Is í An Danmhairg an chéad tír a chuir deireadh le seirbhís poist, seirbhís a dtéann a stair siar go dtí 1624. Tá sé deacair é a chreidiúint ach amach anseo ní bheidh éinne ag cur cártaí Nollag, cártaí poist, ná litreacha a bheidh scríofa le peann, i mboscaí poist sa Danmhairg– tá siad á mbaint anuas le tamall anois sa tír sin.
Ní bheidh éinne ag casadh ‘Postman Pat’ dá gcuid gasúr toisc nach mbeidh aon tuiscint acusan ar a leithéid. Ní bheidh na páistí scoile ag scríobh litreacha chuig San Nioclás agus á gcur sa mbosca beag speisialta don phost a théann chuig an Mol Thuaidh. Beidh siad ar fad ar a mbionda ag scríobh téacsanna.
Bhí m’uncail James ina fhear poist ina cheantar dúchais sa mBrídeog i gcontae Ros Comáin. Bhí aithne air gach áit thart. Bhíodh rothar aige ar dtús go dtí gur cheannaigh sé gluaisrothar beag. Ní shílim go raibh sé chomh mór le Honda 50, toisc go dtugadh sé ‘autocycle’ air. Is cuimhin liom nuair a thóg sé céim chun cinn agus cheannaigh sé carr, Mini.
Bhí turas áirithe le déanamh aige gach maidin – le críochnú ag am áirithe, nuair a measadh go mbeadh a chuid dualgas comhlíonta aige.
B’éigean dó an t-am sin a chur isteach go pointeáilte nó bheadh a cheann foirne ag clamhsán. Sin é an fáth is dócha go mbíodh sé de nós ag cuid acu corrchupán tae a ól ar an turas. Is cuimhin liom fear a’phoist sa Spidéal ag ól cupán ar a bhealach timpeall freisin – bhíodh a rothar caite le balla ag teach áirithe.
Fear mór crosfhocal a bhí i m’uncail James. An cineál crosfhocal a bhíodh sa Sunday Press an t-am sin an cineál a thugadh leide dhuit agus cúpla freagra agus d’fhéadfadh ceann ar bith a bheith ceart.
Dhéanadh mo sheanmháthair Nora an crosfhocal céanna. Fearacht James, cheap sí go raibh scil éigin ag baint le theacht ar na freagraí. Bhíodh cúpla lá agat le freagraí a chur sa bpost chuig an Sunday Press agus d’iarradh sí comhairle go minic ón ngarchlann.
‘Cad é barúil Anne faoi uimhir 4?’
‘Send, Bend nó Lend?’
Ba léir gur cheap sí go raibh an ghariníon sin an-mheabhrach.
Go minic freisin chuireadh sí scéala chuig m’uncail James. Ag déanamh comparáid idir na freagraí a bhíodh acu beirt agus na cinn a bhí foilsithe sa bpáipéar a bhíodh sí go minic. Cé mhéad ceann a bhí ceart aige?
Bhí saol maith agus post maith in oifig an phoist aige go dtí gur bhain sé aois an phinsin amach. Fuair mise mo chéad charr – carr Mini uaidh agus mé ag obair i gcomharchumann Chois Fharraige ag an am. Is cuimhin liom gur chosain sé £150.
Cé nár thuig sé féin é, bhí obair shóisialta ar bun aige. Gach maidin agus é ag déanamh a thurais ar a rothar nó ar an autocycle, bhí sé ag coinneáil súil ar mhuintir an cheantair, ag faire amach dóibh agus ag coinneáil comhluadair leo agus ar ndóigh ag scaipeadh na nuachta. Ceantar mór sceirdiúil, portaigh a bhí sa gcuid ba mhó de.
Casadh m’fhear poist féin orm an lá cheana. Cé go bhfuil sé ag obair i gceann de na ceantair is gnóthaí i mBaile Átha Cliath, ar an gCarraig Dhubh, tá aithne mhaith aige ar a chuid custaiméirí.
‘D’fhág mé beartán beag taobh thiar den phota ag do dhoras an lá cheana – ní raibh mé ag iarraidh a bheith ag cnagadh ar an doras róluath,’ a dúirt sé. Mar a tharla, bhíomar inár suí agus tar éis bualadh amach sa dorchadas. Ach fós féin bhí sé ag déanamh cinnte gur phioc muid suas é.
Chonaiceamar uainn é nuair a bhí sé ag bun na sráide – bhí solas láidir ag teacht ó bharr a chloiginn. Bheannaíomar dó agus thug moladh dá chóras soilsithe. ‘Cheannaigh An Post na soilse cloiginn dúinn,’ a dúirt sé.’ ‘Toisc go bhfuil sé dubh dorcha na maidineacha seo, bíonn solas ag teastáil.’ Tá sé cosúil le mianadóir anois ag dul thart ar a rothar.
Níl sé an fad sin ó dúirt sé linn nach raibh cead ‘oifigiúil’ aige a rothar a úsáid ar chor ar bith. Bhí veain ag gach duine agus bhí an Post ag iarraidh go n-úsáidfidís iad sin amháin.
Ach tháinig cúrsaí taistil sna heastáit agus go háirithe cúrsaí páirceála go mór i gceist agus mheas seisean gur fearr an úsáid a bhainfeadh sé as an rothar ach é a thabhairt leis i gcúl an veain.
Mar sin d’oibrigh sé plean amach ina bhféadfadh sé na bóithre móra a chlúdach leis an veain, é a pháirceáil go néata as an mbealach, agus ansin tabhairt faoi na bóithríní thart ar na heastáit ar a rothar.
Nuair a casadh orainne an lá cheana é d’inis sé dúinn go raibh sé istigh óna cúig ar maidin agus nach gcríochnódh sé go dtí 4.30pm. Bhí sé le 30 lá oibre a dhéanamh i ndiaidh a chéile suas go dtí an Nollaig. Níor cheistigh mé é faoin ragobair ach is cinnte go mbeidh sé ag fáil íocaíocht bhreise as an obair sin. Ní raibh sé ag casaoid ar chuma ar bith.
Bhí roinnt beartán ar chúl an rothair aige. Is dócha go dtógann sé amach roinnt as an veain anois is arís, ach nach féidir leis an iomarca a iompar ar an rothar in aon iarraidh amháin.
Tá 790 teach san iomlán aige ar a thuras laethúil.
Ní dhearna m’uncail James an méid sin in imeacht bliana, déarfainn. Agus má bhí beartáin ar chúl an rothair aige, gach seans gur thángadar ó ghaolta i Meiriceá. Ní bhíodh mórán daoine ag ceannach stuif a bhí le cur sa bpost. Ní bhíodh mórán ceannach de chineál ar bith, anois ó chuimhním air. An méid a bhí ag teastáil don séasúr agus b’fhéidir rud anois is arís ó shiopa Clery’s i mBaile Átha Cliath.
Agus cé nach raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag muintir na tuaithe, bhí an cupán tae, an slisne cáca Nollag agus b’fhéidir cúpla scilling mar fhéirín Nollag le tabhairt don fhear a d’oibrigh chomh crua sin ar a son gach lá.
An aireoidh na Danmhargaigh é sin uilig uathu, meas’ sibh?
Seolaí sásta
Tháinig féilire 2026, chugam anall ón Astráil an tseachtain seo caite. Ní raibh ná cód poist ná fiú ainm aon bhaile scríofa ar an gclúdach! Ainm mó shráide agus Co an Chláir, Éire an méid a bhí ann. Nárbh iontach ar fad an rud gur éirigh leo an seolaí a aimsiú. Cé eile a chuireann a leithéid de sheirbhís ar fáil dúinn ach amháin mná agus fir poist na hÉireann? Beannachtaí na Nollag orthu go léir. Bímís go léir ag scríobh litreacha.