Cad atá sa loch ‘pale, pellucid green’?

Iarracht nua á déanamh le Loch Ceara i gcontae Mhaigh Eo a tharrtháil

Cad atá sa loch ‘pale, pellucid green’?

Bhí an-áthas orm a chloisteáil an lá cheana go raibh iarracht nua á déanamh le Loch Ceara i gcontae Mhaigh Eo a tharrtháil.

Bhí suim agam féin sa scéal toisc gur cuimhneach liom gur scríobh mé colún faoi in 2018, tar éis dom dul ar cuairt ann le mo chara as Caisleán an Bharraigh. Bhí sí féin an-chorraithe faoin truailliú sa loch ag an am sin. D’inis sí dom faoi ghrúpa áitiúil a bhí ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar chaighdeán an uisce sa loch agus chomh maith leis sin, a bhí ag tathant ar na húdaráis, céimeanna a ghlacadh sula millfí ar fad é.

Bhuel, is léir gur thóg sé seacht mbliana sular tugadh aon aird orthu. Ag an am, d’inis mo chara dom faoi laethanta órga an locha, nuair a bhíodh lucht iascaireacht slaite agus daoine a bhí ag baint pléisiúr as an uisce, in ann dul amach ar an loch go héasca agus an iliomad caitheamh aimsire a chleachtadh air.

Bhí cáil uair amháin ar dhath an locha – thug an saineolaí bitheolaíochta Robert Praeger ‘pale, pellucid green’ air, nuair a bhí seisean i mbun staidéir sa chéad seo caite. Ba é an marla nó an cineál cré a bhí ar ghrinneall an locha a thug an dath osnádúrtha sin d’uisce an locha.

Ba léir le blianta fada go raibh gá le céimeanna láidre le go dtarrthálfaí an loch ón síorthruailliú a bhí á dhéanamh air. Ach ba léir freisin go raibh dreamanna éagsúla ag cur ina choinne sin agus go raibh chuile chineál leithscéil acu le bac a chur ar shrianta ar a gcuid gníomhaíochtaí féin.

Chonaic mé féin go raibh an loch tachta le giolcacha agus fásra eile, go raibh crainn curtha i bhfad róghar d’imeall an locha agus go raibh an fhianaise ann go raibh eisileadh leasú talún a bhí ag síothlú ansin ag cur go mór leis an bhfás mínádúrtha sa loch féin.

Ach más mall, is mithid. De réir na tuairisce a bhí ag Pat McGrath ar RTÉ an lá cheana, beidh dreamanna éagsúla sa cheantar ag oibriú anois as láimh a chéile chun cúrsaí ar an loch a chur ina gceart. Bhí lá oscailte acu in 2023 chun é a fhógairt agus anois tá €5 mhilliún curtha ar fáil ag an gclár ‘EU Life’ chun tús a chur leis an obair.

An tseachtain chéanna, bhí alt san Irish Times ag cur síos ar cé chomh dona is atá cúrsaí ar Loch Deirgeirt i gContae Thiobraid Árann. Sa gceannlíne a bhí ar an bpíosa, dúradh go raibh Loch Deirgeirt ag déanamh ar an gcinnniuint thruamhéalach chéanna atá i ndán do Loch nEathach i dTuaisceart Éireann. Chonaic muid ar fad na pictiúir sin agus gan ann anois ach loch mór glas-uaine, agus é ag cur thar maoil le hábhar marfach ar cosúil le hanraith piseanna é.

Ach ní in Éirinn amháin atá na fadhbanna seo. San iris Mheiriceánach an New Republic le gairid foilsíodh alt ar an ábhar céanna ach ar scála i bhfad níos mó. Ní ar aon loch amháin a bhí aird an údair tarraingthe ach ar lochanna éagsúla bhí ina bhfoinsí uisce do Stát Iowa.

De réir an údair, tá daoine buailte tinn agus básaithe le hailse agus tinnis eile agus eolaithe go láidir den tuairim go bhfuil truailliú uisce taobh thiar den scéal seo. I dteaghlach amháin, liostaigh sé seacht nduine dhéag a bhí buailte ag cineálacha éagsúla ailse agus duine amháin díobh básaithe cheana fhéin.

Stát feirmeoireachta a bhí in Iowa riamh. Ach cé go raibh go leor feirmeoirí uair amháin ag obair ar scála réasúnta beag agus a bhformhór ag coinneáil muc chomh mhaith, tá an scéal sin athraithe ó bhun anois.

Dianfheirmeoiracht a bhíonn ar siúl ansin anois. Ar nós muid féin, ba léir nach raibh na feirmeacha beaga eacnamúil agus go raibh saothrú i bhfad níb fhearr le fáil as feirmeacha móra agus líon na n-ainmhithe iontu méadaithe go mór freisin.

Níl ach beagán le cois 3 mhilliún duine ina gcónaí in Iowa. Ach tá suas is anuas le 25 milliún muc ann. Chomh maith leis sin, tá dhá thrian den talamh tugtha suas don phónaire soighe [soya] agus don arbhar. Níl a fhios cé mhéid leasú talún, feithidicídí, fuingicídí agus luibhicídí a chuirtear amach ar an talamh in Iowa.

Anuas orthu sin ar fad, scaiptear an t-aoileach ó na feirmeacha móra muc amach ar an talamh freisin. Toisc go bhfuil na feirmeoirí ag scaipeadh leasú saorga talún ar aon chuma, measann na heolaithe nach bhfuil sa scaipeadh aoileach ó na muca, ach bealach le fáil réidh leis.

Rinne Ollamh in Iowa amach go dtáirgeann na 25 milliún muc sa Stát sin, an oiread céanna aoiligh is a tháirgfeadh 83 milliún duine (3.2 milliún duine atá ina gcónaí sa Stát).

Ach ar ndóigh, mar atá a fhios againn sa tír seo, ní hionann ‘fáil réidh leis’ agus é a chur den saol go hiomlán. Críochnaíonn an t- eisilteach áit éigin. Meastar go ritheann sé, i bhfoirm ‘níotráití’ isteach sna haibhneacha, sna locha, agus sna foinsí uisce le n-ól agus tríd an Mississipi féin amach san aigéan. Tugadh faoi deara go raibh sórt ‘locháin’ amuigh i lár Mhurascaill Mheicsiceo a bhí truaillithe go hiomlán ag níotráití. Ó 2013 i leith tá an truailliú áirithe sin (níotráití i Murascaill Mheicsiceo) méadaithe 46%.

Tá sé fíordheacair troid ina choinne seo i Meiriceá. ‘Big Ag’ a thugtar ar an tionscal atá ceangailte leis an bhfeirmeoireacht. Orthu sin, tá tionscail mhóra na gceimiceán agus ar ndóigh na feirmeoirí iad féin. Tugtar le fios – nó tugadh le fios ar feadh i bhfad – go raibh siadsan ina mbloc mór tábhachtach ó thaobh na polaitíochta de. Ach is é fírinne an scéil nach bhfuil ach 7% d’Ollsoláthar Iowa (GDP) bainteach le tionscal na talmhaíochta. Ach tá an ceangal déanta acu le fada an lá leis an dá pháirtí polaitíochta is mó.

Tá eolaithe den tuairim go n-eascraíonn go leor de na fadhbanna sláinte ón úsáid ceimiceán in Iowa – fadhbanna éagsúla ó fhadhbanna breithe go dtí ailse den uile chineál. Tá an dara ráta is airde ailse i Meiriceá in Iowa. (Is í Kentucky, lárionad na dtoitíní, atá an ceann is airde.)

Agus céard atá i ndán do na heolaithe agus na daoine eile atá i mbun staidéir ar na fadhbanna seo?

Chuir an tUachtarán Trump deireadh leis an rannóg san Áisíneacht Cosanta Comhshaoil (an EPA) a bhí i mbun taighde agus forbartha. Chun airgead a shábháil!

Fág freagra ar 'Cad atá sa loch ‘pale, pellucid green’?'