Níl ach cúig chontae sa tír ina bhfuil duine as gach deichniúr páistí nó níos mó ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.
De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí ón Roinn Oideachais ó dheas, tá os cionn 10% de dhaltaí bunscoile i nGaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Muineachán agus Corcaigh ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge.
Níl aon chontae sa tír ina bhfuil os cionn 10% de dhaltaí iarbhunscoile ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge.
Léiriú atá sna figiúirí ar an tóir atá ar an nGaeloideachas i Muineachán, an t-aon chontae ina measc siúd atá luaite thuas nach bhfuil ceantar Gaeltachta ann. Nuair a chuirtear páistí atá ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge sa nGaeltacht as an áireamh, is é Muineachán an contae is fearr sa tír ó thaobh céatadán daltaí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge, idir an bhunscoil agus iarbhunscoil.
Mar sin féin, léiríonn na figiúirí chomh maith nach bhfuil aon fhás tagtha ar an soláthar lán-Ghaeilge sa chontae agus 11% de dhaltaí bunscoile i Muineachán ag freastal ar Ghaelscoil i mbliana, an céatadán ceannann céanna bhí i gceist in 2020 nuair a thug an Roinn Oideachais faoi thaighde mar chuid d’fhorbairt polasaí don oideachas lán-Ghaeilge.
Ceithre cinn de Ghaelscoileanna atá i Muineachán – Scoil Rois i gCarraig Machaire Rois, Gaelscoil Ultain i gCnoc an Chonnaidh, Gaelscoil Eois i gCluain Eois agus Gaelscoil Lorgan i mBaile na Lorgan.
Tá 918 dalta ag freastal ar na scoileanna sin don scoilbhliain 2025-26 de réir figiúirí na Roinne, 11.5% den 7,990 dalta bunscoile i Muineachán. Tá 402 dalta ag freastal ar Choláiste Oiriall i gCnoc an Chonnaid, an t-aon Ghaelcholáiste amháin sa chontae. Is ionann sin agus 6% de líon iomlán na ndaltaí dara leibhéal sa gcontae.
Is i nGaillimh atá an céatadán is mó daltaí bunscoile ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge – 18%. Titeann sé sin go dtí 9% nuair a chuirtear daltaí Gaeltachta as an áireamh, rud a fhágann an Ghaillimh chun deiridh ar chontaetha amhail Muineachán, Corcaigh (10% lasmuigh den Ghaeltacht), Luimneach (9%) agus Cill Dara (9%).
Ba i gcontae Lú, an Longfort, an Cabhán agus Ros Comáin a bhí na céatadáin ab ísle de dhaltaí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. 2% a bhí i gceist sna ceithre chontae sin.
Ag an iar-bhunleibhéal, tá Gaillimh arís ar bharr an liosta ó thaobh freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Tá 9% de dhaltaí iarbhunscoile sa gcontae ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge ach titeann an céatadán sin síos go dtí 1% nuair a chuirtear na scoileanna sa nGaeltacht as an áireamh. Níl ach iarbhunscoil lán-Ghaeilge amháin lasmuigh den Ghaeltacht i gcontae na Gaillimhe, sin é Coláiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí.
Bhí Ciarraí (7%), Dún na nGall (6%), Luimneach (5%) agus Ceatharlach ar na contaetha eile ina raibh na céatadáin is airde daltaí ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.
Tá 11 contae ó dheas nach bhfuil aon Ghaelcholáiste iontu – Liatroim, an Iarmhí, Tiobraid Árann, contae an Chláir, Laois, Uíbh Fhailí, Sligeach, contae Lú, an Longfort, an Cabhán agus Ros Comáin. Tá beagnach 90,000 dalta iarbhunscoile sna contaetha sin i láthair na huaire.
Níl aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i Maigh Eo ná i gcontae na Mí ach an oiread.
Léirigh anailís ar Tuairisc go bhfuil an céatadán is lú daltaí ó 2013 ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge i láthair na huaire.
| Daltaí Bunscoile 2025-26 | ||||
|---|---|---|---|---|
| Contae | Daltaí Lán-Ghaeilge | Daltaí Iomlán | % Daltaí i Scoil lán-Ghaeilge | |
| Gaillimh | 5,256 | 29,869 | 18% (9%) | |
| Dún na nGall | 2,571 | 19,028 | 14.% (4%) | |
| Muineachán | 918 | 7,990 | 11% | |
| Corcaigh | 6,703 | 61,025 | 11% (10%) | |
| Ciarraí | 1,739 | 15,924 | 11% (6%) | |
| Luimneach | 2,031 | 22,180 | 9% | |
| Cill Dara | 2,531 | 29,283 | 9% | |
| Port Láirge | 1,167 | 13,771 | 8% (7%) | |
| An Mhí | 2,027 | 25,840 | 8% (7%) | |
| Maigh Eo | 1,152 | 14,792 | 8% (5%) | |
| Baile Átha Cliath | 10,240 | 135,040 | 8% | |
| Cill Mhantáin | 1,256 | 17,240 | 7% | |
| Liatroim | 272 | 3,940 | 7% | |
| Ceatharlach | 444 | 7,454 | 6% | |
| An Iarmhí | 568 | 11,240 | 5% | |
| Tiobraid Árann | 909 | 18,148 | 5% | |
| An Clár | 609 | 13,132 | 5% | |
| Laois | 452 | 10,890 | 4% | |
| Cill Chainnigh | 438 | 10,655 | 4% | |
| Uíbh Fhailí | 299 | 9,474 | 3% | |
| Loch Garman | 544 | 18,033 | 3% | |
| Sligeach | 208 | 7,545 | 3% | |
| Lú | 361 | 16,789 | 2% | |
| An Longfort | 112 | 5,277 | 2% | |
| An Cabhán | 193 | 9,798 | 2% | |
| Ros Comáin | 149 | 8,022 | 2% | |
| (Gan daltaí Gaeltachta san áireamh) | ||||
Mícheál
Léiriú eile ar easpa rathúlachta na Scéime don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta!
Pól
Is trua é gaelscoil ar an mbaile mór a gcónaím féin ann agus gan caint ar bith fós ar ghaelcholáiste. An Ghaeilge agus lucht a labhartha in áit na leithphingne mar is iondúil, muis…
Feicim an pátrún céanna tríd is tríd an gcóras sa tír seo. Cuireann muid ranganna do dhaoine fásta agus ciorcail chomhrá ar fáil anseo agus is mór an t-éileamh a bhíonn orthu, ach déan iarracht rud ar bith a dhéanamh leis na húdaráis abhus inár dteanga féin agus feicfidh tú cé chomh híseal ar dhréimire na gcearta atá muid…
Seoirse
Go dtí go dtéann Gaeilgeoirí na tíre i mbun feachtais ina mílte chuig oifigí An Aire Oideachais agus na Roinne Oideachais; ní tharlóidh faic. Cá mhéad saoránach atá ag scríobh chuig an dream thuas ag lorg a gcearta mar shaoránaigh Éireannach sa chóras oideachais? An bhfuil Gaeilge fiú ag Aire Oideachais FG?? Sléacht déanta ag FG ar an nGaolainn riamh anall!