Cainteoir líofa Gaeilge ceaptha ina Phríomh-Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach

Bhí baint ag Frank Clarke le cinneadh na Cúirte Uachtaraí i gcás cáiliúil maidir le héileamh fir Gaeltachta go mbeadh Ghaeilge, ag baill uile an ghiúiré i gcás a bhain le hionsaí a dhéanamh ar dhuine eile

Cainteoir líofa Gaeilge ceaptha ina Phríomh-Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach

Tá an cainteoir líofa Gaeilge, Frank Clarke, ceaptha ina Phríomh-Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach. Roghnaíodh Clarke as liosta de thriúr ag cruinniú Rialtais inniu. 

Rugadh Clarke i nDroimneach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1951 agus ba é an chéad duine dá mhuintir a d’fhreastail ar an gcoláiste.

Chláraigh sé le Fine Gael nuair a d’fhág sé an scoil agus scríobhadh sé óráidí don iarThaoiseach Garret FitzGerald. Bhí sé ina ghníomhaire toghcháin don Teachta Dála George Birmingham, agus sheas sé don Seanad sna 1980idí.

Is cainteoir líofa Gaeilge é Clarke agus is é Cathaoirleach an Choiste Chomhairlithigh um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge.

Go deimhin, tá sé le bheith i láthair amárach ag ócáid sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, mar a mbronnfar cóip air den leagan Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna, 1986.

Fágann foilsiú na Rialacha sin 1986 go bhfuil an leagan oifigiúil Gaeilge ar fáil anois de chomhdhlúthuithe 1986, 1997 agus 2001 ar Rialacha na nUaschúirteanna, na Rialacha Cúirte Dúiche agus na Rialacha Cúirte Cuarda, mar aon le go leor de na Leasuithe a rinneadh ina dhiaidh sin ar na Rialacha sin.

Bhí baint ag Clarke chomh maith le cinneadh na Cúirte Uachtaraí i gcás Ó Maicín v Ireland, cás cáiliúil maidir le héileamh fir as Ros Muc i gConamara go mbeadh a theanga dhúchais, an Ghaeilge, ag baill uile an ghiúiré sa chás a bhain le hionsaí a dhéanamh ar dhuine eile, ar chainteoir dúchais Gaeilge é chomh maith.

De réir chinneadh na Cúirte Uachtaraí sa chás, bheadh sé míbhunreachtúil giúiré le Gaeilge a cheadú i gcás a bhaineann le cainteoir Gaeilge, in ainneoin stádas bunreachtúil na teanga.

Ba é an Breitheamh Adrian Hardiman, nach maireann, an t-aon duine de chúigear breithiúna, Clarke ina measc, a sheas le hiarratas Uí Mhaicín ar ghiúiré a mbeadh Gaeilge acu.

Dar le saineolaí dlí amháin, gur fhág an cinneadh sin sa chás Ó Maicín v Ireland go bhfuil Éire ‘ag crosbhóthar’ maidir le cearta teanga agus gan de rogha fágtha ach ‘to abandon its commitment to bilingualism or to honour it fully’.

Tiocfaidh Clarke i gcomharbacht ar Susan Denham, a bhí ina Príomh-Bhreitheamh le sé bliana, agus ina breitheamh sa Chúirt Uachtarach le 25 bliain. Tá Denham le héirí as an mhí seo chugainn.

Chuir cúigear déag isteach ar an bpost agus tuairiscítear gurbh iad an Breitheamh Donal O’Donnell agus uachtarán na hArd-Chúirte Peter Kelly, an bheirt eile a bhí ar an ngearrliosta.

Fág freagra ar 'Cainteoir líofa Gaeilge ceaptha ina Phríomh-Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach'

  • Seán Mag Leannáin

    Dea-scéal ar ndóigh ach cúis imní nár sheas sé leis an iar-Bhreitheamh Adrian Hardiman ina rialú sa chás cáiliúil sin.