Caoga euro ar bhuidéal le haghaidh uisce?

Shílfeá gurb é an Air Up an rud is fearr a bhí tarlaithe don chine daonna ó fuair muid an vacsaín ar an bpóilió…

Caoga euro ar bhuidéal le haghaidh uisce?

‘An t-aero Mamaí, ar chuala tú faoi?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom agus é ag rith isteach an doras ón scoil agus fuadar faoi. Shílfeá go raibh slua ina dhiaidh agus é ar a theitheadh is nach raibh fuascailt ar bith ann dhó ach amháin ‘aero’. ‘An bhfuil chuile shórt ok?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Hea?’ a deir sé agus an chuma air go raibh a intinn gafa le rud éigin eile in áit éigin eile.

‘Bhfuil tú ok?’ a dúirt mé.

‘Ok?’ a deir sé. ‘Ó yea, tá tá tá,’ is chaith sé an mála scoile i lár an urláir le teann deifre, is chiceáil sé na bróga dhe, go drámatúil agus ar nós cuma liom ag an am céanna.

Chonaic mé bróg amháin ag eitilt trasna an tseomra. Chuar an chéad bhróg léi trasna na cistine isteach faoin mbord is dhúisigh an gadhar de phreab. Suas leis an mbróg eile sa gcoirnéal ar bharr an toilg. Scóóóóóór!

Thosaigh sé ag streachailt leis an gcóta ansin go mífhoighneach ag iarraidh é a bhaint dhe. Superman istigh sa mbosca lóin ina chuaifeach. Indiana Jones sáite i gcor coraíochta le nathair nimhe mhór ársa.

D’imigh sé ó radharc ar fad is a chloigeann istigh sa gcóta agus na lámha i bhfostú sna muinchillí le teann díocais. Cheapfá go raibh an cath caillte nó gur éirigh sé aníos as, go buacach.

Tharraing sé anáil mhór, rinne sé liathróid den namhaid is chaith sé uaidh é amhail is nach mbeadh aon ghá aige le cóta arís go deo.

‘Bainne, Mamaí, gloine bainne!’ a dúirt sé ansin agus é tugtha ag an troid.

Dhoirt mé lán gloine amach dhó agus shín mé chuige é. Rug sé ar an mbainne agus d’ól sé siar é d’aon slog amháin, ghlan sé a bhéal de dhroim a láimhe is lig sé osna faoisimh as.

‘Tagann pods leis,’ a dúirt sé ansin.

‘Le céard?’ a deir mé.

‘An t-aero, buidéal nua le haghaidh uisce atá ann, Mamaí,’ a deir sé is na focail ag dul i bhfostú ina chéile lena raibh de dheifir air á rá.

Air Up!’ a dúirt an Cailín Mór Beag a bhí ina suí go ciúin ag an mbord i rith an taispeántais.

‘Hea?’ a deir sé.

Air Up, an t-ainm atá air,’ a dúirt sí.

‘Sea, sea, sin a dúirt mé,’ a deir an Babaí. ‘Caoga euro atá air.’

‘Caoga euro ar bhuidéal le haghaidh uisce?’ a dúirt mé agus siar bainte asam. ‘Chaithfeadh gur uisce anuas as na flaithis atá ann.’

‘Fuair Pádraig ceann ó Shantaí,’ a mhínigh an Babaí ansin. ‘Faigheann tú pod istigh leis agus cuireann sé boladh ar an uisce, agus tá sé ar nós a bheith ag ól miwadi nó rud éigin.’

Shílfeá gurb é an rud is fearr é a bhí tarlaithe don chine daonna ó fuair muid an vacsaín ar an bpóilió.

‘Is tuige nach gcuirfeá braon miwadi isteach san uisce má tá tú ag iarraidh blas a chur air?’ a dúirt mé.

‘Mamaí, ní thuigeann tú,’ a deir sé.

Fág freagra ar 'Caoga euro ar bhuidéal le haghaidh uisce?'