‘Caithfidh scríbhneoirí na Gaeilge crann mór na scríbhneoireachta a thógáil’

Foilsíodh cnuasach nua gearrscéalta le Seán Ó Muireagáin, 'Bádh B’fhéidir' le déanaí. Labhair sé le Tuairisc.

‘Caithfidh scríbhneoirí na Gaeilge crann mór na scríbhneoireachta a thógáil’

Foilsíodh cnuasach nua gearrscéalta, Bádh B’fhéidir (Éabhlóid), leis an údar Seán Ó Muireagáin le déanaí. Rud annamh sa Ghaeilge, saothar ficsean eolaíochta é.

Céard a spreag Ó Muireagáin leabhar sa seánra sin a scríobh?

“Bhí mise iontach tógtha le ficsean eolaíochta ó bhí mé féin an-óg,” ar sé. “Déanta na fírinne, Star Trek, a thóg an spéis sin ionam ar an chéad dul síos. Thaitin an clár sin go mór liom agus d’aithin mé gur pléadh achan uile ábhar ann. Nuair a scríobh mé an chéad scéal ‘An Chóir Chodlata’ bhí mé ag iarraidh an dóigh a ullmhaítear an duine do shaol na hoibre le beagnach 300 bliain anois a cheistiú. Níl ach méid áirithe cruthaitheachta ceadaithe sa lá atá inniu ann. Níl romhainn ach riachtanais an chórais oibre. Sclábhaithe an tuarastail.”

Bhí Seán ina dhéagóir nuair a chuir sé suim i Star Trek ar dtús.

“Is cuimhin liom mé féin agus scaifte cairde agus muid thall i Londain sna 70idí, ní raibh mé ach 17 bliain d’aois ag an am,” ar sé. “Bhí muid dáréag in aon seomra amháin agus teilifíseán sa choirnéal, ach níor cuireadh an teilifíseán sin ag dul ach aon oíche amháin sa tseachtain, oíche Mháirt ag 7:30 agus shuigh muid uilig thart ag amharc ar Star Trek. Agus ó shin i leith, tá suim agam inti.” 

Níl mórán leabhair Ghaeilge den chineál seo ann. Ar mhaith leis tuilleadh a fheiceáil á scríobh?

“Tá píosaí ann, aistriúcháin is mó, ach creidim go mbeidh a leithéid seo ann amach anseo,” a deir sé. “Caithfidh scríbhneoirí na Gaeilge crann mór na scríbhneoireachta a thógáil agus géaga ag síneadh amach in achan réimse agus achan seánra scéalaíochta. Ba chóir cúrsaí scríbhneoireachta a bhunú sna Gaeltachtaí leis an scríbhneoireacht a spreagadh i measc na n-óg, lucht labhartha na Gaeilge. Beidh spéis acusan, mar dhaoine óga, in achan chineál seánra agus beidh achan chineál le léamh dá réir sin. Agus cuirfidh siad féin spéis sa léitheoireacht.”

Deir sé nach ndéanfadh sé ‘pioc de dhifear’ cén scéal a léifeá ar dtús ina chnuasach, mar nach bhfuil aon bhaint ag scéal amháin le scéal eile. 

“Fiú na téamaí agus na stíleanna scríofa, tá siad uilig éagsúil,” ar sé. “Níl aon stíl amháin scríofa agamsa, déarfadh daoine nach bhfuil stíl ar bith scríofa agam ach léigí an leabhar go bhfeicfidh sibh.”

An bhfuil próiseas scríbhneoireachta ar leith aige?

“Buaileann smaointe mé. Breacaim síos na smaointe sin, ghním iad a thaifeadadh ar mo ghuthán den chuid is mó. Nuair atá go leor nótaí agam le scéal a scríobh, suím siar agus ghním iarracht achan rud a scríobh in aon bhuille amháin,” a deir sé. “Ní éiríonn liom go minic ach beidh go leor ann le cnámha an scéil a bheith agam.

Agus ina dhiaidh sin, éirím go luath ar maidin agus aistrím achan rud ó nótaí go scéal inteacht ar an ríomhaire. Ina dhiaidh sin, is próiseas eagarthóireachta atá ann, ag scríobh agus ag athscríobh go dtí go bhfuil cruth an scéil agat. Ansin cuirtear ar aghaidh chuig Eoghan Mac Giolla Bhríde in Éabhlóid é, le scéal críochnaithe a dhéanamh de.” 

Measann Seán Ó Muireagáin go bhfuil litríocht na Gaeilge ‘ag dul ó neart go neart’ sa lá atá inniu ann. 

“Tá laigí sa chóras ar ndóigh, ach iad sin atá ag scríobh tá siad ag scríobh go maith agus go gairmiúil,” ar sé. “Tá tacaíocht an rialtais a dhíth gan dabht agus táthar ann atá ag troid ar a son, ach tá scríbhneoirí na Gaeilge an-díograiseach ar fad. Is caoldroim na hathbheochana í an scríbhneoireacht. Agus dá mhéad duine a bíos ag scríobh is amhlaidh is fearr.” 

Bhain ceann de na scéalta sa leabhar nua, ‘An Chóir Codlata’, duais Oireachtais amach. Cén tábhacht a bhaineann le comórtais scríbhneoireachta, dar le Ó Muireagáin?

“An rud is fearr fá chomórtais ná go dtugann siad ardán don lucht scríofa,” ar sé. “Is cuma cé acu a n-éiríonn leat nó nach n-éiríonn, gheobhaidh tú aischothú den scoth agus moltaí a chuideoidh le do chuidse féin scríbhneoireachta.”

Seoladh leabhair

“Ach sin ráite, ní drochleabhair iad na cinn nach mbaineann duais, agus caithfear iad sin a aibhsiú ar bhealach nach bhfuil déanta san am i láthair. Ba chóir i bhfad níos mó plé a dhéanamh ar na leabhair uilig agus na comórtais uilig, ar chláracha raidió agus teilifíse, blaganna, srl. Níl an córas (rialtas) ag tacú mar is cóir leis an lucht scríofa agus tá seo riachtanach le go léifí na leabhair Ghaeilge go forleathan. Is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh leis an léitheoireacht Ghaeilge a chur chun cinn.”

Tá meascán den saol osréalach agus den fhíorshaol sa leabhar seo ach ní fheiceann sˀẻ aon deighilt rómhór idir an dá rud.

“Níl insan fhicsean eolaíochta ach ardán leis an fhíorshaol a phlé, a iniúchadh agus a cháineadh,” ar sé. “Níl a dhíth ach beagán samhlaíochta agus téama a bhfuil tú tógtha faoi agus beidh leat. Más rud é gur shamhlaigh tú saol níos fearr a bheith agat, saol na cothroime, na gceart, na leisciúlachta nó aon rud eile, sin agat ficsean eolaíochta.”

Deir sé nach bhfuil an leabhar seo deacair le léamh.

“Níl an teanga róchasta agus níl na téamaí dothuigthe. Is leabhar é a léifeá ar saoire nó ar thuras bus, eitleáin nó traenach,” ar sé.

Tá sé ag tabhairt faoi úrscéal san am i láthair. 

“Tá obair mhór romham go fóill agus beidh mé ag obair le hÉabhlóid le sin a chur i gcrích,” ar sé. “Tá an bunsmaointiú agam agus sílim féin gur smaointiú maith atá ann. Ach beidh le feiceáil.”

Fág freagra ar '‘Caithfidh scríbhneoirí na Gaeilge crann mór na scríbhneoireachta a thógáil’'

  • Gabriel Rosenstock

    Tréaslaím a ghaisce leis an údar, agus leis an bhfoilsitheoir. Nílimse cinnte , áfach, an bhfuil gá le ‘cúrsaí scríbhneoireachta’, sa Ghaeltacht, sa Ghalltacht nó amuigh sa spás! Cad a dhein an t-ábhar scríbhneora sula raibh cúrsaí ar bith ann? Léamh agus scríobh, scríobh agus léamh – ní féidir buachan ar an bhfoirmle sin.

  • Seán Fennell

    Bulaí fir, a Sheáin. Ní duine mór na ficsean eolaíochta mé go pearsanta….ach
    Mar mhúinteoir gaelscoile, bheadh sé go hiontach dá mba rud é go raibh Harry Potter na Gaeilge againn dírithe ar pháistí, carachtar a chumadh a chuirfeadh daoine suim ann agus a thógfadh suim na bpáistí.
    Dár ndóighe, tuigim go mbíonn tú ag plé le daoine fásta. Agus, tá seo ar dóigh! Ádh mór le gach rud.
    Coinnigh ort! Beam me suas!