Bhí Comórtas Sé Náisiún na bliana seo ceaptha tosú amárach. Mar go raibh oscailt oifigiúil Chluichí Oilimpeacha an Geimhridh ag tarlú ag an am céanna, ócáid ar mó spéis mhuintir na Fraince ann, chinn lucht bainistíochta an chomórtais rugbaí an chéad chluiche de chomórtas Sé Náisiún na bliana seo a thabhairt ar aghaidh go dtí anocht.
Mar a tharlaíonn, is idir an Fhrainc agus Éirinn a bheas an chéad chluiche sin.
Ba dheacair tús níos dúshlánaí ná mar atá roimh fhoireann na hÉireann anocht a shamhlú. Ní hamháin gur as baile i bPáras a bheas an cluiche á imirt ach is iad na Francaigh curaidh reatha an chomórtais. Idir imreoirí ar nós Hugo Keenan a bheith gortaithe, chomh maith le cúpla frapa, agus Bundee Aki a bheith ar fionraí is cinnte go bhfuil Andy Farrell ar an ngannchuid roimh thús an chomórtais.
Is fiú a mheabhrú freisin gurb í an Fhrainc an t-aon fhoireann a fuair an ceann is fearr ar Éirinn sa gcomórtas anuraidh (42-27) in Áth Cliath. Dá mbeadh an bua ag Éirinn an lá sin bheadh greim acu ar an Grand Slam mar gur chaill na Francaigh cluiche amháin iad féin i gcoinne na Sasanach. In ainneoin nár chaill muid ach cluiche amháin anuraidh, is sa tríú háit ar an tábla a chríochnaigh muid. Titim ollmhór óna bharr an bhliain roimhe sin.
Mar bharr ar an mí-ádh, de bharr gortuithe do Andrew Porter, Paul Boyle agus Paddy McCarthy is é Jeremy Loughman an tríú, nó b’fhéidir an ceathrú, rogha mar fhrapa oscailte a bheas ag tosú i bPáras anocht. Is cinnte go ndéanfaidh na Francaigh chuile iarracht teacht i dtír ar an easpa taithí atá ag Loughman ar a bheith ag imirt i gcluiche den chaighdeán seo. Beidh brú damanta freisin ar Sam Prendergast agus é ag stiúradh imeachtaí sa lár.
Ach tá na deacrachtaí níos fairsing ná sin. Má dhéantar comparáid idir imirt imreoirí na Fraince agus iad ag imirt sa Top 14 nó i gCorn na gCuradh agus cur chuige imreoirí na hÉireann san URC agus i gCorn na gCuradh, is léir don dall go bhfuil imirt na bhFrancach i bhfad níos snasta, níos aclaí agus níos fisiciúla.
Beidh go leor ag brath ar an bpaca tosaithe. Caithfidh siad an fód a sheasamh sa síor-ionsaí a dhéanfas paca an bhaile orthu.
Caithfidh siad ár liathróid féin a shlánú sa síneadh amach agus sa gclibirt chun ardán ionsaithe a chruthú. Dá uireasa sin, ní bheidh seans na ngrást againn agus freisin caithfidh an líne chosanta ghlas a bheith docht, daingean le síor-ionsaí na Fraince a stopadh.
Ó, agus freisin caithfidh muid súil ghéar a choinneáil ar Antoine Dupont, captaen agus leathchúlaí clibirte na Fraince, fear atá ar dhuine de na himreoirí rugbaí is fearr ar domhan faoi láthair.
Mar eolas, d’imir Éire i gcoinne na Fraince sa bhFrainc leathchéad babhta roimh chluiche an lae inniu agus bhí an lámh in uachtar ag foireann an bhaile cúig uaire déag agus fiche. Sin cuntas eile atá le ceartú, cé nach dóigh go dtarlóidh sé sin anocht!
Feicfimid linn.
Sea, tá imní ormsa go bhfuil ochtó nóiméad pianmhar romhainn anocht, d’imreoirí agus lucht leanta araon. Caithfidh chuile phlean oibriú dúinn agus beidh géarghá leis an ádh ag na Gaeil freisin.
Dála an scéil, ar an Satharn imreoidh an Iodáil i gcoinne na hAlban sa Róimh agus beidh Sasana i gcoinne na Breataine Bige i Londain. Tá mise ag tuar bua d’Albain agus do Shasana.
Fág freagra ar 'Caithfidh an paca tosaithe an fód a sheasamh i bPáras má tá seans le bheith ag Éirinn'