‘Gúrú míle maith agat’, Gabriel, as a léiriú dúinn gur ‘Solas sin’ agus faic thairis

Léiríonn cnuasach Gabriel Rosenstock ‘Faoi Scáil na hIndia’ dúinn go bhfuil áilleacht agus dea-thuiscint le fáil san uile ní

‘Gúrú míle maith agat’, Gabriel, as a léiriú dúinn gur ‘Solas sin’ agus faic thairis
Faoi Scáil na hIndia
Gabriel Rosenstock
Filíocht
LeabhairCOMHAR, 2025

Bhí an Dalai Lama ar cuairt ar Aotearoa tráth. I gceantar Dunedin ar an oileán theas dó, bhuail sé le duine de na hiarmhúinteoirí óna óige a bhí ar deoraíocht leis na blianta fada de dheasca cúinsí contúirteacha polaitíochta sa bhaile sa Tibéid.

Bhí cúpla scór bliain curtha isteach ag an seantreoraí ar an choigríoch, ach seo anois é aghaidh ar aghaidh arís lena dhalta, ceannaire spioradálta na Tibéide. Chrom an seanmhanach a cheann mar chomhartha ómóis. A

ch ba mhian leis an Dalai Lama meas a léiriú dá oide agus mar sin d’umhlaigh sé é féin dósan. Lean an bheirt acu leis an taispeántas urraime ag sárú ar a chéile san ísliú go dtí gur bhain siad tóin amach, an bheirt acu gona róbaí marúin sínte béal fúthu ar an talamh. I ndiaidh tamaillín, d’ardaigh fear acu a chloigeann agus d’amharc sna súile ar an duine eile. Tost gearr… ansin racht mór gáire!

Tháinig an scéal pleidhcíochta seo chun cuimhne le linn dom a bheith ag sú isteach go fonnmhar an uile fhocal i ndánta Gabriel Rosenstock sa díolaim ‘Faoi Scáil Gheal na hIndia’ (LeabhairCOMHAR, 2025), rogha dánta as a shaothar ó 2004 ar aghaidh. Thug an file tuairim is fiche cuairt ar an India thar na blianta, mar a rinne mé féin. I mo chás-sa, chaith mé sealanna san iargúil gan labhairt, focail á séanadh ar fad agam.

I dtaca leis an fhile de áfach, tá friotal ‘na mórscríbhneoirí a chuaigh romhainn’ mar spreagadh agus mar threoir aige ar a chonair spioradálta siúd. I gCuid a Ceathair den leabhar tá aistriúchán – nó traschruthú, mar a thugann Rosenstock air – ar sheandánta le filí éagsúla, cuid acu a mhair chomh fada siar leis an 8ú haois:

‘molaimid an teanga féin,
cuid neamhbhásmhar
den anam.’

Léirigh na manaigh Thibéadacha sa scéal thuas go mbíonn gráinnín den áiféis ag baint le cuid dár nósanna foirmeálta. Tuigeann an file an méid sin chomh maith agus is minic cásanna a samhlaímid sollúntacht leo ina gcúis ghrinn aige: freagraí an ghúrú ar cheisteanna léirintinneacha, mar dhea, a dheisceabal, nó an t-ainm Krishnamurphy, pearsa a chastar orainn arís is arís eile i gCuid a Dó den leabhar. Ainm magúil é a dhéanann cumasc d’uasal agus íseal.

De mhórgacht agus measarthacht. De dhia Hiondúch a ndéantar é a adhradh ar fud na fo-ilchríche agus tútachán ar oileán beag ar imeall an Atlantaigh a cheap dlí tíriúil Uí Mhurchú. Ach is suntasach nach bhfuil rian den nimh ná den scige i ngreann an fhile, rud a thabharfadh le fios go bhfuil sé saor ó chuing na ceartaiseachta agus na cráifeachta.

Seachas codarsnacht is cosúlacht idir Bhārat agus seanlitríocht na hÉireann atá le sonrú sa dán ‘Advaita’, a thugann seandán Gaeilge Amhairghin, ‘Am gaeth i-m muir’, chun aigne:

Sularbh ann don fhiolar
Sularbh ann don mhuir
Sularbh ann don dair
Is ann Duit
Sularbh ann don loch
Sularbh ann don néal
Sularbh ann d’Éirinn
Is ann Duit.

Ag tarraingt ar an chomhshaol dó, is iomaí ainmhí atá luaite sa chnuasach agus tá tús áite ag an mhoncaí. Ní hionadh ar bith é sin óir bíonn siad le feiceáil go fairsing, flúirseach ar na díonta agus droichid i mbailte na hIndia nó faoin tuath ag lámhacán go míleata ó gharraí go garraí réidh le ruathar a thabhairt ar chrainn torthaí. Is pointeáilte mar a cheapann an file nósanna an mhoncaí in haiku a gabhann grianghraf le Debiprasad Mukherjee leis:

ceol aisteach…
moncaithe ag luascadh
ó shreang leictreach.

Meafar é iompar an mhoncaí sa Bhúdaíochas don dóigh a bhfeidhmíonn an intinn, ag lingeadh ó smaoineamh go smaoineamh gan srian, gan smacht. Fiafraíonn deisceabail Krishnamurphy de:

 

Conas aigne an mhoncaí a cheansú.

‘Ceist neamhbhailí.
Níl aon mhoncaithe againn in Éirinn.

 

Téann Krishnamurphy ar cuairt ar a ghúrú féin, atá go dona tinn:

 

Ar leaba a bháis a bhí an gúrú bocht (droch-chroí).

 

Nuair a ofrálann Krishnamurphy a chroí féin a dheonú, arsa an Máistir:

Gúrú míle maith agat …
Nár laga Dia thú!

Chaithfeá ceist a chur ort féin an bhfuil aon chiall ag Krishnamurphy don Solas, nó an é go bhfuil púicín air – agus orainne. Tá a ego basctha aige, dar leis, agus tá sé fógartha aige dá lucht leanúna dílis nach bhfuil ‘faic fágtha’, ach nuair a thagann lucht iriseoireachta leis an scéal iontach a thuairisciú, atann a ucht ‘le bród’. Cé go bhfuil dul amú air ag an phointe seo, de réir a chéile nochtar don léitheoir go ndéanann sé dul chun cinn: ‘Tá corr-rud ann a thuigeann Krishnamurphy go dianmhaith.’

Léiríonn na dánta dúinn go bhfuil áilleacht agus dea-thuiscint le fáil san uile ní, fiú sa phréachán shuarach a bhfuil páistí ag caitheamh cloch leis. Tig diabhlaíocht agus clisteacht Rosenstock chun solais (nó an chun Solais a thagann sí?) san imeartas focal. Deir duine beannaithe leis na hógánaigh:

‘Ní gnáth-phréachán é siúd
ach saoi ar oilithreacht!’

Ó shin amach, aon uair a fheiceann pearsa an dáin préachán, cuimhníonn sé ar na focail chríonna sin agus déanann athmheas ar a mheon féin i leith an éin:

mar …

cá …
cá bhfios?

Ceann de na tréithe eile is mó a dtuilleann Rosenstock meas as ná a chumas réaltacht nach bhfuil cuma, creat ná cruth air, réaltacht nach bhfuil insint béil air, réaltacht a théann thar smaointe agus coincheapa, a chur in iúl trí mheán an fhocail agus trí mheán na Gaeilge. Tá seanfhilí Bhārat mar eiseamláir aige. Is i gCuid a Ceathair den leabhar go príomha atá sé seo le sonrú, mar a bhfuil ‘blaiseadh beag’ de sheandánta ón India le léamh. Gleacaíocht intinne a bheadh ar siúl ag an té a rachadh i ngleic leis an ábhar seo go hintleachtúil b’fhéidir, ach dealraíonn sé go bhfuil an t-ealaíontóir seo ag tarraingt ar a eispéiris féin le breith ar chiall nach furasta a cheapadh. Tá léiriú simplí, álainn air sin le fáil sa dán ‘Pavamāna’:

OM Treoraigh sinn
ón mbréag go dtí an fhírinne
ón doircheadas go dtí an solas
ón mbás go dtí an neamhbhásmhaireacht.

Ní ceisteanna spioradálta amháin atá faoi chaibidil sa díolaim seo agus is léir go ngoilleann an éagóir go mór ar Rosenstock. Tá dán ann i gcuimhne ar Savita Halappanavar. Ceistítear in ‘Feidhm na Filíochta’ cad é an mhaitheas a dhéanann an ealaín dóibh siúd atá i gcruachás:

15 milliúin baintreach atá san India
agus iad beo bocht …

is gan acu ach ón lámh go dtí an béal.

Ní dóigh leis an fhile go bhfuil aon suaimhniú le fáil acu ó dhán, is cuma cén teanga ina bhfuil sé, ach b’fhéidir go mbeadh cneasú sealadach le fáil ó ghníomh simplí préamhaithe sa chroí:

Cupán tae (nó chai) … seans
bheadh sólás éigin ansin
dá réiteofaí di go grámhar é.

Dánta eile sa chnuasach seo, baineann siad le héagóir a imríodh ar fhilí Indiacha agus ar sheansagart breoite de chuid Chumann Íosa. Léiríonn Rosenstock a thacaíocht do Varavara Rao, i measc daoine eile, file agus cosantóir cearta an duine a chaith chóir a bheith dhá bhliain i ngéibheann le blianta beaga anuas i ndiaidh gur cúisíodh é as coireanna éagsúla, sceimhlitheoireacht san áireamh:

Cuirim bláthanna dofheicthe chugat

A Varavara Rao chun do chillín a chumhrú.

Tugtar dúshlán phríomh-aire na hIndia, Narendra Modi, cúpla babhta sa leabhar, é luaite as a ainm. Déantar tagairt do Mahatma Gandhi fosta, fear a raibh a dhearcadh agus a ghníomhartha i gcontrárthacht mhór le ‘Ceannairí Buile’ an lae inniu, daoine ‘gan compás morálta’ a dtiomáineann ‘ego, an tsaint, meigleamáine’ chun catha iad:

‘…ina gcoinne féin
Agus i gcoinne a ndeartháireacha is a ndeirfiúracha
Ar an bpláinéad cráite seo’.

B’fhéidir gur shaoithiúil leis an léitheoir gur le línte éadóchais den déanamh seo a chuirtear clabhsúr leis an díolaim bhreá, chroíúil seo. Baineann mórán de na liricí agus liodáin síos tríd le dea-léargas a thabhairt ar an aoibhneas spioradálta.

Ach is cosúil go dtuigeann Rosenstock go bhfuil sé ríthábhachtach réaltacht an dorchadais sa saol seo againne a léiriú agus nach féidir leis é a shéanadh ná a sheachaint. Mar sin féin, is ag an Solas atá an lámh in uachtar i ndeireadh an lae óir is é sin atá ionainn, faic thairis.

Fág freagra ar '‘Gúrú míle maith agat’, Gabriel, as a léiriú dúinn gur ‘Solas sin’ agus faic thairis'

  • Diarmuid de Faoite

    Cá mbeadh muid gan ár bhfilí? Cá mbeadh muid gan a dtreoir?
    Sa dorchadas.
    Réalta eolais is éa iad agus an tard Aingeal sin, Gabriel, ina measc