Cainteanna ar bun faoin gcéad Ghaelscoil imeasctha sa Tuaisceart a bhunú

Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin, le Tuairisc.ie gurb í ‘an fhís’ go mbeadh bunscoil imeasctha Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste faoi cheann dhá bhliain 

Cainteanna ar bun faoin gcéad Ghaelscoil imeasctha sa Tuaisceart a bhunú

Agus an chéad naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste oscailte le seachtain, tá cainteanna ar bun faoi Scoil na Seolta a bhunú, an chéad Ghaelscoil imeasctha ó thuaidh.

Dheimhnigh Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin do Tuairisc.ie gurb í “an fhís” atá ann go mbeadh bunscoil imeasctha Ghaeilge á bunú faoin cheann dhá bhliain in oirthear Bhéal Feirste.

D’oscail Naíscoil na Seolta, an chéad naíscoil imeasctha in Oirthear Bhéal Feirste, an tseachtain seo caite agus táthar ag súil go mbeidh na chéad daltaí sa naíscoil sin in ann freastal ar Ghaelscoil sa cheantar amach anseo.

Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh plé á dhéanamh “ar phlean uaillmhianach” a chuirfeadh soláthar Gaeloideachais ar fáil do pháistí in Oirthear Bhéal Feirste.

“Go luath amach anseo, ba mhaith le Coiste Naíscoil na Seolta agus ba mhaith linne soláthar Gaeloideachais a chur ar fáil sa cheantar. Tá obair ar bun faoin cheist seo agus tá oifigigh na Comhairle i mbun plé leis an choiste áitiúil.

“Tá muid ag súil go mbeidh bunú na Gaelscoile luaite mar chuid den phlean ceantair nua.”

Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh obair ar bun chun scoil a bhunú faoin mbliain 2023, le go bhféadfaí “leanúnachas a chinntiú” do leanaí a chuir tús lena gcuid oideachas réamhscolaíochta trí mheán na Gaeilge sa cheantar i mbliana.

“Sin an plean ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de. Beidh constaicí ann maidir le foirgneamh a fháil agus láthair a aimsiú chomh maith leis na gnáthdhúshláin chórasacha eile a bhaineann le bunú gaelscoile.

“Níor mhaith linn áfach go gcaillfeadh páistí a chaith dhá bhliain ar naíscoil Ghaeilge an deis leanúint ar aghaidh lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta.

Ceathrar daltaí a thosaigh ar an naíscoil nua Ghaeilge an tseachtain seo agus beidh ceathrar eile ag teacht ag tús na míosa seo chugainn.

Is in ionad Eaglais an Chomhbhráithreachais Chríostaí ar Bhóthar Belmont i mBéal Feirste atá an naíscoil nua lonnaithe.

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel in oirthear na cathrach, ach cinneadh láthair nua a aimsiú di de dheasca feachtas fuatha a reáchtáladh ar na meáin shóisialta i gcoinne a bunaithe.

Cé go raibh gach áit sa chéad bhliain líonta ag Naíscoil na Seolta ag tús an tsamhraidh, bheartaigh roinnt teaghlach a gcuid leanaí a thógáil amach as an naíscoil de bharr na conspóide a bhain le bunú na naíscoile.

Tá spásanna ann do leanaí sa cheantar ar mian leo freastal ar Naíscoil na Seolta i mbliana.

Fág freagra ar 'Cainteanna ar bun faoin gcéad Ghaelscoil imeasctha sa Tuaisceart a bhunú'