Cá bhfios nach nglanfadh ‘Be thou my vision’ na sramaí de shúile na mBéarlóirí?

Tá an-tóir de bharr an Covid-19 ar iomann ar aistriúchán é ar iomann a cumadh i nGaeilge na cianta ó shin

Cá bhfios nach nglanfadh ‘Be thou my vision’ na sramaí de shúile na mBéarlóirí?

Anois agus aríst tagann scéal chun cinn a chuireann ar a súile do na Béarlóirí go bhfuil litríocht sa nGaeilge le os cionn 1,500 bliain. Ní go minic a théann sé i bhfeidhm orthu faraor.

Ciall eile atá ag a bhformhór le Irish literature.

Iomann atá go mór sa nuacht faoi láthair a chuir ag smaoineamh mar seo mé. ‘Be Thou be My Vision’ an teideal atá air. An chontúirt a bhaineann le Covid-19 a thug ar scata amhránaithe agus ceoltóirí teacht le chéile gur chuir siad leagan de ar YouTube.

Theastaigh uathu a mbuíochas a chur in iúl do na haltraí agus do na dochtúirí atá ag troid an víris.

An rud is spéisiúla ar fad faoin iomann seo gur aistriúchán é ar iomann a cumadh i nGaeilge na cianta ó shin.

‘Rop tú mo Baile’ an teideal a bhí air sa Meán-Ghaeilge. Lúireach atá ann a chanadh na Gaeil mar chosaint in aghaidh aicíde nó in aghaidh contúirt ar bith eile a bhíodh ag bagairt orthu.

Ón bhfocal Laidine lorica a tháinig an focal lúireach. Tá tagairt dó sa mBíobla mar seo:

Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantachta mar lúireach ar bhur n-ucht agus fonn leata dea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh.

Ar ndóigh is minic a chuala muid lúireach Phádraig:

Críost liom.
Criost romham,
Críost i mo dhiaidh,
Críost istigh ionam…

Agus mar sin de.

Creideann cuid de na daoine gurbh é Dallán Forgaill a chum ‘Rop tú mo Baile’ chomh fada siar leis an séú céad. Déarfadh scoláirí eile gur níos deireanaí ná sin a cuireadh le chéile é, sa hochtú céad, sa deichiú céad nó san aonú céad déag.

Is cuma cé acu dáta atá ceart tá sé á chanadh sa tír seo i nGaeilge le os cionn míle bliain.

Ba í Eleanor Hull a rinne an t-aistriúchán Béarla is minice a chastar inniu.

Sa mbliain 1912 a rinne sí é.

Tá sé aistrithe go dtí cuid mhór teangacha eile ó shin, ón bPolainnis go dtí an tSínis, go dtí an tSeapáinis, srl.

Rinne Aodh Ó Dúgáin as Gaoth Dobhair leagan deas Nua-Ghaeilge de agus casann Moya Brennan go hálainn é. Bá é Aodh Ó Dúgáin a seanathair.
Seo iad na focla atá sa leagan sin de:

Bí thusa ‘mo shúile a Rí mhór na ndúl,
Líon thusa mo bheatha mo chéadfaí ‘s mo stuaim,
Bí thusa i m’aigne gach oíche is gach lá,
Im chodladh nó im dhúiseacht, líon mé le do ghrá,
Bí thusa ‘mo threorú i mbriathar ‘s i mbeart
Fan thusa go deo liom is coinnigh mé ceart.
Glac cúram mar Athair, is éist le mo ghuí
Is tabhair domsa áit cónaí istigh i do chroí.

Maidir leis an bhfocal sin “baile” sa teideal Meán-Ghaeilge, scríobh an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha as Ollscoil na hÉireann Gaillimh alt thar a bheith léannta faoi san iris Éigse.

Chruthaigh sí nach “vision” an t-aistriúchán is cruinne air ach “rapture”.

Ní hé sin le rá nach raibh meas mór aici ar an aistriúchán a rinne Eleanor Hull.
Más ainchreidmheach féin mé, feictear dom gur deas an t-iomann atá againn anois i nGaeilge nó i mBéarla. Má cheapann daoine go gcosnóidh sé iad ar an víreas atá ag bagairt orainn faoi láthair nach mór an sólás dóibh é.

Cá bhfios lena chois sin nach nglanfadh sé na sramaí de shúile na mBéarlóirí agus go bhfaighidís léargas sa deireadh ar thábhacht na Gaeilge agus ar an traidisiún fada litríochta atá againne Gaeil.

Fág freagra ar 'Cá bhfios nach nglanfadh ‘Be thou my vision’ na sramaí de shúile na mBéarlóirí?'

  • Eoghan O Neill

    Míle buíochas as an phíosa sin agus ceart iomlán agat. Seóid de chultúr ár bpobail atá ann.

  • Mícheál Ó Sé

    bfhearr liom an leagan i nGaeilge

  • Brian Ó Súilleabháin

    Nuair a bhí Fleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach sa bhliain 2014 bhí cór na hArdeaglaise ag lorg leagan Gaeilge de ‘Be thou my Vision’ le haghaidh Iomann Iontrála. Bhí leagan Uí Dhugáin achu ach ní raibh ach dhá véarsa leis. Tá siúil fada idir doras na hArdeaglaise anseo agus an altór agus níor leor an dá véarsa. Bhí roint aistriúchán ar filiocht Yeats déanta agamsa agus íarrdh orm tabhairt faoi. Chuaidh mé thar n-ais go dtí an bunleagan agus d’aistraigh mé an t-iomlán go Gaeilge an lae inniu. Tá sé i gcló in ‘Scríbhneoirí Cois Teorann 4’ (Coiscéim 2019)