Caithfimid tosú ag caint faoi mhúnla nua eacnamaíochta

Go drogallach tá polaiteoirí is lucht rialaithe an stáit ag glacadh leis, faoi dheireadh, go bhfuil bagairt ar leith ann don mhúnla eacnamaíochta a bhí againn le nach mór deich mbliana is trí fhichid

Caithfimid tosú ag caint faoi mhúnla nua eacnamaíochta

Rud amháin is ea fadhb a aithint. Ach rud eile ar fad leigheas a aimsiú a réiteoidh an fhadhb sin.

Go drogallach tá polaiteoirí is lucht rialaithe an stáit ag glacadh leis, faoi dheireadh, go bhfuil bagairt ar leith ann don mhúnla eacnamaíochta a bhí againn le nach mór deich mbliana is trí fhichid de bharr dearcadh uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, ar chúrsaí trádála is infheistíochta.

Bhí an múnla sin bunaithe ar infheistíocht dhíreach ón iasacht (FDI) ach tá Trump ag iarraidh iachall a chur ar chomhlachtaí Meiriceánacha gan leanacht leis seo is a gcuid infheistíochtaí a dhéanamh sa mbaile.

Deir an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, go bhféadfadh na mílte post in Éirinn a bheith i mbaol mar gheall ar phlean Trump i dtaobh táillí trádála.

Dúirt Donohue leis, sa chás is measa sa mheántéarma, “d’fhéadfadh nach mbeadh idir 50,000 agus 80,000 post cruthaithe nó coinnithe laistigh den gheilleagar”.

Ach cén freagra atá ag an aire seo ach é ag rá go gcaithfidh muid brath ar an Eoraip le hidirbheartaíocht a dhéanamh le Meiriceá ag iarraidh na táillí a chur ar ceal.

Ar an gcéad dul síos, tá 27 stát san Aontas Eorpach, agus is seachmall é a cheapadh go mbeidh fadhbanna na hÉireann chun tosaigh ar chlár cainte na nEorpach. Ná déanaimis dearmad go raibh an Eoraip féin ag gearán faoinár gcóras cánach sular thosaigh Trump á dhéanamh.

Ach sé an dara pointe an pointe is tábhachtaí. Ní amaidí é ag Trump. Cinnte, tá sé níos compordaí do na ‘saineolaithe’ a leithéid a rá, ach tá bunús simplí ciallmhar le dearcadh Trump. Teastaíonn uaidh, mar a deir sé, jabanna a thabhairt abhaile, agus leas Mheiriceá a chur cinn, is cuma cén drochthionchar a bheidh aige sin ar thíortha eile.

Agus taobh thiar de, tá fíric eile. Tá imní mhór ar Washington le fada faoin bhfiachas neamh-inbhuanaithe agus an staid eacnamaíochta atá ag dul in olcas; tá Meiriceá faoi Trump níos drogallaí maoiniú a chur ar fáil don Eoraip, Eoraip atá níos laige agus gan í chomh hábhartha. Tá gá, mar sin, le polasaithe a bhogadh ó sheachmall an aonpholachais agus aghaidh a thabhairt ar fhírinne an ilpholachais.

Go simplí, creideann Trump nach féidir leanacht le huaillmhian sheanchaite Mheiriceá go mbeadh máistreacht acu ar an domhan ar fad ach gur chóir a chinntiú gur mó neart Mheiriceá sa saol nua ná neart aon stát eile.

Iarrann Donohoe freisin ar an Eoraip freagra láidir a thabhairt ar tháillí Trump, ach cheana féin tá an Eoraip ag cúlú uaidh sin mar tuigeann daoine níos oilte ná Donohoe gurb in cath nach féidir leis an Eoraip a bhuachan.

Ansin cuireann sé clabhsúr leis an argóint ag rá go gcaithfimid páirt níos fonnmhaire a ghlacadh i gcúrsaí cosanta an Aontais Eorpaigh – ar mhaithe, is cosúil, lena rá le Trump gur buachaillí dílse muid sa gcomhghuaillíocht Atlantach.

Tá sé sin sách dona, ach níos measa fós níl Sinn Féin, príomhpháirtí an fhreasúra, ag easaontú leis. Dúirt Piaras Ó Dochartaigh gur chóir don Aontas Eorpach idirbheartaíocht fhórsúil a dhéanamh chun muid a chosaint (agus, is cosúil, Trump a chur ar ais ar na ráillí).

Agus maidir le múnla nua a aimsiú, nár thug sé gealltanas cheana do Davy Stockbrokers nach bhfuil Sinn Féin ag smaoineamh faoina leithéid.

Ach caithfimid smaoineamh faoina leithéid, in ionad fanacht mar choinín sna ceannsoilse agus imní orainn faoin tubaiste.

Ar ndóigh ní tharlóidh an tubaiste thar oíche. Ní bheidh sé éasca infheistíocht atá déanta a bhaint ónár ngeilleagar. Ach an infheistíocht a bhí le teacht? Is cosúil nach mbeidh sin ann.

Táim cinnte nach mbeidh aon phlean ag an Eoraip chun teacht i gcabhair ar Éirinn, mar leanfaidh an Eoraip leis an seachmall gur féidir dul i gcomórtas le Meiriceá, leis an Rúis agus leis an tSín.

Ní tharlóidh sé sin, agus níl rachmasóirí dúchasacha na hÉireann sách tréan chun an bhearna a líonadh.

Beidh orainn breathnú ar an stát féin, le hinfheistíocht dhíreach a dhéanamh chun jabanna a chruthú agus, ag an am céanna, an rochtain atá againn ar mhargadh na hEorpa a choinneáil.

Is í an fhadhb, ámh, ná go ndeir rialacha an Aontais go lom nach bhfuil cead ag an stát ról chomh lárnach sin a imirt sa ngeilleagar.

Pléifidh mé in alt eile sa tsraith seo conas déileáil leis seo, agus cén cineál clár tionsclaíochta is cóir a bheith ag an stát.

Ach rud amháin atá cinnte: ní féidir linn ár gceann a bhá sa ngaineamh. Caithfimid tosaí ag smaoineamh taobh amuigh den bhosca. Tá díospóireacht ag teastáil.

Fág freagra ar 'Caithfimid tosú ag caint faoi mhúnla nua eacnamaíochta'