‘Caithfear a bheith an-chúramach faoi na tuairiscí sin’ – séanta ag an Taoiseach go bhfuil brú ag teacht air ó bhaill Fhianna Fáil

Agus é faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, labhair an Taoiseach ar chúrsaí toghcháin, ar a bhfuil beartaithe ag an Rialtas faoi chúrsaí tithíochta agus faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann

‘Caithfear a bheith an-chúramach faoi na tuairiscí sin’ – séanta ag an Taoiseach go bhfuil brú ag teacht air ó bhaill Fhianna Fáil

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: RollingNews.ie

Agus bliain caite aige in oifig an Taoisigh, dúirt Micheál Martin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu nach bhfuil aon bhaol ann dá cheannaireacht ar a pháirtí.

Ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra shéan an Taoiseach go raibh brú á chur air ag cúlbhinseoirí ina pháirtí féin. Níor ghéill sé ach oiread go gcuirfeadh drochthoradh sa bhfothoghchán i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas faoi cheann coicíse aon bhrú breise air.

“Caithfear a bheith ana-chúramach ó thaobh na dtuairiscí sin… Tá gaol an-mhaith agam fhéin le han-chuid de na cúlbhinseoirí … le han-chuid den pháirtí, go háirithe cosmhuintir an pháirtí,” arsa na Taoiseach le linn an agallaimh.

“Ní dóigh liom go mbeadh tionchar mar sin ag an bhfothoghchán in aon chor, níl sé mar an gcéanna le holltoghchán.”

An comhairleoir Deirdre Conroy atá ag seasamh d’Fhianna Fáil sa bhfothoghchán an mhí seo chugainn. Tá Jim O’Callaghan, a luaitear mar chomharba ar Mhicheál Martin, ina Theachta Dála do Chuan Bhaile Átha Cliath Theas freisin.

Agus é ag tagairt do spriocanna an Rialtais don chéad bhliain eile, dúirt an Taoiseach gur ar chúrsaí tithíochta a bheidís ag díriú.

“Níl aon amhras ach gurb é an t-ábhar is tábhachtaí ar fad cúrsaí tithíochta agus níos mó tithe a chur ar fáil do dhaoine … bhí deacrachtaí i rith na paindéime, go háirithe an bhliain seo caite … ní rabhamar in ann iad a thógáil … beidh níos mó seansanna againn sna míonna atá le teacht tithe a thógáil.’

Dúirt Micheál Martin go gcuirfí acmhainní breise ar fáil sa Bhuiséad agus dheimhnigh sé freisin nach mbeadh aon arduithe cánach i mBuiséad an Fhómhair.

Maidir le cúrsaí i dTuaisceart Éireann, dúirt an Taoiseach go bhfuil “seanaithne” aige ar cheannaire nua an DUP, Jeffrey Donaldson agus mhol sé go n-oibreodh na geallsealbhóirí uile le chéile chun a theacht ar réiteach ar na deacrachtaí leis an bPrótacal.

“Tá seanaithne agam ar Jeffrey Donaldson, d’oibrigh mé leis cheana féin. Tá súil agam go bhfuil sé ar mo chumas gaol sásúil a choimeád leis agus leis na páirtithe eile chomh maith,” a dúirt Martin.

“An rud is tábhachtaí ná na hinstitiúidí a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta, caithfidh muid iad san a choimeád slán, go háirithe an Assembly agus an Executive. Caithfidh gach aon páirtí a bheith sásta iad a choimeád slán.”

D’admhaigh an Taoiseach go bhfuil “deacrachtaí” ann faoi láthair, ach gurb é an comhoibriú leigheas an scéil. Chaithfí, ar sé, “déileáil leis an Bhruiséil agus an Coimisiún ar thaobh amháin den scéal, agus rialtas na Breataine ar an taobh eile den scéal”.

Dúirt an Taoiseach go raibh sé “ríthábhachtach go mbeadh comhrá idir rialtas na Breataine agus an Coimisiún chun ceist an Phrótacail a réiteach”.

Fág freagra ar '‘Caithfear a bheith an-chúramach faoi na tuairiscí sin’ – séanta ag an Taoiseach go bhfuil brú ag teacht air ó bhaill Fhianna Fáil'

  • An Teanga Bheo

    “Mo chumas gaol sásúil a choimeád leis agus leis na páirtithe, ach céard faoi naeamhspléachas FF a Mhicil ?