‘Caithfidh muid ár dteanga a shníomh isteach in achan gné den ghnáthshaol’ – an Ghaeilge á cur chun cinn ag cuid de na dornálaithe is aitheanta in Éirinn

Tá sé i gceist MTK Global, comhlacht bainistíochta dornálaíochta a bhfuil baint acu le cuid de na dornálaithe is aitheanta in Éirinn, scéalta agus físeáin a chur amach i nGaeilge

‘Caithfidh muid ár dteanga a shníomh isteach in achan gné den ghnáthshaol’ – an Ghaeilge á cur chun cinn ag cuid de na dornálaithe is aitheanta in Éirinn

Trodaí Bhéal Feirste, Seán McComb. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá sé fógartha ag MTK Global, an comhlacht bainistíochta dornálaíochta, go bhfuil siad féin agus a gcuid trodaithe Éireannacha chun úsáid a bhaint as an nGaeilge agus iad i mbun poiblíochta.

Tá 32 dornálaithe Éireannacha faoi cheannas MTK Global faoi láthair agus cuid de na trodaithe is aitheanta ón tír seo, leithéidí Michael Conlan agus Paddy Barnes ina measc.

Le tamall beag anuas, tá tús curtha ag MTK Global le scéalta faoina gcuid dornálaithe a chur amach i mBéarla agus i dteanga dhúchais a gcuid dornálaithe agus deir an comhlacht anois go mbeidh gach scéal a chuireann siad amach faoina gcuid trodaithe Éireannacha ar fáil i nGaeilge.

Chomh maith leis sin, tá geallta acu go gcuirfidh siad físeán seachtainiúil amach i nGaeilge ag cur síos ar a bhfuil ar bun ag dornálaithe a gcomhlachta. Is é trodaí Bhéal Feirste Seán McComb a chuirfidh an físeán i láthair.

“Is Éireannach agus Gael bródúil mé i gcónaí agus braithim gur mór an phribhléid dom é go bhfuil Gaeilge agam,” arsa McComb i ráiteas atá eisithe ag MTK Global.

“Tá sé tábhachtach go nglacann muid an Ghaeilge chugainn féin agus go gcuireann muid chun cinn í, go háirithe i measc daoine óga. Chun seo a dhéanamh, caithfidh muid ár dteanga dúchais a shníomh isteach in achan gné den ghnáthshaol. Ar nós na dornálaíochta, tá sí mar dhlúthchuid dár n-oidhreacht”

Deir Príomhfheidhmeannach MTK Global, Sandra Vaughan, go bhfuil sí “ar bís”  faoin bhforbairt nua.

“Tá Éire sa dúchas agam féin, dúchas a bhfuil mé fíorbhródúil as agus chuige sin, tá mé ag súil go mór leis an gcéim seo atá tógtha againn. Is comhartha dearfach é dár gcoimitmint agus dár bhfás domhanda agus muid fós ag fanacht dílis dár ndúchas.”

Tá MTK Global ag déanamh baghcat ar na meáin i bPoblacht na hÉireann faoi láthair toisc a deir siad go raibh cuid de na meáin chéanna ag caitheamh anuas ar MTK Global agus ar a gcuid trodaithe agus go ndearna na meáin ceangal éagórach idir iad agus an choiriúlacht eagraithe.

Bhí an  coirpeach aitheanta Daniel Kinihan ar dhuine de na daoine a bhunaigh an comhlacht in 2013 ach fógraíodh in 2017 gur briseadh ar fad an ceangal a bhí ag an gcomhlacht leis.

Fágann an baghcat nach bhfuil cead ag dornálaithe MTK Global troid i bPoblacht na hÉireann ná labhairt leis na meáin anseo.

Fág freagra ar '‘Caithfidh muid ár dteanga a shníomh isteach in achan gné den ghnáthshaol’ – an Ghaeilge á cur chun cinn ag cuid de na dornálaithe is aitheanta in Éirinn'

  • Donal

    Go n-eiri go geal libh

  • Tom

    Is brea an rud é, beir bua leis an bpleann!