CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Stop curtha le tógáil aerfoirt i nDún na nGall

  Rinne an rialtas cinneadh sa bhliain 1984 gan dul ar aghaidh le tógáil aerfoirt a bhí geallta d’oirthear Dhún na nGall. Is léir ó cháipéisí stáit ón bhliain sin, áfach, go rabhthas ag iarraidh an buille don cheantar a laghdú trí theacht ar shocrú speisialta le lucht custaim ag Aerfort Dhoire. Ach b’éigean don […]

 

Jim Mitchell. Pictiúr: Photocall Ireland
Jim Mitchell, a bhí buartha o mbainfeadh aerfort i Leitir Ceanainn go leor custaiméirí d’eitiltí idir Baile Átha Cliath agus Doire Pictiúr: Photocall Ireland

Rinne an rialtas cinneadh sa bhliain 1984 gan dul ar aghaidh le tógáil aerfoirt a bhí geallta d’oirthear Dhún na nGall.

Is léir ó cháipéisí stáit ón bhliain sin, áfach, go rabhthas ag iarraidh an buille don cheantar a laghdú trí theacht ar shocrú speisialta le lucht custaim ag Aerfort Dhoire.

Ach b’éigean don rialtas leathmhilliún punt a bhronnadh ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun cúiteamh a íoc le húinéirí talún sa cheantar cé nach mbeadh a gcuid talaimh de dhíth a thuilleadh.

Sa bhliain 1977 mhol taighde trasteorann a d’ullmhaigh Rialtais na hÉireann agus na Breataine do Choimisiún na hEorpa go dtógfaí aerstráice i lár Chontae Dhún na nGall.

Moladh gur i Leitir Ceanainn a thógfaí é. I Meitheamh, 1980 d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Pádraig Flynn, go raibh an Rialtas ag tacú le haerfort a thógáil sa cheantar.

Ar an 28 Aibreáin, 1981 thug an tAire Iompair, George Colley, cead do Chomhairle Chontae Dhún na nGall aeradróm a bhunú ag an Oileán Mór, gar do Leitir Ceanainn.

Thosaigh an Chomhairle Contae ina dhiaidh sin ag ceannacht 190 acra talún sa cheantar. Ach ní raibh cuid de na húinéirí sásta leis an phraghas a bhíothas a thairiscint. Mar thoradh air sin, eisíodh Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (CPO) i mí Bealtaine, 1982.

Ach léiríonn Meamram Rialtais a cuireadh le chéile i mí na Samhna, 1983, nach raibh aon airgead ag an Chomhairle le híoc as an cheannacht talún:

“The Council proceeded with the acquisition on the basis that the cost would be met by the State. The Council is not in a financial position to meet the cost of land acquisition – its Revenue account shows a large debit balance and it would be impossible for the Council to bear the cost of compensation even on a short-term basis.”

Measadh go gcosnódh an togra £2.8m agus bhíothas ag súil go bhfaighfí a leathchuid de sin ó Chiste Forbartha Réigiúnda na hEorpa.

Ar ndóigh, bhí aerstráice eile sa chontae cheana féin i gCarraig Fhinne – a bunaíodh le cuidiú airgid ó Ghaeltarra – agus bhí sé beartaithe ag Údarás na Gaeltachta tús a chur le scéim feabhsúcháin air.

Lena chois sin, ní raibh Aerfort Dhoire in Eglinton ach 25 míle ó Leitir Ceanainn.

Bhí an Rialtas ag tabhairt fordheontais d’eitiltí idir Baile Átha Cliath agus Doire a bhíodh á gcur ar fáil ag an chomhlacht Avair agus fán bhliain 1983 bhí an tAire Iompair, Jim Mitchell, den tuairim go mbainfeadh aerfort i Leitir Ceanainn go leor custaiméirí ón eitilt seo a bhí, dar leis, ina “major initiative in the development of North/South relations”.

Bhí géarchéim mhór airgid sa tír ag an am agus bhraith an tAire Mitchell nach bhféadfaí údar maith a thabhairt le tacaíocht airgid a chur ar fáil d’Aerfort Leitir Ceanainn.

Mhol an tAire, áfach, go ndéanfaí an buille a mhaolú trí shocrú speisialta imréitigh custaim a chur ar bun ag Aerfort Dhoire.

Bhí sé ag moladh nach mbeadh ar phaisinéirí a bheadh ar an eitilt as Baile Átha Cliath go Doire dul trí chustaim arís ag an teorainn. Chas feidhmeannaigh ón Roinn Iompair le hoifigigh shinsireacha de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim leis na féidireachtaí a phlé ar an 19 Meán Fómhair, 1983.

Tugadh le fios dóibh nach bhféadfaí a leithéid de chóras a bhunú ar chúinsí dlí ná riaracháin. Dá nglacfaí leis an chóras, d’amharcfaí feasta ar chuid de na paisinéirí ar an eitilt seo mar ‘phaisinéirí baile’ agus dá bharr sin ní fhéadfaidís leas a bhaint as áiseanna saor ó dhleacht.

Bheadh sé fíordhoiligh a leithéid de chóras a chur ar bun “and [it] would probably provide scope for extensive contravention of Customs requirements by ‘unauthorised’ persons”.

Dúradh go raibh ról ag na hOifigigh Chustaim i gcur i bhfeidhm rialacháin i leith importáil táirgí talmhaíochta, drugaí, coiscíní, litríocht gháirsiúil srl agus ní fhéadfaí díolúine a thabhairt do phaisinéirí áirithe ó na rialacháin sin.

Chomh maith leis sin, dúradh go mbeadh orthu teacht ar shocrú leis na húdaráis ó thuaidh chun córas dá leithéid a bhunú, rud nach dócha a tharlódh mar go raibh na trioblóidí ag dul in olcas. Caitheadh moladh an Aire Mitchell i dtraipisí.

Ag cruinniú Rialtais ar an 11 Bealtaine, 1984 cinneadh go rabhthas leis an ghealltanas a tugadh aerfort a bhunú i Leitir Ceanainn a tharraingt siar.

Ach bhí fadhb na talún fós le réiteach. Ón uair a eisíodh Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh, bhí ceangal ar an Chomhairle Chontae an talamh a cheannacht agus ar na húinéirí an talamh a dhíol.

Bhí roinnt úinéirí toilteanach teacht ar shocrú leis an Chomhairle gan an talamh a dhíol ach chuaigh roinnt mhaith eile i mbun eadrána. Bhí bille de bheagnach leathmhilliún punt (£452,860) le díol ag an Chomhairle Contae fán am a tháinig deireadh leis an phróiseas eadrána.

Idir tháillí dlí agus obair eile, measadh go raibh costas £636,000 ar an Chomhairle Chontae. Ach ar ndóigh, ní raibh sé d’acmhainn ag an Chomhairle é seo a íoc. Ó tharla gur ón státchiste a thiocfadh an t-airgead, bhí an tAire Airgeadais, Alan Dukes, ag iarraidh a chinntiú go mbeadh aon talamh a ceannaíodh tríd na hOrduithe Ceannaigh Éigeantaigh i seilbh an stáit seachas na Comhairle Contae.

Ag cruinniú rialtais ar an 7 Nollaig, 1984, tugadh treoir do Chomhairle Contae Dhún na nGall dul i mbun cainteanna leis na húinéirí talún “with a view to seeking their formal agreement to release the lands from the acquisition proceedures including the withdrawal of compensation claims”.

Cinneadh fosta gur as Buiséad na Roinne Iompair a thiocfadh na costaisí a bhí ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall.

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Stop curtha le tógáil aerfoirt i nDún na nGall'

  • Páid Ó Donnchú

    Ba cheart cumhachtaí breise a thabhairt chuig na húdaráis áitiúil. Sa gcaoi sin, bheadh aerfort anois i Leitir Ceanainn chomh maith leis an Charraig Fhine. Ár ndóigh, bheadh ceann ag teastáil sna Cealla Beaga freisin, agus Inis Eoghain. Bheidís in ann seirbhísí aer idir eatarthu a chuir ar fáil, cosúil leis an gceann idir Nua Eabhrac agus Bostún.
    Mór an trua go bhfuil bastardaí Bhleá Chliath ag seasamh ar cearta muintir na tuaithe.