Cáipéisí Epstein – Trump i dtrioblóid nó tuilleadh de mhugadh magadh MAGA?

Cé go nglacann Trump leis go raibh sé cairdiúil le Jeffrey Epstein, maíonn sé gur chuir sé deireadh leis an gcaidreamh eatarthu nuair a fuair sé léargas iomlán ar choireanna Epstein

Cáipéisí Epstein – Trump i dtrioblóid nó tuilleadh de mhugadh magadh MAGA?

An é seo an scéal is mó a dhéanfaidh dochar do Donald Trump ó thosaigh sé ar a aistear polaitiúil deich mbliana ó shin? Beidh vóta sa gcomhdháil inniu, Dé Máirt, ag éileamh go bhfoilseofaí na comhaid a bhaineann leis an gceangal idir é agus Jeffrey Epstein. Cé go nglacann Trump leis go raibh sé cairdiúil le Epstein maíonn sé gur chuir sé deireadh leis an gcaidreamh eatarthu nuair a fuair sé léargas iomlán ar choireanna Epstein agus a shaol ag baint aimhleas as cailíní óga ar feadh blianta fada.

Tá Trump anois ag áitiú ar bhaill den pháirtí Poblachtach tacú leis an rún – níl tada le ceilt againn, a deir sé.

Tá go leor deacrachtaí ag Trump agus tá éirithe leis éalú ó chuid mhór acu nó neamhaird a dhéanamh díobh go dtí seo. Tá an rialtas sna Stáit Aontaithe ag feidhmiú in athuair tar éis an chomhaontaithe an tseachtain seo caite ach, ar ndóigh, chiallaigh sé sin nár tháinig aon reachtaíocht os comhair na Comhdhála ag éileamh go bhfoilseofaí na comhaid. Creideann go leor sna Stáit Aontaithe gur mhair an ‘shutdown’ chomh fada mar go raibh Trump ag iarraidh seift a aimsiú leis na comhaid a choinneáil faoi rún.

Tá scéal chailleach an uafáis déanta den eagarthóireacht mhíghairmiúil a rinne an BBC ar óráid dá chuid – bealach eile le haird na ndaoine a chur ar mhalairt treo seachas a bheith ag cuimhneamh ar scéal Epstein. Dá mhéad cion dá bhfuil aige ar chóras na dtaraifí agus na ndleachtanna trádála b’éigean dó cúlú ó chuid acu mar nach bhfuil aon laghdú ag teacht ar phraghsanna earraí grósaera. Tá an pobal ag fulaingt agus tá Trump ag cailleadh a gcuid tacaíochta, beag beann ar a ndílseacht do MAGA.

Is deacair a cheart a thabhairt don tionchar a bhí ag Trump ar chóras polaitiúil na Stát Aontaithe ó d’fhógair sé go mbeadh sé ag seasamh mar iarrthóir do na Poblachtaigh in 2015. Tá dílseacht dhochreidte spreagtha aige i measc a lucht leanúna agus gluaiseacht MAGA tar éis seilbh a ghlacadh ar an GOP [An Páirtí Poblachtach]. Tuigeann daoine a thugann a dhúshlán nach bhfuil mórán i ndán dóibh sa pholaitíocht mar go bhfuil ar a chumas iad a scrios.

Tá sin athraithe an tseachtain seo – tá Trump tite amach le Majorie Taylor Greene agus tá sí ar dhuine de suas le céad Poblachtach a bhí ag bagairt cur ina aghaidh sular athraigh sé a phort sa gcás seo.

An cheist atá ag lucht a cháinte sa chás áirithe seo – más fíor an méid a deir Trump nach raibh aon bhaint aige le coireanna Epstein, cén drogall atá air na cáipéisí a fhoilsiú? Tá sé féin tar éis fiosrúchán a ordú faoin mbaint a bhí ag Bill Clinton, Larry Summers agus pearsana mór le rá eile sa bpáirtí Daonlathach le Epstein. Is léir go raibh cairde agus comhghuaillithe cumhachtacha agus aitheanta ag an bpéidifileach is aitheanta ar domhan. Bhí Donald Trump ar dhuine acu. Maíonn sé gur chuir sé deireadh leis an gcaidreamh nuair a thuig sé go díreach cérbh é Epstein agus a raibh ar siúl aige. Má tá sin fíor, cén fáth nár foilsíodh na comhaid cheana?

Tá an scéal déistineach agus cuireann an mhí-úsáid ar mhná óga agus ar chailíní déistin ar dhaoine go leor. I Meiriceá is cosúil gur mó imní atá ar dhaoine faoin gcostas maireachtála mar nach gcuireann aon rud atá déanta ag Donald Trump iontas orthu agus níos measa ná sin ní laghdaíonn sé an tacaíocht a thugann siad dó.

Dá mhéad amhras a bhíonn orainn fúthu, is léir go mbíonn daoine ag tnúth i gcónaí go ndéanfaidh an aicme pholaitiúil an rud ceart. Inseoidh an lá amárach agus vóta na Comhdhála an bhfuil polaiteoirí Mheiriceá sásta i ndeireadh an lae an fhianaise atá nó nach bhfuil ann a chur os comhair an phobail ar mhaithe leis an rud ceart a dhéanamh sa gcás seo, beag beann ar an tionchar a bheidh aige ar a bpáirtí polaitiúil féin.

Fág freagra ar 'Cáipéisí Epstein – Trump i dtrioblóid nó tuilleadh de mhugadh magadh MAGA?'

  • Preit

    Ba mhaith le bunaíocht pholaitiúil SAM an pobal a choinneáil sáite sa chluiche pong-pong seo idir na Daonlathaigh agus na Poblachtaithe. Ach ní léifidh tú rud ar bith sna meáin mhóra faoi ghníomhaíocht Epstein ar son rialtas Iosrael, mar go bhfuil an dá thaobh, idir Dhaonlathaigh agus Phoblachtaithe, go muineál sa cháidheadas.