Cairdeas: gach cine agus a chur chuige féin aige

Feidhmíonn cairdis ar bhealaí éagsúla i dtíortha éagsúla, a scríobhann ár gcolúnaí

Cairdeas: gach cine agus a chur chuige féin aige

Go hiomlán gan choinne, chuir seanchara de mo chuid glaoch orm an tseachtain seo caite. Fear é seo ar chuir mé aithne air cúpla bliain tar éis dom bogadh go dtí an Bhrasaíl. Dlúthchara a bhí ann tráth. Dhéanaimis gach aon rud le chéile ach amháin luí le chéile; fear díreach atá ann. Ach rud beag le cois dhá bhliain ó shin, thit muid amach go mór. Chomh mór sin gur tháinig fonn orm, den chéad uair riamh i mo shaol, dochar fisiciúil a dhéanamh do dhuine eile. Choinnigh mé guaim orm féin an lá sin, ach níor chuir mé glaoch air ó shin, ná níor chuir seisean glaoch ormsa. Go dtí tráthnóna Déardaoin seo a chuaigh thart.

‘Tá mé thíos ar an trá. An bhfuil tú ag iarraidh teacht?’ a d’fhiafraigh sé díom.

Níor ghá dom smaoineamh faoi. ‘Beidh mé leat faoi cheann fiche nóiméad.’

Ar an mbealach síos, chuaigh mé siar i m’aigne ar an trioblóid a d’éirigh eadrainn, ar na rudaí ar fad a theastaigh uaim a rá leis, agus ar na ceisteanna a bhí agam dó. Ach nuair a bhain mé an trá amach, bhí cluiche liathróide á imirt aige le beirt leaideanna eile, cluiche ina mbíonn ar na himreoirí an liathróid a choinneáil san aer lena gcosa, lena nguaillí nó lena gceann. Níor fhág sé an cluiche nuair a chonaic sé mé, ach d’fhógair orm páirt a ghlacadh ann.

Rud a rinne mé, i gcoinne mo thola. Ní raibh aon mhaith liom riamh leis an liathróid, agus lena chois sin bhí mé ag súil leis an deis an t-achrann a d’éirigh eadrainn a phlé faoi dheireadh. Ach níor theastaigh uaim an chraic a mhilleadh.

Bhí meáchan caillte ag mo chara. Bhí bearradh gruaige ag teastáil uaidh go géar. Bhí bríste gearr síonchaite á chaitheamh aige a bhí de shíor ag sleamhnú anuas dá choim. Ba léir go raibh an ghéarchéim eacnamaíochta tar éis luí go trom air, ach bhí sé fós in ann súp a bhaint as an saol. Bhí gach uile liú gáire uaidh agus muid ag iarraidh an liathróid a choinneáil san aer, agus rith sé liom gurbh é seo a mhothaigh mé uaim le dhá bhliain anuas: an gáire a dhéanaimis. Níorbh fhada nó go raibh gach liú gáire asam féin agus go ndearna mé dearmad ar na ceisteanna a bhí do mo chrá. Ba leor a bheith ansin, sult a bhaint as comhluadar a chéile agus cuimhneamh ar an gcúis gur chairde muid an chéad lá riamh. Nuair a d’éirigh muid tuirseach den chluiche chaith muid tamall ag caint, ag fáil amach cén scéal is déanaí a bhí ag an duine eile. Níor labhair muid focal faoin bhfáth nach bhfaca muid a chéile le dhá bhliain anuas. Níor ghá. Ba léir don bheirt againn go raibh an dlúthcheangal fós ann, agus ba é sin an rud ba thábhachtaí.

Bheadh scéal mar seo go hiomlán doshamhlaithe i mo thír dhúchais féin, an Ísiltír. Ní tharlódh athmhuintearas mar seo gan phlé, gan chíoradh, gan anailís chuimsitheach ar cé aige a bhí an ceart agus cé air a bhí an milleán. Chaithfí leithscéalta a ghabháil agus maithiúnas a thabhairt. Luífeadh scáil an aighnis thar an gcairdeas ar feadh tamaill eile, ach mhairfeadh an cairdeas.

In Éirinn, feictear dom go mbeadh athmhuintearas den chineál seo doshamhlaithe gan phiontaí – go leor, leor piontaí. Dhéanfaí caint ar nuacht an lae, ar chúrsaí spóirt, agus ansin ghabhfaí leithscéalta, thabharfaí maithiúnas, thabharfaí leathbharróg. Ag deireadh na hoíche, déarfadh an bheirt: ‘Is tú an cara is fearr agam!’ An mhaidin dár gcionn, bheadh póit ar an mbeirt agus, seans, amhras faoi céard go díreach a dúradh ar chor ar bith. Ach bheadh an t-aer glanta.

Sa Bhrasaíl, den chuid is mó, bíonn an bhéim ar an bpraiticiúlacht seachas ar chaint; rud is ea cairdeas a léirítear san fhíorshaol seachas i bhfoirm focal.

Gach cine agus a chur chuige féin.

Fág freagra ar 'Cairdeas: gach cine agus a chur chuige féin aige'

  • Moire

    In Eirinn coimeadtar an droch-chroi agus an faltanas istigh go dti la an bhratha fein nuair a eirionn idir daoine. Togann daoine rud ort a rinne tu le baois na hoige 20 no 30 eigin bliain da eis. Ni bhionn maithiunas da laghad i gceist ach a mhalairt. Ag caint as mo thaithi fein ataim. Mairimid san aimsir chaite. Deanaimid an gomh a ghoradh agus a liomhadh. Bionn an saitean ullamh agus ar barr bata againn. Bimid ag faire na faille.
    Is ciotach, domhaiteach, ciotrunta an dream sinn.