LÁ FHÉILE BRÍDE: Cén chaoi le cros Bhríde a dhéanamh agus eolas eile…

Ón gCARTLANN: Inniu Lá Fhéile Bríde agus tá seanchas na Féile Bríde againn as áiteanna éagsúla chomh maith le físeán a thaispeánann cén chaoi le cros a dhéanamh ina honóir

LÁ FHÉILE BRÍDE: Cén chaoi le cros Bhríde a dhéanamh agus eolas eile…

As Eachréidh na Gaillimhe

Cé nach mbíonn féasta i ngach teach an oíche seo bíonn na nósanna eile ar siúl sa cheantar seo, agus nósanna eile nár tháinig anuas ó ghlúin go glúin.

Ní dhéanaid dearmad crosóg Brighde a dhéanamh an oíche sin, ach ní dhéanaid an chrosóg mar a rinne Brighid í. Déanann cuid díobh i gceart í, agus úsáideann na daoine seo an luachair díreach mar a rinne Brighid í an chéad uair mar a deirtear.

Cuirtear brat ar chailín de mhuintir an tí. Seo í Brighid. Téann an cailín seo amach agus beireann sí beart luachra isteach léi. Cnagann sí ar an doras agus deireann sí:

“Téigí ar bhur nglúine agus abraígí bhur bpaidreacha,agus ligigí Brighid Naofa isteach.”

Freagraíonn an líon tí ansin

“Tar isteach a Bhrighid Naofa.”

Tagann Brighid isteach ansin agus beireann seanbheart luachra léi. Cuireann sí an beart ag ceann an bhoird agus caitheann an líon tí a mbéile. Nuair a bhíos an béile caite déanann gach duine de mhuintir an tí crosóg agus deireann siad an phaidir seo.

“Go mbeannaí Dia an tAthair, an Mac, agus an Spiorad Naomh an chrosóg seo, an áit ina bhfuil sí agus na daoine a fhéachas uirthi.”

Crochtar an chrosóg os cionn gach dorais agus gach cró i gclós na feilme, agus beidh gach rud fé choimirce Bhrighde i rith na bliana.

Ní dhéanann an chuid is mó anseo an trioblóid sin. Déanann siad crosóg as cipíní agus tuí, agus crochann siad sna háiteanna céanna i dtithe agus i gcábáin.

Téann na buachaillí óga mar gheamairí ó theach go teach, ag bailiú airgid. Ach is trua liom nach i ndúil Bhrighde ná i ndúil nós na féile ach i ndúil an airgid agus na rudaí a cheannaítear leis.

Bíonn na geamairí feistithe cosúil le buachaillí tuí, agus púicíní orthu. Bíonn siad ag seinm ceoil, ag damhsa agus ag ciarsán. Tá na daoine ag eirí  tuirseach den nós seo, agus ní fhaigheann siad iomarca airgid anois.

Flaithrí Ó Súilleabháin, oide scoile, Bearna Dhearg, Béal Átha Glúinín, Contae na Gaillimhe

 

Cén chaoi le cros Bhríde Chonamara  a dhéanamh as luachair?

Cros Bhríde

Bhíos ag léamh mar gheall ar an mbrídeog, agus mar gheall ar Chros Bhríde.

Chonac na buachaillí go minic ag dul timpeall na háite, an oíche roimh Lá Fhéile Bríde leis an mbrídeog ach ag bailiú airgid a bhíodar chun oíche rince a bheith acu. Chonac na buachaillí gléasta suas chun nach n-aithneodh aoinne iad. Bhíodh an bhrídeog ag an gcaptaen agus thagaidís go léir isteach sa chistin agus dhéanaidís dreas rince. Ansin thógadh an captaen an t-airgead agus théidís go léir go dtí an chéad teach eile.

Bhíos ag ceistiú na mbuachaillí anseo, agus fuaireas an méid eolais seo thíos mar gheall ar an tslí go ndéantar an obair i Maol Lios.

Cúpla oíche roimh Lá Fhéile Bríde, bailíonn na buachaillí agus na cailíní i dteach feirmeora éigin agus déanann siad an bhrídeog agus Cros Bhríde leis. Bíonn an bhrídeog cosúil le babaí an-mhór. De thuí agus píosaí bioraigh (luachra) a dhéantar an chros. Oíche roimh Lá Fhéile Bríde, bailíonn siad sa teach céanna arís agus tógann ceann de na buachaillí an bhrídeog agus an Chros ceangailte uirthi in airde ar a ghualainn chlé agus amach an doras leo go léir agus téann siad timpeall an ghleanna ó theach go teach agus bíonn fáilte rompu i ngach teach.

Bíonn ceol agus rince acu i ngach aon teach agus ólann siad tae ag cuid de na tithe. Nuair a bhíonn an turas sin déanta acu téann siad ar ais go dtí an chéad teach agus fanann siad ansin ag rince go breacadh an lae. Ní bhailíonn siad aon airgead agus nuair a bhíonn deireadh leis an rince cuireann siad an Chros Bhríde in airde faoi dhíon an tí sa chistin agus coimeádtar ansin é. Coimeádtar crosanna Bríde i gcúpla teach sa ghleann agus ní thabharfaidís ceann acu d’aoinne mar bíonn meas mór acu orthu mar deir siad go mbíonn beannacht Bhríde ar an teach ina gcoimeádtar an chros. Fuaireas cros agus tá sí sa scoil agam anseo.

Bailitheoir: Dáithí Ó Léain, Lios Leadhbháin, Co. Chiarraí

Faisnéiseoir: Diarmaid Ó Léain, Lios Leadhbháin, Co. Chiarraí

 

Ag gabháil thart leis an mBrídeog Lá Fhéile Bríde

Nuair a bhí mé fhéin agus Baibín Mháirtín ag teacht abhaile ón scoil an tráthnóna sin, chuir muid suas lena chéile go rachadh muid ag imeacht leis an mBrídeog. Nuair a tháinig mé fhéin abhaile ón scoil, ní dhearna mé tada ach mo dhinnéar a ithe, agus sula raibh mo dhinnéar ite agam, siúd isteach Baibín an doras againn, agus dornán mór tuí faoina hascaill aici. Nuair a chonaic mo mháthair an dornán aici, thosaigh ag gáirí agus dúirt sí:
“Go sábhála Dia sibh, beag an baol go dtiocfadh an oíche amú oraibh.”
“Ná bac leis an oíche anois,” a deir Baibín “ach bí réidh le slám breá airgid a thabhairt dúinn nuair a bheas an bhrídeog seo gléasta suas againn.”
Ghléas mé fhéin agus Baibín suas an Bhrídeog ansin. Nuair a bhí sí gléasta againn síos le Baibín go dtí mo mháthair.
“Anois,” a deir Baibín ag síneadh a láimhe chuig mo mháthair, “líon í seo le hairgead dom. Thug mo mháthair cúpla pingin di ansin agus dúirt Baibín léi, “Mo Dhia dhá dtarrtháil, agus go dtarrthaí Dia sibh, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.”
“Ámén,” a deir a raibh istigh againn fhéin.

Nuair a bhí muid ag imeacht dúirt mo mháthair, “Níor thug sibh broibh ar bith domsa, nó cá bhfuil siad?” “Níor bhain muid chor ar bith fós iad,” a deir Baibín, “nach mbeidh siad sách luath amárach agaibh.”
“Tá go maith,” a deir mo mháthair. Ní raibh ach an chaint sin ráite ag mo mháthair nuair a d’airigh muid m’athair ag rá: “Fainic nach bhfuil ciseán le haghaidh na n-uibheacha agaibh?”

Siúd isteach liom fhéin agus thug mé liom an ceaintín mór leathan a bhí ar an mbord.

Dimigh an bheirt againn linn agus muid go bródúil dúinn féin. Tigh Mhicil Bheachla an dara teach a chuaigh muid agus sheas muid sa doras agus dúirt mé fhéin. “Téigí ar bhur nglúine agus abraigí bhur gcuid paidreacha agus ligigí Naomh Bríd isteach.”

“Tar isteach,” a deir bean an tí linn fhéin. Isteach linn agus rug bean an tí ar an mBrídeog agus phóg sí í agus d’imigh léi agus thug sí anuas cúpla ubh againn agus leag sí síos sa gceaintín go cúramach iad. “Go raibh maith agus fad saoil agaibh,” a deir mé fhéin, “agus go mba seacht fearr a bheas sibh an t-am seo arís.” “Go mba é daoibh,” a deir bean an tí linn.

“Thug Baibín cúpla brobh di ansin agus d’imigh muid linn go bródúil agus bhí muid ag tabhairt corrshúil an an gceaintín ar fhaitíos go mbrisfeadh na huibheacha orainn. Bhí muid ag imeacht linn ó theach go teach mar sin nó go raibh gach teach sa mbaile siúlta againn, bhí leath an cheaintín mhóir d’uibheacha againn agus sparán maith airgid. ‘Sí Máire Choilm a thug an sparán dúinn leis an airgead a chur ann.

Chuaigh muid ag an siopa ansin leis na huibheacha agus fuair muid airgead orthu. Thug fear an tsiopa cúpla pingin eile le cois dúinn.

D’imigh muid abhaile ansin agus roinn muid an t-airgead cothrom eadrainn ag dul abhaile dúinn. Bhí an bheirt againn ag léimneach le teann áthais, mar gheall ar a raibh d’airgead againn. Nuair a tháinig mé abhaile bhí Máirtín istigh romham agus thosaigh sé ag iarraidh airgid orm, ach sin a raibh de mhaith dhó ann, mar is maith a bhí sé saothraithe agam fhéin ar feadh na hoíche ag imeacht ó theach go teach. Ach choinnigh an rógaire beag ag tuineadh liom agus de ghrá an réitigh, agus le gean do Bhríd, thug mé cúpla pingin dhó.

Scríbhneoir: Bairbre Ní Choistealbha,
14 bliain d’aois,
Caorán na gCearc,
Conamara

Seanchas na Féile Bríde as Inis Meáin, Maigh Eo agus Ciarraí…

Cuireann Brighid Ní Choinceanainn, Ceathrú an Teampaill, Inis Meáin síos dúinn ar an lá ar a hoileán dúchais.

Is é lá Fhéile Brighde an chéad lá den Earrach agus bíonn áthas ar gach duine go mbíonn an tEarrach ar fáil. Deir Naomh Brighid go mbeadh ‘gach re lá óm’ lá-sa amach go breá’. Tá an lá sin ina bhreacshaoire ins an oileán agus ní bhítear ag déanamh mórán oibre. Bíonn na daoine ag cur crosóg Bhrighde suas ar dhíon an tí oíche na féile Brighde leis an ádh a bheith ar an teach ar feadh na bliana.

Bíonn na cailíní beaga ag imeacht ó theach go teach leis an mbrídeog, iad ag damhsa agus ag casadh poirt agus ansin faigheann muid ubh nó pingin ó gach teach. Is ceart do gach teach iasc beo a thabhairt isteach Lá Fhéile Brighde. Tógann na daoine faochain agus bairnigh an lá sin. Deireadh na seandaoine go mb’fhearr leo Lá Fhéile Brighde a bheith garbh mar go dtiocfadh an bhliain ar fad go breá ina dhiaidh sin. Ó chaitear Lá’l Brighde bíonn na laethanta ag dul i bhfad agus na hoícheanta ag dul i ngiorracht agus bíonn an ghrian ag ardú sa spéir agus cuma an tSamhraidh ag teacht ar an aimsir. Bíonn na huain óga á mbreith san Earrach. Bíonn na curachaí ag iascach san Earrach gach lá a bhíonn breá.

Míníonn Treasa de Búrca as Baile an Chalaidh i gcontae Mhaigh Eo dúinn an bunús a bhí leis an gCros Bhríde.

Lá dá raibh Naomh Bríghid ag taisteal in iarthar na hÉireann chuaigh sí ar seachrán thart ar Chnoc Néifinn. Chuaigh sí isteach i dteach ina raibh fear agus bean. D’iarr sí eolas an bhóthair orthu. Págánaigh a bhí sa mbeirt seo, ach mar sin féin thugadar eolas a slí di. Ansin thug bean an tí deoch do Bhríghid. Sular ól sí an deoch phioc sí ansin brobh luachra agus chuir sí isteach san mbainne é ag gearradh comhartha na croise ag an am céanna. Bhí ionadh mór ar fhear an tí agus d’iarr sé uirthi cén fáth a ndearna sí sin. “Mar chuir do bhean nimh san deoch,” arsa Bríghid.

D’iarr an bhean maithiúnas ar Bhríghid agus d’inis sí di gur chuir sí an nimh san deoch mar gheall ar an gcrois óir a bhí fána muineál ag an naomh. Ón lá sin go lá a báis níor chaith Bríghid ach cros airgid agus í fá chlúdach aici gan cathú do chur ar éinne.

Dúirt sí ina dhiaidh sin go mbeadh aon teach ina ndéanfaí cros luachra agus í a chur fá dhíon an tí fána brat féin slán agus nach mbainfeadh dó ná dochar don teach sin ariamh. 

Deir Eibhlín Ní Mhurchadha as Baile Uí Bhioráin i gontae Chiarraí linn gurbh iad na buachaillí a théadh thart leis an mBidí ina ceantar féin.

Na buachaillí móra a théann ó thigh go tigh tráthnóna an 31ú d’Eanáir. Culaith éadaigh chailín a bhíonn ar gach buachaill. Deineann siad bábóg de thornapa is glaoitear “The Biddy” air sin. Bíonn ceol á sheinmt acu is iad ag imeacht ó thigh go tigh. Nuair théann siad isteach i dtigh, cuireann siad tús leis an scléip le hamhrán. Ansan bíonn rince is ceol acu. Gheibheann siad roinnt airgid is imíonn leo. Leis an airgead a bhailítear tugtar ard-oíche (tar éis cúpla lá) dá gcairde i dtigh éigin. Bíonn siamsa is ceol, nua gach bídh is sean gach dí acu.

Fág freagra ar 'LÁ FHÉILE BRÍDE: Cén chaoi le cros Bhríde a dhéanamh agus eolas eile…'

  • Nóirín Ní Nuadháin

    Altanna fíorspéisiúil. An-obair déanta agat, a Mháire!