BUISÉAD 2019: Súil le hardú éigin ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu

Meastar gur i mbuiséad caipitil an Údaráis, i gciste na gcomharchumann Gaeltachta agus i gciste na pleanála teanga is mó a fheicfear aon ardú ar chiste Gaeilge i mBuiséad 2019, a fhógrófar inniu

BUISÉAD 2019: Súil le hardú éigin ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu

Meastar go bhfógrófar ardú éigin i mBuiséad an lae inniu ar chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán, ach ní mór an dóchas atá ann gur ardú suntasach a bheidh i gceist.

Meastar gur i mbuiséad caipitil an Údaráis, i gciste na gcomharchumann Gaeltachta agus i gciste na pleanála teanga is mó a fheicfear aon ardú ar bhuiséad na teanga inniu.

Bhí eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ag súil aréir le cruthúnas láidir go bhfuil “tráth na gciorruithe thart” i gcás na teanga, faoi mar a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh anuraidh.

Beifear ag súil chomh maith gur cabhair do chás na teanga sa Bhuiséad é gur fhógair an Rialtas 2018 ina Bliain na Gaeilge agus go mbeidh brú orthu dá réir beart de réir a mbriathair a dhéanamh inniu.

Déanfar tástáil inniu freisin ar dhintiúir stocaireachta an Aire Stáit Joe McHugh a dúirt le déanaí go raibh sé ag “ag troid” chun “an margadh is fearr a fháil don Ghaeilge” i mBuiséad 2019.

Dúirt McHugh chomh maith go raibh “brú ollmhór” á chur aige ar an Aire Airgeadais Paschal Donohoe “aitheantas” níos mó a thabhairt do na comharchumainn Ghaeltachta.

€62.6 milliún a cuireadh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa Bhuiséad anuraidh, méadú €1.9 milliún, nó 3%, ar bhuiséad 2017.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur €9 milliún breise, nó ardú 14%, do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí á lorg ag Fianna Fáil sna cainteanna réamhbhuiséid a bhí acu le Fine Gael mar chuid den socrú muiníne agus soláthair idir an dá pháirtí.

Mhaígh Fianna Fáil anuraidh go raibh orthu “troid mhór a chur suas d’ardú beag” ar mhaoiniú na Gaeilge agus nach raibh aon ardú ar chor bith beartaithe go dtí an deireadh seachtaine roimh an mBuiséad.

€9 milliún breise atá á lorg chomh maith ag Conradh na Gaeilge i mBuiséad 2019, ag áireamh €5 milliún breise in airgead caipitil d’Údarás na Gaeltachta. Tá €2 milliún breise á lorg ag Conradh na Gaeilge don phleanáil teanga agus do chomharchumainn Ghaeltachta agus tá an €2 milliún eile á éileamh d’fhorbairt lárionad Gaeilge san ardchathair, do scéimeanna pobail agus do scéim scoláireachtaí do dhaltaí faoi mhíbhuntáiste a bhíonn ag iarraidh freastal ar na coláistí samhraidh.

€14.028 milliún a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – i mBuiséad 2018, ach is beag seans go dtiocfaidh aon athrú air sin mar gheall ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Tá Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra ag iarraidh go gcuirfí sruthanna maoinithe eile ar fáil don teanga ionas nach mbeidh an Ghaeilge thíos leis an bhfolús polaitiúil in Stormont.

€9.674m breise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin atá sa bhuiséad ailtéarnach a d’fhoilsigh Sinn Féin le déanaí.

Tá an Chomhairle Um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus páirtithe an fhreasúra ag iarraidh chomh maith go dtabharfaí ar ais an scéim deontais faoina d’íoctaí as an tréimhse a chaitheann ábhar oidí sa Ghaeltacht. Is ar éigean, áfach, a chuirfear ar leataobh an €1.8 milliún a theastódh chun an scéim sin a thabhairt ar ais agus é ráite go minic ag an Aire Oideachais agus Scileanna nach bhfuil an t-airgead ann chuige.

Beifear ag súil chomh maith inniu le fógra maidir le maoiniú breise do chuir i bhfeidhm Pholasaí Oideachais na Gaeltachta agus do bheartais eile i dtaobh an ghaeloideachais atá geallta i bPlean Gníomhaíochta Gaeilge an Rialtais.

Beidh TG4 ag súil le dea-scéala inniu chomh maith agus é ráite cheana ag Ard-Stiúrthóir TG4 go dtiocfadh “an pointe go dtosófaí ag dó ola agus go dteipfeadh ar an inneall” mura gcuirfí maoiniú breise ar fáil don stáisiún.

Mhol an BAI an tseachtain seo caite go dtabharfaí €6 milliún breise in aghaidh na bliana do TG4 agus iad den tuairim nach mbeidh an stáisiún inmharthana má bhíonn siad taobh leis an maoiniú atá acu faoi láthair. Má tá ardú i ndán do TG4 inniu, ní dócha go mbeidh sé chomh mór sin, áfach.

€178 milliún, thart ar 78 milliún breise, atá geallta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin as seo go ceann deich mbliana sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Gealltar sa phlean sin go n-ardófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta de réir a chéile sa chaoi is go mbeidh €12 milliún in aghaidh na bliana ann faoin mbliain 2028.

€7 milliún a cuireadh ar leataobh do bhuiséad caipitil an Údaráis i mBuiséad na bliana seo caite. In 2008, sular tosaíodh ar bhuiséad na heagraíochta Gaeltachta a chiorrú, bhí buiséad caipitil €25.5 milliún aige.

De réir tuarascála a d’fhoilsigh an grúpa Teacht Aniar níos túisce i mbliana, in ainneoin chiorruithe na géarchéime bhí an buiséad caipitil a bhí ag Roinn na Gaeltachta a dhá oiread níos mó le linn na tréimhse 20 bliain idir 2006-2017 ná mar atá an buiséad atá geallta dóibh don tréimhse 10 mbliana amach romhainn.

De réir na hanailíse a rinne Teacht Aniar ar an gcaiteachas stáit ar chúrsaí teanga, idir 2009 go 2013, nuair ba mheasa an ghéarchéim eacnamaíochta, tháinig laghdú 16.6% ar an meán gach bliain ar chaiteachas an stáit, ach laghdú 33% a bhí i gceist i gcás na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán.

An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn buiséid bhliantúla Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, rud atá ag cruthú deacrachtaí i dtaobh an Fhorais ó tharla nach bhfuil institiúid Stormont ag feidhmiú faoi láthair.

Roimhe sin, idir 2011-2016,  tháinig laghdú 32% ar na buiséid a ceadaíodh don bhForas Teanga agus ar éigean a tháinig aon athrú ar bhuiséad na heagraíochta ó shin.

Fág freagra ar 'BUISÉAD 2019: Súil le hardú éigin ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu'

  • Pól Ó Braoin

    … tháinig laghdú 16.6% ar an meán gach bliain ar chaiteachas an stáit, ach laghdú 33% a bhí i gceist i gcás na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán…
    Tá scéal stádas na teanga agus lucht a labhartha le feiceáil go soiléir sa méid sin féin…