D’fhéadfaí cás láidir a dhéanamh gur sháraigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Náisiúnta a scéim teanga féin nuair a d’aistrigh Eircode logainmneacha Gaeltachta go Béarla i litreacha a seoladh chuig daoine sa Ghaeltacht.
Dar leis an Dr John Walsh, sochtheangeolaí agus saineolaí ar an reachtaíocht teanga, go bhfuil údar maith ann a cheapadh nár chloígh an Roinn le gealltanais reachtúla na scéime teanga a d’aontaigh siad le hAire na Gaeltachta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Sa scéim teanga sin, a mhaireann go dtí 2017, deirtear go ‘gcuirfear tríú páirtithe a dhéanann obair ar son na Roinne, ar an eolas faoin scéime (sic) de réir mar is cuí agus spreagfar iad chun spiorad na scéime a léiriú sna seirbhísí a chuireann siad ar fáil’.
Geallann an scéim go mbeidh an Roinn Cumarsáide dílis do logainmneacha na Gaeltachta de réir mar a shonraítear iad in Acht na Logainmneacha 2005.
“Níl stádas dlíthiúil Eircode féin go hiomlán soiléir, ach tá lógó na Roinne le feiscint go soiléir ar a shuíomh idirlín agus is léir go bhfuil Capita Business Support Services Ireland ag feidhmiú ar son na Roinne, ar a laghad, murar fochomhlacht de chuid na Roinne é,” a dúirt an Dr Walsh, Ceann Gníomhach na Roinne Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Fiú sa chás go bhféadfaí a chruthú gur comhlacht príobháideach é Eircode atá neamhspleách, chaithfeadh an Roinn, a deir an Dr Walsh, a chruthú gur spreagadar Eircode chun cloí leis an bhforáil ina scéim faoi na logainmneacha Gaeltachta chun go bhféadfaidís a mhaíomh nár sáraíodh an scéim teanga.
“Mar sin, beag beann ar stádas Eircode mar chomhlacht, creidim go mbaineann an fhoráil sin leo agus gur ghá go gcloífidís le gealltanais reachtúla na scéime fad is a bhaineannn sé le húsáid logainmneacha oifigiúla na gceantar Gaeltachta”.
I gcaibidil a dó de scéim na Roinne Cumarsáide, a bhaineann le cumarsáid leis an bpobal, tugtar gealltanas reachtúil go ndéanfar na socruithe cuí maidir le húsáid ‘logainmneacha oifigiúla na gceantar Gaeltachta mar atá fógraithe ag an Aire in Ordú na Logainmneacha Gaeltachta 2005 mar réamhshocrú do chuspóirí coparáideacha (sic), lena n-áirítear, mar is cuí, cuspóirí reachtúla, corparáideacha agus staidrimh’.
Bunaithe ar an meid sin, dúirt an Dr Walsh go bhféadfaí, dar leis, a áiteamh “gur sáraíodh an chuid sin den scéim teanga go soiléir toisc nár úsáid Eircode na logainmneacha Gaeltachta”.
Dúirt an Dr Walsh nach raibh aon dualgas ar aon chomhlacht poiblí seoltaí Gaeilge a úsáid in áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht toisc nach bhforáiltear é sin in Acht na dTeangacha Oifigiúla.
“Baineann airteagal a 32 den Acht le logainmneacha agus cé go ndéantar socrú ann maidir le horduithe logainmneacha ar fud na tíre, níl aon cheangal ar an stát an leagan Gaeilge a úsáid.
“Baineann airteagal a 33 le logainmneacha Gaeltachta agus cuirtear ceangal ar an stát an leagan Gaeilge amháin a úsáid i dtrí chás shonracha: in aon acht nó ionstraim reachtúil, i léarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus ar chomharthaí bóthair a chrochann údarás áitiúil.”
Ní bhaineann na trí choinníoll sin le cás Eircode, a dúirt sé, toisc gur comhfhreagras le muintir na Gaeltachta atá i gceist.
Creideann an Dr Walsh, áfach, go dtagann scéim teanga na Roinne Cumarsáide i gceist sa chonspoíd faoi chúrsaí teanga agus Eircode, mar gur gheall an Roinn sa scéim sin “go n-úsáidfeadh sí na logainmneacha Gaeltachta ar shlí níos ginearálta”.
Ní féidir aon cheangal maidir le hainmneacha pearsanta Gaeilge a chur ar aon chuid den stát toisc nach luaitear a leithéid in Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach i gceannteidil an bhille leasaithe a foilsíodh anuraidh, moladh foráil a rachadh i ngcleic leis an gceist sin.
Dar leis an Dr John Walsh go léiríonn an chonspóid faoi Eircode “na laigí tromchúiseacha” atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla.
“Tá dhá bhliain déag caite ó cuireadh an tAcht i bhfeidhm den chéad uair agus ceithre bliana ó fógraíodh go ndéanfaí athbhreithniú air. Mura gcuirfear leasuithe le dealramh i bhfeidhm ar an Acht – forálacha níos treise maidir le logainmneacha agus ainmneacha pearsanta, mar shampla – níl ann ach ceist ama go dtiocfaidh an chéad chonspóid eile chun cinn.
“Tá ceisteanna le freagairt ag Eircode mar gheall ar a gcuid modhanna oibre inmheánacha. Mar shampla, cé a shocraigh ainmneacha agus seoltaí Gaeilge a athrú ar an gcéad dul síos agus cad ina thaobh?” a dúirt an Dr Walsh le Tuairisc.ie.
Dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh cás Eircode á phlé faoi láthair leis an Roinn Cumarsáide.
Fág freagra ar '‘Cás láidir’ ann gur sháraigh an Roinn Cumarsáide an reachtaíocht teanga i gconspóid Eircode'