Plean nua do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla le foilsiú i mbliana

Bunaíodh aonad nua sa Roinn Oideachais le déanaí chun plean gníomhaíochta a fhorbairt i leith theagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla an stáit

Plean nua do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla le foilsiú i mbliana

Tá sé i gceist plean gnímh chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn i scoileanna Béarla an stáit a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Tá aonad nua bunaithe sa Roinn Oideachais chun díriú ar mhúineadh na Gaeilge mar ábhar i scoileanna meán-Bhéarla agus obair ar bun le plean gníomhaíochta a fhorbairt.

Tá polasaí don oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm cheana féin ag an Roinn agus tá polasaí do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le foilsiú i mbliana. Tá an Roinn Oideachais agus Roinn an Leanaí ag obair chomh maith ar phlean náisiúnta a fhorbairt maidir le soláthar na Gaeilge in earnáil an luathoideachais.

Deir an tAire Oideachais Helen McEntee gur “céimeanna tábhachtacha iad na polasaithe agus tograí seo i dtreo soláthar polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais”.

Anuraidh a bunaíodh an t-aonad nua chun díriú ar an bplean don Ghaeilge i scoileanna Béarla. Deir an Roinn go bhfuil beirt oifigeach ag obair go lánaimseartha san aonad faoi láthair agus go bhfuil beirt eile ag obair ann “ar bhonn 50% araon”. Dúradh go bhfuil oifigeach lánaimseartha eile le tosú san aonad go luath.

“Tá sé beartaithe an Plean Gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla a fhoilsiú faoi dheireadh 2025,” a dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais.

Reáchtáladh cruinniú faoi fhorbairt an phlean le páirtithe éagsúla le déanaí agus tá sé i gceist breis comhairliúcháin a dhéanamh sna míonna amach romhainn.

Tá sé i gceist go dtabharfadh an plean faoi chuid de na dúshláin a bhaineann le múineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla.

In 2022, dúirt Príomhchigire na Roinne Oideachais i dtuarascáil gur “ábhar mór imní” a bhí i dtorthaí foghlama daltaí a bhí ag foghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla an stáit.

Dúradh sa tuarascáil, a bhí bunaithe ar chigireachtaí a rinneadh le linn tréimhse ceithre bliana, go raibh cáilíocht foghlama na scoláirí sa nGaeilge go maith nó go han-mhaith i bhformhór na scoileanna ach go raibh sí i bhfad níos ísle ná na caighdeáin a baineadh amach i gcroí-ábhair eile. Mar shampla in iar-bhunscoileanna an stáit, bhí an fhoghlaim “go maith nó go han-mhaith” de réir 76% de na tuairiscí cigireachta, i gcomparáid le 87% i gcás an Bhéarla agus 91% i gcás na Matamaitice.

Dúradh go raibh gá le níos mó deiseanna a thabhairt do scoláirí chun an Ghaeilge a úsáid le linn na gceachtanna “trí thascanna agus gníomhaíochtaí taitneamhacha, cruthaitheacha agus spreagúla”.

Measadh chomh maith go bhféadfaí úsáid níos mó a bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach chun foghlaim na Gaeilge a chur chun cinn sa seomra ranga.

Moladh teagasc na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge sa tuarascáil chéanna.

Meastar go bhfuil ag éirí go maith leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, atá á cur i bhfeidhm ó 2017. D’éirigh le breis is 100 scoil aitheantas oifigiúil mar Scoil Ghaeltachta a bhaint amach anuraidh.

Táthar fós ag fanacht ar fhoilsiú an Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus é ráite ag an Roinn go mbeidh sé réidh roimh dheireadh na scoilbhliana.

Fág freagra ar 'Plean nua do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla le foilsiú i mbliana'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bíodh ábhair eile ar an churaclám á fhoghlaim trí mheán na Gaeilge agus bíodh sí mar theanga cumarsáide ag múinteoirí agus foireann na scoile chun dea-shampla a thabhairt do dhaltaí nach rud aisteach ar bith é cumarsáid a dhéanamh i ngaeilg taobh amuigh den seomra ranga.

    Caidé fá chomharthaíocht dátheangach ar shuíomh na scoile agus tús áite ag an leagan Ghaeilge? Bíodh cothromaíocht ann don leagan Ghaeilge. Fógraí i nGaeilg, ainm na scoile i nGaeilg, páipéarachas dátheangach, teidil na múinteoirí i nGaeilg, an Ghaeilg ar ríomhphoist agus an suíomh idirlín. Tá go leor gur féidir a dhéanamh le aitheantas níos mó a thabhairt don Ghaeilg i scoltacha na tíre seo – ach an toil bheith ann lena dhéanamh..