Caithfidh Éire a bheith an-chúramach ar fad in aghaidh na hAirgintíne

Níl tada bog ag baint leis na Pumas agus iad faoi stiúir iar-leath chúil amuigh Chúige Laighean,  Felipe Contepomi

Caithfidh Éire a bheith an-chúramach ar fad in aghaidh na hAirgintíne

Cé nach dtógfaidh sé rófhada, is fiú tagairt a dhéanamh do chúpla gné dearfach d’imirt na hÉireann sa gcluiche i gcoinne na nAll Blacks seachtain ó shin. Bhí sárchosaint ann, imirt a cheil úd ar iarchuraidh an domhain go raibh trí scór go leith nóiméad caite. Ní minic gur féidir le haon fhoireann a leithéid a thuairisciú. Seans gur cheart sárimirt Gibson-Park a lua freisin, ach faraor ba imirt aonaránach a bhí ann mar nach raibh oiread agus imreoir amháin eile sa ngeansaí glas a bhí leath chomh maith lenar uimhir 9.

Maidir leis an gcuid eile den tuairisc faoin gcéad cluiche fómhair, is deacair méar a leagan ar aon cheo eile a bhí dearfach. Bhí na hÉireannaigh meirgeach, stálaithe, gan samhlaíocht agus ag imirt gan sprid ó thús an chluiche, rud a chuidigh go mór leis an bhfíor-dhroch-atmaisféar a bhí sa Staid Aviva. Dár ndóigh níor chuidigh sé sin le spreagadh imreoirí na hÉireann agus iad ag géilleadh trí chic éirice déag i gcomparáid leis an gcúig cinn a ghéill na cuairteoirí. Ba é an easpa smachta neamhchoitianta sin a choinnigh na hAll Blacks sa gcluiche, nó gur éirigh leo an t-úd sin a aimsiú agus an cluiche beagnach thart, mar gur éirigh le Damian McKenzie sé chic éirice a shlánú.

Mar bharr ar an mí-ádh, ba léir gur fhág imreoirí na hÉireann a gcuid scileanna láimhseála sa seomra feistis.  Aon bhotún is fiche botún láimhseála a chonaic muid uatha. Nach mór a chuidigh an lag-imirt sin le hiarrachtaí na gcuairteoirí, foireann nach raibh thar mholadh beirte iad féin, sin i gcomparáid le foirne eile a tháinig ón tír sin roimhe seo.

Go hachomair, tá mise den tuairim go raibh an t-ádh glan orainn go raibh na hAll Blacks chomh lag agus a bhí mar dá mbeadh siad ag imirt ag an ardchaighdeán gur iondúil leo, seans go mbeadh ós cionn leath-chéad pointe aimsithe acu.

Bhí seachtain ag Andy Farrell chun na deacrachtaí thuasluaite agus go deimhin go leor eile a cheartú roimh chuairt na hAirgintíne ar Staid Aviva anocht.

Is ábhar iontais domsa gur ndearna sé a laghad sin athruithe ar imreoirí ón gcéad chluiche. Robbie Henshaw amháin atá ag teacht isteach sa lár páirce in áit Bundee Aki agus tá ceithre athrú i measc na n-ionadaithe, an t-ógánach  Sam Prendergast ina measc.

Níl tada bog ag baint leis na Pumas agus iad faoi stiúir iar-leath chúil amuigh Chúige Laighean,  Felipe Contepomi. Is fiú a mheabhrú gur bhuail siad ar an Afraic Theas, an Astráil agus an Nua-Shéalainn le linn chomórtas rugbaí limistéar theas na bliana seo, agus thug siad greadadh, 50-18 do na hIodálaigh sa Róimh an Satharn seo caite.

Mar a dúirt mé,  ní bheidh tada éasca ag baint le coimhlint na hoíche anocht. Caithfidh an triúr fichead  atá ar phainéal imeartha na hÉireann dul ar an ionsaí ón gcéad nóiméad agus fanacht sa gcomhraic go dtí a dheireadh.

Seachtain ó shin bhí mé ag scríobh faoi na hAll Blacks agus iad dár ruaigeadh ón gCorn Domhanda anuraidh. Bhuel mar eolas díobh, bhuail an Airgintín muid i dtrí Chorn Domhanda, 1999, 2007 agus arís i 2015.

Caithfidh muid a bheith an-chúramach ar fad anocht.

Fág freagra ar 'Caithfidh Éire a bheith an-chúramach ar fad in aghaidh na hAirgintíne'