Cainteoir líofa Gaeilge ceaptha ina chomhfhreagraí an Tuaiscirt ag RTÉ

Is as Coilleach Eanach i gcontae Ard Mhacha ó dhúchas do Conor Macauley

Cainteoir líofa Gaeilge ceaptha ina chomhfhreagraí an Tuaiscirt ag RTÉ

Conor Macauley. Twitter/TVconormac

Tá cainteoir líofa Gaeilge ceaptha ina chomhfhreagraí do Thuaisceart Éireann ag RTÉ.

Fógraíodh inniu go bhfuil Conor Macauley ceaptha sa phost ag an gcraoltóir náisiúnta. Tá sé ag obair le BBC Northern Ireland faoi láthair mar chomhfhreagraí talmhaíochta agus timpeallachta.

Is as Coilleach Eanach i gcontae Ard Mhacha ó dhúchas do Macauley agus deartháir é le Bróna Nic Amhlaoibh, iarláithreoir nuachta de chuid RTÉ.

Mí Lúnasa a thosóidh Macauley ina ról nua agus é ag teacht i gcomharbacht ar Vincent Kearney. Tá Kearney ceaptha mar eagarthóir an Tuaiscirt ag RTÉ tar éis do Tommie Gorman dul ar scor níos luaithe i mbliana.

Thosaigh Macauley ag obair leis an BBC in 2001 agus tá taithí aige ar obair theilifíse, raidió agus ar líne. Sular thosaigh sé leis an BBC, bhí Macauley ag obair le UTV agus leis an nuachtán The Irish News.

Fág freagra ar 'Cainteoir líofa Gaeilge ceaptha ina chomhfhreagraí an Tuaiscirt ag RTÉ'