Buíochas mór le Dia go bhfuil na scoileanna ag oscailt arís…

Spreag eachtra sa chistin cuimhne mhilis inár gcolúnaí faoi laethanta a hóige féin

Buíochas mór le Dia go bhfuil na scoileanna ag oscailt arís…

Buíochas mór le Dia go bhfuil na scoileanna ag oscailt arís an tseachtain seo chugainn, más de réir a chéile féin é. Níl mé ag iarraidh a rá go bhfuil muid imithe i dtigh an diabhail uilig ach tá muid imithe leath bealaigh ann agus b’fhéidir ruainne beag thairis.

Thuig mé go raibh rudaí ag titim as a chéile nuair a thosaigh mé ag tabhairt faoi deara go raibh go leor gráinníní siúcra doirte ar fud an urláir chuile thráthnóna.

Ní raibh mé in ann aon mheabhair a bhaint as, ná as na claiseanna móra sa bpunt ime nó gur tháinig mé ar an gCailín Mór Beag maidin amháin agus an babhla siúcra ar thaobh amháin di, an t-im ar an dtaobh eile di agus í sna flaithis.

Chuimhnigh mé ar mhaidin eile i bhfad siar nuair a bhí mé féin thart ar an aois chéanna is atá sise anois agus mé ar cuairt ar mo chol ceathracha.

Bhí mála mór siúcra ar bharr an chuisneora acu agus an t-aon bhealach a bhí ann le dul chomh fada leis ná do dhroim a chur leis an mballa is do chosa a chur ar aghaidh an chuisneora agus thú fhéin a ropadh suas idir an péire.

Misean rúnda a bhí ann agus ceann contúirteach freisin. Dá mbéarfaí orainn seans maith go mbeadh sleaiseanna á ndáileadh agus tóiníní á ndeargadh (bhí an saol difriúil an t-am sin).

Thit dualgas na dreapadóireachta ormsa. Bhí mo chol ceathrar ar an urlár fúm agus builín bán faighte aici agus é d’aidhm againn ceapairí siúcra a dhéanamh.

Leath bealaigh tríd an misean shiúil a deirfiúirín óg isteach.

‘Céard atá sibh ag déanamh?’ a d’fhiafraigh sí dínn. ‘Sssshhhh,’ a d’fhógair muid uirthi. ‘Ná habair tada!’

‘Bhfuil sibh ag tógáil an tsiúcra?’ a d’fhiafraigh sí ansin.

‘Sssshhhh! Níl muid ag déanamh tada,’ a deir mo chol ceathrar agus bhuail sí doirnín ar dhroim na láimhe ar an spiaire beag.

‘Tá mé a’ gabháil á insint do Mhamaí!’ a deir an spiaire ansin agus í ar tí tosú ag caoineadh.

‘Ssshhh!’ a deir mo chol ceathrar, ‘Seo, tabharfaidh muid ceann duit má bhíonn tú ciúin.’

Bhreathnaigh sí ar an mbuilín agus suas ormsa agus mé beagnach ag barr an chuisneora is mé in ann breith ar an mála siúcra.

‘Ok,’ a deir sí, ‘coinneoidh mise súil amach.’

‘Tabhair dom píosa aráin,’ a d’ordaigh mé do mo chomhghleacaí thíos.

Thosaigh mé ag scúpáil siúcra le lámh amháin agus an lámh eile i ngreim san aráin agus mo chosa is mo dhroim fáiscthe idir an bhalla agus an cuisneoir sa gcaoi is nach dtitfinn. Ní fheicfeá aclaíocht dá leithéid ag na cluichí Oilimpeacha.

An t-aon chaoi le ceapaire siúcra a dhéanamh ná an dhá slisín a bhrú le chéile go dtí go ngreamaíonn siad le chéile le nach dtitfidh an siúcra amach na taobhanna.

‘Ok, tabhair dom píosa eile,’ a d’ordaigh mé agus thosaigh ar an bpróiseas brúite.

Lean muid orainn mar sin go dtí go raibh trí nó cheithre cinn déanta againn agus thosaigh mé ag déanamh mo bhealaigh síos arís. Is cuimhin liom na gráinníní siúcra ag cnagarnach faoi mo bhoinn ar an urlár.

‘Cá n-íosfaidh muid iad?’ a d’fhiafraigh mé de mo chol ceathrar.

Ní raibh muid imithe chomh fada sin leis an bplean, is dóigh nár cheap muid go n-éireodh linn.

‘Níl a fhios agam,’ a deir sí, ‘b’fhéidir amuigh sa ngarraí.’

Is ansin a chuala muid coiscéimeanna amuigh sa halla agus iad ag déanamh ar an gcistineach.

‘Cá’l sibh i bhfolach?’ a d’fhógair m’aintín.

Bhí muid réidh. Rug mo chol ceathrar ar na ceapairí, rug mise ar an spiaire beag agus thosaigh á tarraingt liom i dtreo an dorais chúil.

’Rith rith, rith go beo!’

Fág freagra ar 'Buíochas mór le Dia go bhfuil na scoileanna ag oscailt arís…'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    :-) :-) :-)