Ní minic agus duine ag tabhairt sracfhéachaint ar irisleabhair scolártha Meiriceánach go dtiocfá trasna ar scéal a thabharfadh imirceach ó Chorca Dhuibhne san naoú céad déag chun cuimhne chugat.
Ach sin a bhí romham sa chur síos go dtáinig mé air in alt le Sarah Buchmeier ar JSTOR Daily faoi dhaoine, mná ach go háirithe, a bhí ag obair i monarcha teicstíle i gcathair Lowell, in Massachusetts i lár na naoú haois déag.
Tugadh ‘cliabhán’ Thionscal Teicstíle na Stát Aontaithe ar an áit, cathair a bhí tógtha ar chumar dhá abhainn, an Merrimack agus an Concord.
Bhí tábhacht ar leith gan dabht le sruthú uisce chun cumhacht a sholáthar do mhuilinn teicstíle.
Formhór na bhfear a bhí ag obair ann b’imircigh as Éirinn iad, de réir cuntais, daoine a theith ó ainnise an Ghorta Mhóir.
Cuid mhaith ban Éireann chomh maith, ní nach ionadh.
San alt seo cuirtear síos ar an gcóras oibre a bhí ag mná sinseartha is iad ag déanamh freastail agus ag faire amach do mhná óga a bhí ag maireachtaint i dtithe lóistín agus iad ag obair sna muilte teicstíle.
Ba iad na comhlachtaí móra a d’fhostaigh na mná sinseartha seo. Bhí sé de chúram orthu súil a choimeád ar na fostaithe óga sna muilte.
Lá fada oibre a bhí ar na cailíní seo, ó dhá uair a’ chloig déag go dtí cheithre uair a’ chloig déag.
Ach bhí cead a gcos acu gach aon tráthnóna chomh fada is bhíodar ag baile roimis a deich a chlog istoíche.
Cuireadh cuid mhaith imeachtaí oideachasúla agus cultúrtha ar fáil do na mná seo sna tráthnóintí, chun stiúir agus treoir a chur orthu don saol mór amuigh.
Bhí clú is cáil ar an áit dá réir. Tháinig leithéidí Charles Dickens agus Edgar Allan Poe ar cuairt orthu, chomh suaithinseach cruthaitheach is a bhí an áit.
Dá fheabhas an cháil a bhí ar an áit, ba go tarcaisneach seanbhlastúil a chaith bochtán ó Chorca Dhuibhne ná raibh tóin ina threabhsar tráth leis na mná óga díograiseacha seo agus é féin i Meiriceá lena linn.
San leabhar An Duanaire Duibhneach le Seán Ó Dubhda, O.S., a foilsíodh ar dtúis i 1933, cuireann sé síos ar Sheáinín Ó Gormáin i Meiriceá.
Duine de bhochtaibh thuatha an Daingin ab eadh Seán Ó Gormáin. Bhí féar dhá bhó ar a gCarraig ag a athair, ach briseadh iad sa droch-shaoghal. B’éigean do Seán agus é ‘na gharsún maith mór dul isteach go Tigh na mBocht sa Daingean is do thug sé tamall maith eile i dTigh Bocht Lios Ceárna [Cearnaigh]. Nuair a chroith an saoghal suas d’imigh sé go hAmericá…
Sa dán atá luaite le Seán Ó Gormáin deir sé…
Do shiubhluigheas Ware Village is as san go Lawrence,
Níor stadas den stáir sin go ndeaghas-sa go Lowell…’
Leanann sé air ag áireamh na ndaoine óna cheantar dúchais a bhí ag obair thall lena linn…
‘Bhíodar ó Dhún Chaoin is ó pharóiste Fionntragha ann,
Strapairí Mharthain is Fireatair Mhóir
Ó Chuan Árd na Caithne is scata ó sna Cluainte
As san soir ó thuaidh go dtí Baile an Chnocáin’…
‘Is a bhuachaillí ’n Railroad, deinidh mo chomhairle
Is ná bacaidh aon nóchar ón muileann go brath
Mar is suarach an earradh iad chun obair ná gnótha
Ach an rud is eol dóibh ag líonadh fiteán.
Gan meas madra á léiriú ag Seán Ó Gormáin, bochtán dearóil Duibhneach tráth, ar na hoibrithe díograiseacha baineanna seo.
Ní inniu ná inné a thugamar fuath ban faoi ndeara, ar éigean is gá dom a rá. An cheist a chaithfear a chur, cad as a thagann an sotal is an bhrúidiúlacht meoin ar fad an chéad lá.
Ceist nach raibh freagra ag Aristotle é féin mar gur seobhaineach breá ab ea é siúd, bail air.
Dála an scéil sheinneadh an ceoltóir Seán Potts ná maireann fonn an amhráin ‘Cailíní an Fhactory’. Meastar gur bunaithe ar amhrán a chuala Seán Ó Riada á chanadh ag Cathánach ón mBuailtín atá an fonn:
Tá a nglúine siúd briste is níl tapadh ‘na ndrom
A gcloigeann gan fuaimeant is a gcluasa tá bodhar
Ó bheith síor-shíor ‘na seasamh ag snaidhmeadh na gceann
Ach go gcaillid a meabhair chun dul a’ rancás.
Fág freagra ar '‘Cailíní an Fhactory’ as Corca Dhuibhne i Massachusetts'