Cad is ‘Béarla-phile’ ann agus cad is ‘Béarla-phobe’ ann? Cén saghas duine é ‘cúla búla’?

Pléifear réimse leathan ceisteanna ag an siompóisiam ar nuachainteoirí na dteangacha Ceilteacha a bheidh ar siúl amárach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Screen Shot 2015-06-23 at 17.40.13

Cad is ‘Béarla-phile’ ann agus cad is ‘Béarla-phobe’ ann? Cén saghas duine é ‘cúla búla’? Cén difear atá idir ‘Gaeilge-philia’ agus ‘Gaeilge-phobia’?

Conas is féidir le teanga maireachtáil nuair nach gcuirtear ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile? An bhfuil tábhacht le líon cainteoirí mionteanga i gceantar ar leith? Cén bóthar ba cheart d’amharclannaíocht na Gaeilge a thabhairt uirthi féin?

Iad siúd ar spéis leo freagraí na gceisteanna sin agus a thuilleadh nach iad a chloisteáil, féadfaidh siad freastal ar an siompóisiam ar nuachainteoirí na dteangacha Ceilteacha a bheidh ar siúl amárach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Is in Institiúid an Léinn Dhaonna a bheidh sé ar siúl agus pléifear na mórcheisteana sochtheangeolaíochta atá ag dó na geirbe ag scoláirí agus pobail teanga na linne seo.

Is í Regina Uí Chollatáin, léachtóir sinsearach le Gaeilge sa Choláiste, a osclóidh an siompóisiam agus cuirfear tús leis an gcéad chaint i ndiaidh na hoscailte ag 10.30 am.

I measc na gcainteoirí a bheidh le cloisteáil ann, tá an Dr Tadhg Ó hIfearnáin, Ollscoil Luimnigh, a bheidh ag labhairt ar an gcaoi ar féidir le teanga maireachtáil nuair nach ndéantar í a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Beidh sé ag tarraingt cuid mhaith ar staidéar a rinne an scoláire Suzanne Romaine agus an méid sin á chur trí chéile aige.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt an Dr Ó hIfearnáin nach raibh Romaine “sásta leis an meafar ‘reversing’” agus an coincheap ‘reversing language shift’ á phlé ag daoine, de bharr gurb ionann an coincheap sin agus dul siar seachas féachaint chun cinn. Cheistigh Romaine an bhrí atá leis an bhfocal ‘beo’ sa staidéar céanna agus d’fhéach go sonrach ar chás Ghaeilge Mhanann, a ndearnadh athbheochan uirthi le cúnamh taifeadtaí cainteoirí dúchais atá caillte.

Mar chuid den chaint chéanna, déanfaidh Ó hIfearnáin scagadh ar staidéar a rinne an sochtheangeolaí Joshua Fishman freisin, a mhaígh nach raibh “bun ná barr” leis an gcaint ar “na tromlaigh” a mhaireann laistigh de phobal ina labhraítear dhá theanga agus ceann acu ina mionteanga.

Ina measc siúd a thabharfaidh cluas ghéar don méid sin, tá an tOllamh Conchur Ó Giollagáin agus an Dr Brian Ó Curnáin, a chuirfidh torthaí an iniúchta ar chumas dátheangach gasúir Ghaeltachta i láthair mar chuid de phlé ar ‘Nuachainteoirí na Gaeilge Nua’. Féachfaidh Ó Giollagáin ar an bhfaillí atá déanta sa Ghaeltacht de bharr na béime a leagadh ar chainteoirí líofa a dhéanamh d’fhoghlaimeoirí ó bunaíodh an Stát mar chuid de chaint eile dar teideal ‘Post-language planning: A new deal for Gaelic identity in Ireland’.

Duine eile a bhfuil comparáid déanta aici idir foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais is ea an Dr Tina Hickey, a labhróidh go sonrach ar chaighdeán agus cruinneas na Gaeilge; a bhfuil i gceist leis an méid sin dar le grúpaí difriúla agus a n-insíonn sé sin dúinn faoi cé aige a bhfuil an t-údarás labhairt thar ceann phobal na teanga agus an bhaint atá aige sin le ‘seilbh’ a bheith ag dream ar leith uirthi. Léiríonn taighde atá déanta ag an Dr Hickey gurb é is tábhachtaí le cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí araon ná féachaint leis an teanga a choinneáil beo le dea-thoil agus a bheith tiomanta don méid sin, seachas a bheith cruinn i gcónaí agus iad á labhairt.

Ag caint di le Tuairisc.ie, dúirt an Dr Hickey gur “fiú eolas níos leithne a bhailiú faoi na cineálacha éagsúla cainteoirí Gaeilge” atá anois ann “i gcomhthéacs na hathbheochana teanga atá ag tarlú i mionteangacha ar fud na hEorpa, agus na hathruithe sa Ghaeltacht.”

Mhínigh sí gur cuireadh agallamh ar chainteoirí ó dhúchas agus ar chainteoirí nua Gaeilge “chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid dtuairimí agus ar an ról a aithníonn siad dóibh fhéin sa todhchaí. Pléifear torthaí na n-agallamh sin maidir le saincheisteanna úinéireachta agus údaráis teanga, toisc an suntas a bhaineann leo i leith chosaint agus forbairt na Gaeilge”, a dúirt sí.

I measc na n-ábhar eile a chíorfar ag an siompóisiam, tá ceist na drámaíochta i nGaeilge agus scrúdú ar dhream Gaeilgeoirí a bhogann isteach go dtí ceantair Ghaeltachta agus a bhíonn bainteach le ceann d’eagraíochtaí teanga an phobail áitiúil (lucht na ‘gcúla búla’). Déanfaidh Christopher Lewin ó Ollscoil Lewin scagadh ar na cineálacha éagsúla Gael in Albain, idir an ‘Beurla-phile’ agus an ‘Beurla-phobe’, an ‘Neophile’ agus an ‘Neophobe’; agus an ‘Retrophile’ agus an ‘Retrophobe’.

Tá an siompóisiam á eagrú ag coiste beag, ar a bhfuil an Dr Noel P. Ó Murchú, léachtóir le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, BÁC, i measc daoine eile.

Mhínigh Ó Murchú gurb é is cuspóir leis na cainteanna seo ná a léiriú go bhfuil “slite eile chun féachaint ar na ceisteanna sochtheangeolaíochta a bhaineann leis na teangacha Ceilteacha agus “an díospóireacht” sa chomhthéacs sin “a leathnú amach” i dtreo is go bhfaigfear “peirspictíocht dhifriúil”.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na cainteanna ach dul chuig an suíomh https://celticsociolinguistics.com/.

Fág freagra ar 'Cad is ‘Béarla-phile’ ann agus cad is ‘Béarla-phobe’ ann? Cén saghas duine é ‘cúla búla’?'