceart ag dul i mbun oibre.
Cé nach bhfuil an lá féin curtha isteach go fóill ag Pól Deeds ina ról nua, tá tréith an mhisnigh á lua go láidir leis cheana.
An misneach a theastaigh an jab a thógáil in aon chor atá i gceist gan dabht, léiriú ar na deacrachtaí atá roimhe.
Fágann a laige is atá an reachtaíocht teanga faoina bhfuil oifig an choimisinéara nua bunaithe go bhfuil an mhuinín atá ag pobal na teanga as Pól Deeds maolaithe ábhairín ag an dtuiscint atá acu ar na dúshláin chasta a bheidh le sárú aige.
An fhadhb is mó a bheidh ag Pól Deeds ná go bhfuil de facto veto ag an DUP ar na caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach aige. Sara mbeidh seans aige aon rialacha a chur i bhfeidhm beidh air beannacht agus cead a fháil ón gCéad-Aire agus ón LeasChéad-Aire ‘in éineacht’.
Sin go bunúsach veto ar chearta teanga ag páirtí a bhfuil an cogadh cultúrtha atá á throid in aghaidh na Gaeilge le blianta acu ag dul i ndéine le tamall.
Sin veto ar chearta teanga ag an DUP atá i ndianchoimhlint ar son vótaí leis an TUV, an t-aon pháirtí sa Tuaisceart atá níos frith-Ghaeilge ná iad féin.
Cuimhnigh go bhfuil oifig an choimisinéara á bunú faoi reachtaíocht teanga agus chultúir arbh éigean í a thabhairt isteach in Westminster toisc, dá laige í, nár éirigh le polaiteoirí Stormont teacht ar chomhaontú fúithi.
‘Diongbháilte’ an focal a roghnaigh an Coimisinéir Gaeilge nua do phíosa ealaíne atá coimisiúnaithe aige dá oifig nua. Rogha mhaith focal atá ann.
Beidh air an fód a sheasamh go diongbháilte daingean agus, ag an am céanna, a bheith seiftiúil straitéiseach agus é ag iarraidh spiorad an chomhoibrithe a chothú i measc dream nach bhfuil suim dá laghad acu sa chomhoibriú.
Beidh air a bheith uaillmhianach agus misniúil agus, ag an am céanna, a bheith cúramach gan dóchas bréige a thabhairt do dhaoine.
Ó thaobh phobal na Gaeilge de, in ainneoin iad a bheith ag fanacht le fada ar chearta bunúsacha, beidh orthu a bheith tuisceanach faoi na laincisí a bheidh ar an gcoimisinéir nua.
Ó dheas den teorainn, áit nach bhfuil realpolitik na teanga leath chomh naimhdeach don Ghaeilge, táthar ag fanacht ceithre bliana ar na caighdeáin teanga gealladh sa reachtaíocht Ghaeilge is déanaí a tugadh isteach.
Beidh ar Phól Deeds cur suas leis an saghas sin moilleadóireachta agus maorlathais chomh maith leis an gcogadh cultúrtha in aghaidh na Gaeilge atá á fhearadh sa Tuaisceart.
Obair chrua achrannach atá roimhe ach léiriú a cheapachán gur féidir dul chun cinn stairiúil a dhéanamh ó thaobh na teanga de sa Tuaisceart, más go mall féin é.
Guímid gach rath air – níor chaill fear an mhisnigh riamh é.
Fág freagra ar 'Cath ar son cearta teanga agus cogadh cultúrtha le troid ag céad choimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt'