Cartlann 20,000 grianghraf le bronnadh ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Cartlann 20,000 grianghraf le bronnadh ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Cartlann 20,000 grianghraf le bronnadh ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Tá 20,000 grianghraf a tógadh i gCorca Dhuibhne idir na 1970idí agus na 1990idí le bronnadh ag grianghrafadóir as Baile an Fheirtéaraigh ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne (CFCD). Bhí Aodán Ó Conchúir, as an Seanchnoc, ina ghrianghrafadóir gairmiúil neamhspleách agus sholáthraíodh sé pictiúir do The Kerryman agus do The Irish Examiner.

Tá bailiúchán mór grianghraf aige a chnuasaigh sé i gcaitheamh na mblianta a chaith sé lena ghairm agus tá an cinneadh déanta aige an bailiúchán sin a thabhairt ar láimh do CFCD lena chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal.

Tá idir dhá agus trí chéad bosca grianghraf sa bhailiúchán agus is pictiúir d’ócáidí poiblí agus ócáidí príobháideacha atá i gceist. Beidh cuid de na pictiúir ó ócáidí poiblí ar taispeáint ar shuíomh idirlín atá le forbairt ag CFCD. Tá sé i gceist ag an gComharchumann maoiniú a lorg leis an tionscadal mór seo a chur i gcrích.

Dúirt Ruth Uí Ógáin ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne  le Tuairisc gur “cnuasach fíorluachmhar” atá ag Aodán agus go bhfuil léiriú ina chuid íomhánna ar “shaol na ndaoine” i gCorca Dhuibhne sna 1970idí, 1980idí, agus 1990idí.

An bhliain seo caite, seoladh ‘Blaiseadh de Chorca Dhuibhne’ – cartlann grianghraf a fuarthas ó mhuintir na háite. D’iarr an comharchumann ar phobal Chorca Dhuibhne grianghraif a tógadh san áit a chur ar fáil do chartlann dhigiteach. Dúirt Uí Ógáin go rabhthas ag súil le tuairim is 100 íomhá ach gur tháinig a shé oiread sin isteach.

“An rud a bhí i gceist ná gur theastaigh uainn go mbaileodh an pobal grianghraif, cosúil leis an gcartlann atá ar Dúchas.ie, ach bunaithe ar Chorca Dhuibhne amháin.

“Fuaireamar maoiniú ón gComhairle Oidhreachta lena dhéanamh, agus an sprioc againn 100 grianghraf a bhailiú. Tá timpeall 600 anois ann agus nach mór 200 acu sin ar fáil ar an suíomh. Tá sé i gceist againn leanúint ar aghaidh leis an togra sin.

Beifear ag lorg tacaíochta chun ‘Bailiúchán Aodáin Uí Chonchúir’ a chur ar bun.

“Nuair a tháinig Aodán chugainn agus an bailiúchán ollmhór seo aige, bheartaíomar rud ar leith a dhéanamh leis. Beidh sé in áit eile ar an suíomh – ‘Bailiúchán Aodáin Uí Chonchúir’ agus beimid ag lorg maoiniú speisialta lena aghaidh,” a dúirt Ruth Uí Ógáin le Tuairisc.

Dúirt sí go bhfuil “caighdeán an-mhaith” in íomhánna Aodáin agus go bhfuil léiriú iontu ar ghnéithe éagsúla de ghnáthshaol na leithinse san am a caitheadh.

“Tá caighdeán an-mhaith sna pictiúir mar gheall ar a ghairmiúlacht, tá siad an-ealaíonta agus tá rudaí deasa le feiscint iontu. Tá ócáidí poiblí agus grianghraif ó na scoileanna ar fad sa cheantar chomh le póstaí agus ócáidí príobháideacha eile.

“Ní bheidh na grianghraif ó na hócáidí príobháideacha sin ar líne ach beidh na híomhánna a tógadh ag ócáidí poiblí ar fáil don phobal,” a dúirt Uí Ógáin.

Fág freagra ar 'Cartlann 20,000 grianghraf le bronnadh ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne'