Cás maidir le faisnéis guthán póca buaite ag Graham Dwyer san Ard-Chúirt

Mhaígh lucht dlí an dúnmharfóra Graham Dwyer go raibh sárú déanta ar a chearta príobháideachais faoin mBunreacht, faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Cás maidir le faisnéis guthán póca buaite ag Graham Dwyer san Ard-Chúirt

D’éirigh inniu san Ard-Chúirt le dúshlán dlí an dúnmharfóra Graham Dwyer in aghaidh an Stáit agus Choimisinéir an Gharda Síochána maidir leis an bhfaisnéis ó ghutháin póca a bhí lárnach ina thriail. 

Chinn an Breitheamh gur sháraigh reachtaíocht de chuid na hÉireann maidir le coinneáil faisnéise ó ghutháin póca reachtaíocht na hEorpa.

D’fhéadfadh go mbeidh tionchar ag cinneadh an Bhreithimh Tony O’Connor san Ard-Chúirt inniu ar achomharc Dwyer i gcoinne a chiontaithe trí bliana ó shin i ndúnmharú Elaine O’Hara in 2012 agus ar cásanna go leor eile.

Baineadh úsáid le linn na trialach in 2015 as eolas ó sholáthróirí seirbhísí guthán póca chun fáil amach cá raibh guthán póca Dwyer ag amanna éagsúla agus chun léargas a fháil ar an teagmháil a rinneadh idir a ghuthán póca agus gutháin eile. Faoi reachtaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh ó 2011, b’éigean do chomhlachtaí fóin a leithéid d’eolas a choinneáil ar feadh dhá bhliain, ach fuarthas i gCúirt Bhreithiúnais an Aontas Eorpaigh in 2014 go raibh an treoir áirithe sin ón AE neamhbhailí toisc gur chuir sé isteach ar chearta príobháideachais agus eile an duine. 

Mhaígh lucht dlí Dwyer go raibh sárú déanta dá réir ar a chearta faoin mBunreacht, faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Mhaígh lucht dlí an Stáit gurbh amhlaidh gur threise an ceart a bhí ag na Gardaí bás Elaine O’Hara a fhiosrú ná ceart chun príobháideachais Dwyer. 

Maíodh le linn na trialach féin go raibh an fhianaise ó na gutháin neamhbhailí ach ceadaíodh sa chúirt í. 

Fág freagra ar 'Cás maidir le faisnéis guthán póca buaite ag Graham Dwyer san Ard-Chúirt'