Caithfidh fir na hÉireann deacrachtaí cosanta a shárú chun an lá a thabhairt leo

Tabharfaidh torthaí an deireadh seachtaine léargas maith dúinn ar na foirne a bheas fós sa rás don chraobh.

Caithfidh fir na hÉireann deacrachtaí cosanta a shárú chun an lá a thabhairt leo

Tabharfaidh cluiche Bhabhta 3 a bheas á imirt an deireadh seachtaine seo thar leath bealaigh muid sa gComórtas Sé Náisiún agus tabharfaidh na torthaí léargas maith dúinn freisin ar na foirne a bheas fós sa rás don chraobh.

Ar an Aoine a bheas na Francaigh agus na hIodálaigh, dhá fhoireann atá fós ar thóir a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo ag imirt.

De bhrí gur ag na Francaigh atá buntáiste an bhaile sa gcluiche seo agus go bhfuil an-fhearg ar a lucht leanta dílis, is deacair bua a thuar do na hIodálaigh. Mar sin féin, tá stíl nua imeartha á forbairt ag na hIodálaigh faoi stiúir Chonor O’Shea rud a fhágann nach féidir neamhaird a dhéanamh díobh. Bhí uair ann nach mbíodh ochtó nóiméad imeartha ar chumas na nIodálach ach ní hamhlaidh an scéal anois, mar a chonaic muid agus iad i gcoinne na hÉireann nuair a d’aimsigh siad trí úd sa bhfiche nóiméad deiridh den chluiche. Mar sin féin tá cúil na bhFrancach le balla agus níl tada le cailliúint acu.

Cuirfidh Albain an-fháilte go deo roimh a sean-namhaid, na Sasanaigh, don Calcutta Cup. Is cinnte gurb iad na Sasanaigh an rogha don chluiche seo ach ní bheidh aon easpa muiníne ná spioraid ar na hAlbanaigh.

Cuimhnigh go ndearna Albain éacht iontach nuair a dhúnadar an bhearna deich bpointe, nach mór, a bhí ag na Francaigh orthu agus bhuadar agus sé phointe le spáráil acu, a bhuíochas de bhróg shnasta a gciceálaí Greig Laidlaw. Cuimhnigh freisin nach raibh ach sé phointe idir na Sasanaigh i gcoinne na Breataine Bige coicís ó shin agus ná dearmad ach oiread go ndearna an réiteoir dearmad uafásach nuair nár cheadaigh sé úd a bhí dlite do na Breatnaigh. Dá mbeadh an scór sin san áireamh ba dheacair toradh an chluiche a thuar. Mar sin féin, tá mise sásta cúpla euro a chur ar na cuairteoirí sa gcoimhlint seo ach bheinn breá sásta an t-airgead a chailleadh ar mhaithe le deireadh a chur le rás an tSasanaigh.

Roimh an gcluiche sin ar an Satharn cuirfidh na Gaeil fáilte roimh an mBreatain Bheag go dtí Staid Aviva. Sular cuireadh tús leis an gcomórtas seo in aon chor bhí mise den tuairim go mbeadh an cluiche seo ar cheann de na dúshláin ba mhó a bheadh le sárú ag Joe Schmidt i mbliana. Níl cáil ró-iontach orainn i gcoinne na Breataine Bige agus iad faoi stiúir Warren GatlandChaill muid sé bhabhta, bhí muid cothrom babhta amháin agus bhí an lá linn ceithre bhabhta. Níor chaill na Gaeil fós i mbliana, rud a rinne an Bhreatain Beag i Twickenham coicís ó shin, ach mar a dúirt mé níos túisce san alt seo, tá neart conspóide ag baint leis an gceann sin.

Creidim gur féidir leis na hÉireannaigh an lá a thabhairt leo fiú agus muid d’uireasa Robbie Henshaw, ach táim den tuairim nach mbeidh mórán ann. Caithfidh fir Joe Schmidt na deacrachtaí cosanta a ghéill trí úd do na hIodálaigh agus ceann i gcoinne na bhFrancach a shárú más leo sin a dhéanamh. Bíonn foirne Ghatland réitithe go maith i gcónaí agus ní bheidh aon easpa muiníne orthu. Tá sé chomh simplí leis seo: bíonn contúirt ollmhór ag roinnt le foirne Ghatland i gcónaí.

Caithfidh muid a bheith an-chúramach ar fad ach caithfidh muid an cluiche seo a bhuachan.

Níl anseo ach céim amháin eile ar an turas sin go Twickenham Lá’l Pádraig.

Fág freagra ar 'Caithfidh fir na hÉireann deacrachtaí cosanta a shárú chun an lá a thabhairt leo'