Níl aon dabht ann ach go bhfuil an scíth coicíse de bharr an tsosa sa gcomórtas Sé Náisiún tuillte go maith ag ár gcuid imreoirí idirnáisiúnta, imreoirí a chinntigh lánphointí sa dá chluiche a imríodh go dtí seo. Fágann sin gurb iad siúd atá fós ar thóir stádas idirnáisiúnta, nó áit bhuan ar phainéal idirnáisiúnta na tíre seo, nó a imríonn le foirne an limistéir theas a bheas ag imirt i mBabhta 11 den URC an deireadh seachtain seo.
Cúige Laighean, nár chaill oiread agus cluiche amháin fós in aon chomórtas an séasúr seo, is túisce de na ceithre chúige a bheas ag imirt agus iad as baile sa mBreatain Bheag anocht i gcoinne na nOspreys. Scarann aon áit déag na foirne seo ar thábla an URC ach ní hamháin sin ach tá Cúige Laighean aon phointe dhéag chun cinn ar Ghlaschú, foireann atá sa dara háit ar an tábla agus sé phointe agus fiche chun cinn ar na hOspreys, foireann nár bhuaigh ach ceithre huaire as deich n-iarracht go dtí seo. Léiriú é sin ar an dúshlán atá roimh fhoireann an bhaile anocht. Mar sin féin, tá rogha Leo Cullen i bhfad óna chéad rogha imreoirí. Caithfidh Cúige Laighean a bheith cúramach sa mBreatain Bheag.
As baile san Iodáil a bheas Cúige Uladh amárach, foireann atá sa naoú háit, agus iad ag imirt i gcoinne Benetton, foireann atá san aonú áit déag. Fíordhroch-shéasúr atá ag an dá fhoireann san URC go dtí seo agus gan ach ceithre chluiche buaite acu, rud a fhágann nach bhfuil mórán eatarthu. Is ag na hIodálaigh atá buntáiste an bhaile ach tá i bhfad níos mó imreoirí ar iarradh orthusan de bharr chomórtas na Sé Náisiún ná mar atá i gcás Chúige Uladh. An mbeidh na hUltaigh in ann leas a bhaint as an laige sin?
Sa mbaile a bheas Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht ag dul chun páirce agus iad ag cur fáilte roimh dhá fhoireann ón mBreatain Bheag, na Scarlets agus Caerdydd.
Níl ach áit agus pointe amháin idir Cúige Mumhan (7ú háit) le 26 pointe agus na Scarlets (6ú háit) le 27 pointe ach is ag foireann Luimnigh atá buntáiste an bhaile agus chomh maith leis sin níl an oiread sin imreoirí ón gcúige ar dualgas idirnáisiúnta faoi láthair. Is dá bharr sin atá mise ag tabhairt seans do Chúige Mumhan an beart a dhéanamh amárach.
In ainneoin bhuntáiste an bhaile, tá dúshlán mór roimh Chonnachta amárach. Dhá áit ó íochtar thábla an URC sa gceathrú háit déag atá siad suite faoi láthair i gcomparáid le Caerdydd atá sa gcúigiú háit. Mar sin féin níl ach deich bpointe idir na foirne. Níor bhuaigh Cúige Chonnacht ach trí chluiche go dtí seo, ach níl ach cúig cinn buaite ag Caerdydd. Tá a fhios ag na Connachtaigh gur mór a d’ardódh bua le ceithre nó chúig phointe, más féidir a leithéid a aimsiú, ar thábla an chomórtais iad. As na seacht gcluiche réamhbhabhta atá fós le n-imirt san URC, beidh ar Chúige Chonnacht ceithre chluiche a imirt as baile, péire acu siúd san Afraic. Caithfidh siad chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile amárach. Beidh siad i gcruachás mura ndéanann!
Fág freagra ar 'Caithfidh Cúige Laighean a bheith cúramach sa mBreatain Bheag '