Cás na gcoláistí samhraidh agus na ‘mná tí’ ardaithe leis an Aire Gnó sa Dáil

Ardaíodh ceist na gcoláistí samhraidh sa Dáil tráth a bhfuil na coláistí samhraidh Gaeltachta agus na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí ag fanacht ar eolas faoi cén tacaíocht atá i ndán dóibh

Cás na gcoláistí samhraidh agus na ‘mná tí’ ardaithe leis an Aire Gnó sa Dáil

Dúirt an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta Heather Humphreys sa Dáil tráthnóna inné go raibh cás na gcoláistí samhraidh agus na ‘mná tí’ go háirithe á phlé aici le hAire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

Pacáiste cúitimh don “bhean an tí” agus do na coláistí atá á phlé ag an dá roinn, a dúirt sí. Bhí freagra á thabhairt ag an aire ar cheist a chuir an Teachta Dála neamspleách Catherine Connolly uirthi.

Ardaíodh ceist na gcoláistí samhraidh sa Dáil tráth a bhfuil na coláistí samhraidh Gaeltachta agus na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí ag fanacht ar eolas faoi cén tacaíocht atá i ndán dóibh.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta an Seanadóir Seán Kyne cheana go mbeadh cúiteamh éigin ar fáil toisc nach mbeidh aon chúrsaí samhraidh ann i mbliana de thoradh na paindéime domhanda.

Agus labhairt di le Tuarisic.ie, dúirt Máire Denvir, duine de stiúrthóirí Choláiste Chamuis, an coláiste samhraidh aitheanta i gConamara, go raibh lucht na gcoláistí samhraidh ag fanacht “go foighdeach” le heolas faoin chinéal pacáiste a bheas á chur ar fáil dóibh.

“Tá muid foighdeach agus tá muid ag fanacht agus tá súil againn go mbeidh scéal dearfach againn go gairid.”

Dúirt Máire Denvir go gcaithfí “tarrtháil” a dhéanamh ar na coláistí Gaeilge agus airgead caite acu ó Mheán Fómhair seo caite ar chúrsaí na bliana seo.

“Tá na coláistí stiúrtha ag Roinn na Gaeltachta ar gach bealach agus tá dualgas ar an roinn. Is géarchéim é seo agus is cóir don roinn teacht i gcabhair orainn in am na géarchéime sa gcaoi is nach gcuirtear deireadh le breis agus céad bliain de thraidisiún,” a dúirt Máire Denvir.

Sa bhliain 1904 a bunaíodh na chéad choláistí samhraidh agus meastar gur fiú €50 milliúin an tionscal do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Dúirt Máire Denvir nach raibh “aon phleanáil teanga níos foirfe ná níos fearr” ná reáchtáil na gcúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Má tá muid ag caint ar phlean 20 Bliain don Ghaeilge agus ar an bpleanáil teanga, níl aon phleanáil teanga eile níos foirfe ná níos fearr na scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge mar go dtagann na Gaeilgeoirí isteach sna tithe agus maireann siad ann agus tuigeann siad an cultúr.

“Ní amháin sin ach meabhraíonn sé go ghasúir na dtithe agus do dhaoine óga sa Ghaeltacht go bhfuil rud éigin an luachmhar acu le roinnt acu,” a dúirt Máire Denvir ó Choláiste Chamuis.

Cé nach raibh CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh, in ann aon uasdátú a thabhairt do Tuairisc.ie maidir leis na cruinnithe a bhí acu leis an Aire Sean Kyne go dtí seo, dúirt siad cheana raibh “tionscal na gcoláistí samhraidh i mbaol” de bharr na géarchéime.

Tá ráite ag an eagraíocht go bhfuil gá le “soiléiriú” maidir leis an tslí a dtiocfadh Roinn na Gaeltachta i gcabhair ar na coláistí Gaeltachta agus ar na teaghlaigh Ghaeltachta “a bheas thíos go mór” leis an chinneadh atá déanta na cúrsaí a chur ar ceal.

Dúradh go mbeadh “tionchar mór” ag an chinneadh ar theaghlaigh, ar phobal agus ar gheilleagar na Gaeltachta.

Ba chóir don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an tacaíocht “chuí” a chur ar fáil do na coláistí Gaeilge féin agus do na teaghlaigh Ghaeltachta a bhíonn ag obair leo, a dúirt Concos.

Chaithfí a chinntiú, a dúradh, go mbeidh “chuile choláiste Gaeilge in ann leanacht ar aghaidh sa mbliain 2021”.

Fág freagra ar 'Cás na gcoláistí samhraidh agus na ‘mná tí’ ardaithe leis an Aire Gnó sa Dáil'