Cara Whitey Bulger san FBI ag iarraidh saoirse ón bpríosún de bharr an choróinvíris

Tá fear a raibh dlúthbhaint aige le saol an choirpigh, ‘Whitey’ Bulger, ag súil go dtabharfaidh Covid-19 bealach amach dó as príosún in Florida agus baineann eireaball den chás le Gaeltacht na Gaillimhe

Cara Whitey Bulger san FBI ag iarraidh saoirse ón bpríosún de bharr an choróinvíris

I gceann de chora aisteacha an tsaoil, tá fear a raibh dlúthbhaint aige le cás agus le saol an choirpigh, ‘Whitey’ Bulger, ag súil go dtabharfaidh Covid-19 bealach amach dó as príosún in Florida, áit a bhfuil sé ag cur isteach téarma dhá scór blianta.

Baineann eireaball eile den chás le Gaeltacht na Gaillimhe.

Is é John Connolly, iarbhall den FBI, an fear atá sa bpríosún in Florida le tamall maith blianta, atá i gceist sa scéal seo. I bhfoisceacht aon bhliain amháin de na ceithre scór atá sé anois.

Is é an cás atá aige go bhféadfadh a bheatha a bheith i mbaol de bharr an choróinvíris atá ag scaipeadh sna príosúin ansin.

Is ait an scéal é gur faoi ghlas atá John Connolly an tráth seo dá shaol agus é ag brath ar scéal an choróinvíris le saoirse a thabhairt dó.

Ní mar seo a ceapadh a bheadh tráth.

Bhí stádas agus seasamh ag John Connolly ina fhear óg i mBoston.

Tugadh isteach san FBI é – Biúró Feidearálach Imscrúduithe phóilíní Mheiriceá – de bharr a raibh de mheas air mar phóilín.

Cliste, feiceálach agus dathúil, bhí Connolly ar chosán an ratha agus é á thuar go ngabhfadh sé i bhfad san FBI.

Théis dó a bheith i mbun dualgais i roinnt cathracha, d’iarr an FBI ar a theacht ar ais ar a dhúchas go Boston. Tugadh post fíorthábhachtach dó ansin sna 1970idí.

Iarradh air súil a choinneáil ar Whitey Bulger agus a bhuíon coirpeach, an ‘Winter Hill Gang’.

Bhíodar fíochmhar agus contúirteach.

Ba as Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe é athair John Connolly. ‘Galway John’ a thugtaí airsean agus bhí post sinsearach aige i monarcha Gillette i South Boston.

Bhí ‘Galway 1’ ar an bpláta cláraithe aige ar an gcarr a bhíodh aige. Ba i nDeisceart Boston a chaith sé a shaol agus bhí John Connolly (sóisir) ar dhuine dá chlann mhac.

Nuair a ceapadh Connolly le ‘Whitey’ Bulger a fhaire don FBI, ba í an tseift a bhí aige ceangal a dhéanamh leis an gcoirpeach agus eolas a fháil uaidh.

Ar Thrá Nantasket gar do Bhoston a shocraigh Connolly casadh le Bulger, ar an gcúlsráid. Rinneadh socrú go roinnfeadh ‘Whitey’ eolas le Connolly. Ach de réir a chéile, tharla sé go raibh níos mó i gceist ná na gnáthnósmhaireachtaí a bhaineann le foinsí eolas póilíní.

Tháinig an t-am nuair a bhí John Connolly, fear an FBI, ag tabhairt eolais ar ais do ‘Whitey’ Bulger. Bhí eolas faoi phleananna agus faoi ghníomhaíocht na bpóilíní ar chuid den fhaisnéis sin.

Dá dtarlódh go raibh ‘Whitey’ i mbaol a ghabhála, nó rud ar bith mar é, chuirfeadh Connolly ar an airdeall é.

Ceaptar go raibh baint ag an gcomharsanacht láidir agus an dílseacht a bhíodh i measc threibh na hÉireann i South Boston leis an gcairdeas a cothaíodh. Ba Ghael-Mheiriceánaigh iad Connolly agus Bulger.

Ach bhí luach saothair sa socrú seo freisin do Connolly; tuairiscíodh go bhfuair sé síntiús amháin arbh fhiú os cionn ceathrú milliún dollar é sna 1980idí.

Sa deireadh thiar, thit an chomhcheilg as a chéile agus ciontaíodh ‘Whitey’ Bulger i naoi gcinn déag de dhúnmharuithe.

Ach d’imigh sé ar a theitheadh sula bhféadfaí príosún a chur air. Mar sin a bhí an scéal ar feadh i bhfad – bhí scéalta ann go raibh sé i gConamara, áit a raibh ceangal teaghlaigh ag a dheartháir ann – nó gur tháinig na póilíní air in California.

D’fhéadfadh go gcuirfí pionóis an bháis féin ar ‘Whitey’ ach mharaigh príosúnaigh eile é in 2012.

Roimhe sin féin, bhí príosún 40 bliain gearrtha ar a chomhghleacaí sa saol faoi cheilt – John Connolly ón FBI. Ciontaíodh Connolly as a bheith bainteach le dúnmharú fir darbh ainm John Callahan in Florida i 1982. Dúradh go raibh faisnéis tugtha ag Connolly do ‘Whitey’ Bulger go raibh John Callahan ar a bhealach go Florida. Bhí cloch sa mhuinchille ag ‘Whitey’ dósan agus fuair sé a dheis in Florida. Cuireadh gníomhaire i mbun na drochoibre agus maraíodh Callahan.

De réir a théarma príosúin is in 2039 a bheadh a shaoirse ag gabháil do John Connolly. Anois, agus é 79, tá sé ráite go bhfuil a shláinte ag cliseadh air. Ceapann sé gur cheart go ligfí saor é ar fhaitíos go mbéarfadh an coróinvíreas air sa bpríosún.

Tá na mílte ligthe as príosún sna Stáit Aontaithe de bharr na héigeandála, ach ní ligtear amach duine ar bith atá ciontaithe as dúnmharú ná éigniú.

Dúirt a dhlíodóirí gur cheart Connolly a shaoradh anois ar chúinsí daonna.

Tá an coróinvíreas ag scaipeadh go tréan i bpríosúin Florida. Dúradh nach mbeadh aon bhaol ann don phobal dá ligfí amach John Connolly agus go gcaithfeadh sé an chuid eile dá shaol in éineacht le deartháir leis, James Connolly (mac eile le ‘Galway John’ as Maigh Cuilinn), ina theach cónaithe siúd in Florida.

Dúirt na dlíodóirí go mbaileodh a dheartháir ón bpríosún é – agus masc agus miotóga á chaitheamh aige.

Ach níl Aturnae an Stáit, Katherine Fernandéz Rundle ar son Connolly a shaoradh. “Tá sé ag dul dó go gcoinneofaí faoi ghlas é,” a deir sise. “Gníomhaire de chuid an FBI a bhí ann agus thug sé eolas uaidh a raibh bás fir mar thoradh air.”

Níl deireadh an scéil cloiste fós agus níl freagra oifigiúil tugtha.

Agus é ag bordáil ar na ceithre scór, tá John Connolly as South Boston, réalt óg de chuid an FBI tráth den saol, faoi bholtaí sa South Bay Correctional Facility in Florida.

B’fhéidir nach leor baol an choróinvíris féin le glas na staire a bhogadh.

Fág freagra ar 'Cara Whitey Bulger san FBI ag iarraidh saoirse ón bpríosún de bharr an choróinvíris'